Euro
Is é an euro[1] an t-airgeadra i gcás mórchuid de mhuintir na hEorpa[2] (siombail: €; cód ISO 4217 EUR).[3][4]
Críocha infheidhme | |
---|---|
an Ostair (1 Eanáir 2002 - ) an Bheilg (1 Eanáir 2002 - ) an Chipir (1 Eanáir 2008 - ) an Ísiltír (1 Eanáir 2002 - ) an Eastóin (1 Eanáir 2011 - ) an Fhionlainn (1 Eanáir 2002 - ) an Fhrainc (1 Eanáir 2002 - ) an Ghearmáin (1 Eanáir 2002 - ) an Ghréig (1 Eanáir 2002 - ) Éire (1 Eanáir 2002 - ) an Iodáil (1 Eanáir 2002 - ) an Laitvia (1 Eanáir 2014 - ) an Liotuáin (1 Eanáir 2015 - ) Lucsamburg (1 Eanáir 2002 - ) Málta (1 Eanáir 2008 - ) Monacó (1 Eanáir 2002 - ) an Phortaingéil (1 Eanáir 2002 - ) San Mairíne (1 Eanáir 2002 - ) an tSlóvaic (1 Eanáir 2009 - ) an tSlóivéin (1 Eanáir 2007 - ) an Spáinn (1 Eanáir 2002 - ) Cathair na Vatacáine (1 Eanáir 2002 - ) Andóra (1 Aibreán 2012 - ) an Chosaiv ( - ) an Chróit (1 Eanáir 2023 - ) Montainéagró ( - ) | |
Tréithe | |
Cód ISO 4217 | EUR |
Carachtar Unicode | 💶 agus € |
Giorrúchán nó siombail | € |
Banc ceannais | Banc Ceannais Eorpach |
Ráta malairte | 1.95583 marg inmhalartaithe () 655.957 franc CFA na hAfraice Láir () 655.957 franc CFA Iarthar na hAfraice () 491.96775 franc Oileáin Chomóra () 7.46038 krone na Danmhairge () 24.5 dobra São Tomé agus Príncipe () 1.95583 lev na Bulgáire () 1.017 dollair na Stát Aontaithe (5 Lúnasa 2022) 1.12565 dollair na Stát Aontaithe (13 Feabhra 2016) 1.0859 dollair na Stát Aontaithe (31 Nollaig 2015) 1.2101 dollair na Stát Aontaithe (31 Nollaig 2014) 1.3779 dollair na Stát Aontaithe (31 Nollaig 2013) 1 Aonad Airgeadra Eorpach () 0.87165 puint steirling (6 Márta 2020) 1.1901 dollair na Stát Aontaithe (23 Samhain 2020) |
Croineolaíocht | |
1 Eanáir 2002 agus 1 Eanáir 1999- | |
← scilling na hOstaire, franc na Beilge, punt na Cipire, gildear na hOllainne, coróin na hEastóine, markka na Fionlainne, franc na Fraince, Deutsche Mark, drachma na Gréige, punt Éireannach, lira na hIodáile, lats na Laitvia, litas na Liotuáine, franc Lucsamburg, lira Mhálta, franc Mhonacó, escudo na Portaingéile, lira San Mairíneach, koruna na Slóvaice, tolar na Slóivéine, peseta, lira na Vatacáine, Aonad Airgeadra Eorpach agus kuna na Cróite | |
Tuilleadh eolais | |
ID wurvoc.org | euro |
Tháinig an euro de thoradh an athchóiriú airgeadais ba thábhachtaí san Eoraip ón Impireacht Rómhánach i leith.
Cé gur féidir an euro a mheas mar áis chun an Cómhargadh Eorpach a aontú trí shaorthrádáil idir na ballstáit a éascú, shíl lucht a bheartaithe go mbeadh dlúthbhaint aige le comhaontú polaitiúil na hEorpa.
