Is tír í an Bheilg (Ísiltíris: België, Fraincis: Belgique, Gearmáinis: Belgien) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an nGearmáin, Lucsamburg, an bhFrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bheilg
Koninkrijk België (nl)
Royaume de Belgique (fr)
Königreich Belgien (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnThe Brabançonne (1830) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Unity makes strength (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilcailleach dhearg Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósBelgae agus Gallia Belgica (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 50°38′28″N 4°40′05″E / 50.6411°N 4.6681°E / 50.6411; 4.6681

PríomhchathairAn Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán11,584,008 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús377.48 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ollainnis
an Fhraincis
an Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa Comhghuaillithe sa Chéad Chogadh Domhanda
Benelux
Na Tíortha faoi Thoinn
An Eoraip
Aontas Eorpach
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla30,688 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce0.8 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mhuir Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeSignal de Botrange (en) Aistrigh (694 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleDe Moeren (−4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Aontaithe na hÍsiltíre Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú4 Deireadh Fómhair 1830
Eachtra thábhachtach
Belgian Revolution (en) Aistrigh (4 Deireadh Fómhair 1830)
Treaty of London (en) Aistrigh (19 Aibreán 1839) Cuir in eagar ar Wikidata
Saoire phoiblí
ÉarlamhNaomh Iósaf Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil agus monarcacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinFederal Government of Belgium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachBelgian Federal Parliament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Rí na mBeilgeach Cuir in eagar ar WikidataErasme Louis Surlet de Chokier (1831–1831) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Beilge Cuir in eagar ar WikidataAlexander De Croo (2020–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil na Beilge Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil599,880,000,000 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.be Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+32 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 100, 101 agus 102 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreBE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSBE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbelgium.be Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Belgium.be Twitter: belgiumbe Instagram: belgium Youtube: UCZzMKUSb2sRh8gd4fRsWHzA Youtube: WebmasterBelgiumbe Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainnise sa tuaisceart, Flóndras) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, An Vallúin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire polaitiúla.

Trí theanga oifigiúil atá sa Bheilg: An Ísiltíris (tuairim is 60%), an Fhraincis (tuairim is 40%), agus an Ghearmáinis (níos lú ná 1%).

Is ballstát den Aontas Eorpach í an Bheilg.

Stair cuir in eagar

Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treibheanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Phléimeannais, an Bhrabantais agus an Liombuirgis (canúintí de chuid na hÍsiltírise) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha i dtuaisceart an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa agus ar an taobh eile teanga Picard agus an Vallúinis (teangacha de chuid na dteangacha Rómánsacha) i ndeisceart an réigiúin seo. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misin ann.

 
Cloigtheach Brugge

Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblacht na hOllaine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír. Ach fós cloistear an logainm: Ísiltír na Spáine.

Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Ísiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.

De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcoilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhantrach an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa choilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an tírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmainn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an choilíneacht a chur i lámha an stáit.

Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Dhomhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa.

Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na Pléimeanaise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.

Comhphobal agus Réigiúin cuir in eagar

Tá an rialtas cónaidhme bunaithe ar na réigiúin agus a theangacha:

  1. An Rialtas Cónaidhmeach, sa Bhruiséil
  2. Trí réigiún: Réigiún Fhlóndras (tá cúig chúige ann), Réigiún na Vallúine (cúig chúige) agus Réigiún na Bruiséile.
  3. Trí chomhphobal bunaithe ar na teangacha:

Eacnamaíocht cuir in eagar

Úsáidtear an euro mar airgeadra sa Bheilg. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Beilge an 37ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 25ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 25ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an mBeilg, é ar $46,301 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Bheilg an 16ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an naoú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Bheilg an 16ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 5.7%, an 17ú leibhéal is fearr san Aontas Eorpach.[2]

Nasc seachtrach cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.