Is planda bliantúil é an Papaver rhoeas, le hainmneacha coitianta lena n-áirítear an chailleach dhearg[1] agus an cocán dearg, a fhásann 60 cm díreach ar airde, agus a tháirgeann laitéis bhán. Dúchasach don Eoraip is an Áise, agus tugtha isteach i dtíortha eile. Na duilleoga roinnte colgach; na bláthanna cruinn le 4 pheiteal geal scarlóideach, uaireanta le bunphaiste dorcha; an capsúl i gcruth piobaráin le fáinne poll timpeall an imill. B'fhiaile fhorleathan í tráth, na síolta suanach sa talamh ar feadh cuid mhaith blianta, ag teacht chun cinn go tapa nuair a d'iompaítí an ithir i dtalamh insaothraithe nó suaite. Tá sí ag dul i léig anois le teicníochtaí feabhsaithe talmhaíochta. Is siombail bhrónach í den chéad chogadh domhanda, mar bhláthaigh cailleacha dearga sna páirceanna áir a bhí suaite ag buamáil, cath is bás.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPapaver rhoeas Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRanunculales
FinePapaveraceae
GéineasPapaver
SpeiceasPapaver rhoeas Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753


Tagairtí cuir in eagar

  1. “Papaver rhoeas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cailleach dhearg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 105.