Limistéar an euro
cuir in eagarBaintear feidhm as an euro i naoi mballstát déag de chuid an Aontais Eorpaigh (AE):
- an Bheilg,
- an Chipir,
- An Eastóin,
- Poblacht na hÉireann,
- an Fhionlainn,
- an Fhrainc,
- an Ghearmáin,
- an Ghréig,
- an Iodáil,
- an Ísiltír,
- An Laitvia,
- An Liotuáin,
- Lucsamburg,
- Málta,
- an Ostair,
- an Phortaingéil,
- an tSlóivéin,
- an tSlóvaic, agus
- an Spáinn.
Tugtar limistéar an euro ar an ngrúpa seo.
Riar an euro
cuir in eagarIs iad na forais a riarann an euro an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) a riarann an euro, agus príomhoifig aige in Frankfurt am Main sa Ghearmáin, agus bainc cheannais na mballstát mar chuid den Eorachóras. An CEBC amháin a shocraíonn an beartas airgeadais. Tá an tEorachóras freagrach as bualadh, clóbhualadh agus dáileadh an euro agus riar na gcóras íoctha san eorailimistéar.
Chuir Conradh Maastricht na bliana 2002 iachall ar fhormhór na mballstát an euro a úsáid dá gcomhlíonfaí roinnt coinníollacha airgeadais agus buiséid, cé nach ndearna na ballstáit uile amhlaidh.
Dearadh
cuir in eagarTá céad ceint san euro. Tá dhá thaobh ar na boinn: taobh coiteann a thaispeánann léarscáil agus luach an bhoinn forshuite uirthi, agus taobh náisiúnta a thaispeánann íomhá a bhaineann le tír ar leith. Is féidir bonn euro de chuid ballstáit ar bith a úsáid in aon bhallstát eile.
Tá íomhá choiteann ar gach taobh de na nótaí: tá a dhath féin ar gach nóta, agus tréimhse áirithe d'ailtireacht na hEorpa á léiriú ann. Bíonn fuinneoga nó geataí ar aghaidh an nótaí agus droichid ar a chúl.
Rátaí
cuir in eagarShocraigh Comhairle an Aontais Eorpaigh na bunrátaí malairte de réir molaidh a thug an Coimisiún Eorpach i bhfianaise rátaí margaidh ar 31 Nollaig 1998. Socraíodh gurbh ionann aon Ionad Eorpach Airgeadra (ECU4) amháin agus euro amháin. Níorbh airgeadra é an ECU féin ach ionad cuntasóireachta de chuid an AE agus é bunaithe ar airgeadraí na mballstát. Níorbh fhéidir an socrú a dhéanamh níos luaithe toisc go raibh an IEA taobh le ráta malairte deiridh na n-airgeadraí neamh-euro (go háirithe an punt steirling) an lá sin.
Malartaíodh nótaí agus boinn na sean-airgeadraí ar an euro ar feadh timpeall dhá mhí go dtí 28 Feabhra 2002. An dáta a stad na hairgeadraí úd de bheith ina n-airgead dlíthairgthe bhí sé de réir na mballstát féin. Ó tugadh an euro isteach tá sé ar an airgeadra cúlchiste is coitianta ar domhan cé is moite den dollar Meiriceánach.
Buntáistí
cuir in eagarSíleadh riamh gurb é an buntáiste is mó a bhainfeadh le hairgeadra aontaithe fáil réidh le costas malartaithe, rud a ligfeadh do lucht gnó tráchtáil a dhéanamh a bhí neamhthairbheach roimhe sin.
Bhíothas ag súil freisin go mbeadh margaí airgeadais i bhfad níos leachtaí ná mar a bhí. Thaispeáin iarsmaí éigin de ghábh airgeadais na bliana 2008, áfach, go bhféadfadh deacrachtaí ballstát amháin drochrian a fhágáil ar an gcóras uile, go háirithe i gcás na Gréige.
Stair
cuir in eagarAr 1 Eanáir 1999, seoladh an euro mar 'aonad cuntais' na hEorpa, in úsáid ar pháipéar in go leor oibríochtaí airgeadais. Ach nach raibh sé fós ar fáil in airgead tirim (nótaí bainc). Ar 4 Eanáir 1999, tháinig an euro ar mhalartáin airgeadais na hEorpa an chéad uair, mar airgeadra fíorúil, cé nach raibh sé ann go fóill i bhfoirm nithiúil. Tharla sé sin in Eanáir 2002.
Rátaí malairte
cuir in eagarSocraíodh rátaí malairte na n-airgeadraí náisiúnta leis an euro i dtíortha limistéar an euro ar an 31 Nollaig 1998.
Is ionann euro amháin agus:
- 1.95583 Deutsche Mark na Gearmáine (Socraithe, 1998)
- 340.750 Drachma na Gréige (Socraithe, 2000)
- 200.482 Escudo na Portaingéile (Socraithe, 1998)
- 40.3399 Franc na Beilge (Socraithe, 1998)
- 6.55957 Franc na Fraince (Socraithe, 1998)
- 40.3399 Franc Lucsambuirg (Socraithe, 1998)
- 2.20371 Gulden na hÍsiltíre (Socraithe, 1998)
- 15,6466 Kroon na Eastóine (Socraithe, 2011)
- 7,53540 Kuna na Chróitis (Socraithe, 2023)
- 0,702804Lat na Laitvie (Socraithe, 2014)
- 3,45280 Litas na Liotuáine (Socraithe, 2015)
- 1936.27 Lira na hIodáile (Socraithe, 1998)
- 5.94573 Markka na Fionlainne (Socraithe, 1998)
- 166.386 Peseta na Spáinne (Socraithe, 1998)
- 0.787564Punt na hÉireann (Socraithe, 1998)
- 13.7603 Schilling na hOstaire (Socraithe, 1998)
- 239.640 Tolar na Slóivéine (Socraithe, 2006)
- 0.585274Pound na Cipire (Socraithe, 2007)
- 0.429300Lira Mhálta (Socraithe, 2007)
Lasmuigh den AE
cuir in eagarÚsáidtear an euro chun fiacha a íoc i dtíortha Eorpacha lasmuigh den AE, leithéidí Mhontainéagró agus na Cosaive.
An Franc na Fraince a bhí in úsáid i Monacó roimh theacht an euro, agus an lira a bhí á úsáid i San Mairíne agus i gCathair na Vatacáine agus i Andóra. As an euro a bhaintear feidhm sna tíortha úd anois, agus cead acu boinn euro dá gcuid féin a bhualadh, cé nach ballstáit den Aontas Eorpach iad.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Banc Ceannais Eorpach (Béarla)
- Bancnótaí euro (Béarla)
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ""euro"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-21.
- ↑ https://europa.eu/european-union/about-eu/history_ga
- ↑ I nGaeilge úsáidtear an leagan "euro" san uatha agus san iolra, agus fuaimnítear é mar a dhéantar i mBéarla. Sna 1990idí, bhí an leagan "eoró" ann freisin. Mhol an Roinn Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh leaganacha "nádúrtha" a úsáid sna 1990idí, agus i nGaeilge is é "eoró" an leagan nádúrtha is coitianta (eorónna san iolra), agus bhí "ceint" sna foclóirí ó thús na seascaidí ar a laghad. Ní bhainnean úsáid as sa chaint, áfach, agus úsáideann Rialtas na hÉireann "euro" agus "cent" i nGaeilge.
- ↑ - "Euro or eora? Cent or ceint? The new currency and Ireland" (First published in Irish in An Aimsir Óg 2001, vol 2. Baile Átha Cliath: Coiscéim. ISSN 1393-9351) Access date: 2008-02-28