Siombail
Comhartha a sheasann do rud eile, de réir comhghnáis, an chiall sin ar leith leis i measc an phobail a thuigeann is a ghlacann leis an gcomhghnás.
Mar shampla, úsáid an datha dubh nó bán mar chomhartha dobhróin.
I gcás siombailí eolaíochta sa cheimic is eile, glactar leo beagnach ar fud an Domhain mar chomharthaí fosaithe cinnte.
I réimsí eile ní mar sin a bhíonn, agus is féidir bríonna éagsúla a bhaint as siombail ar bith. Go minic bíonn sé seo bunúsach, mar shampla, sa litríocht.[1]
Scannánaíocht
cuir in eagarSa scannánaíocht is éard atá i gceist le siombail ná rud a bheith in úsáid chun coincheap a chur in iúl, mar shampla rós dearg a bheith ag seasamh don fhíorghrá.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Siombail". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 601.
- ↑ IFI (2022). "Treoir / Staidéar".
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |