Tír thalamhiata atá suite i lár na hEorpa is ea an tSlóvaic (Slóvaicis: Slovensko), nó, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, Poblacht na Slóvaice (Slóvaicis: Slovenská republika). Is í an Bhratasláiv an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Is iad Poblacht na Seice, an Ostair, an Ungáir, an Pholainn agus an Úcráin na tíortha a roinneann teorann léi. Tá daonra 5 milliún inti agus is é achar an stáit 49,000 km2. Tá an tír ina ball den AE, NATO, OECD, WTO, agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chomh maith.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSlóvaic
Slovenská republika (sk) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnNad Tatrou sa blýska Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Travel in Slovakia - Good idea» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 49°N 20°E / 49°N 20°E / 49; 20
Tír stairiúilAn Chéad Phoblacht Sheicslóvacach Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAn Bhratasláiv Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,449,270 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús111.13 hab./km²
Teanga oifigiúilan tSlóvaicis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirthear na hEorpa
Aontas Eorpach
an Eoraip Láir
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla49,035 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMorava, An Danóib, Ipoly, Tisza, Poprad, Dunajec, Orava (en) Aistrigh, Białka agus Váh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeGerlachovský štít (en) Aistrigh (2,654.4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleBodrog (94 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice agus Slovak Republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú14 Márta 1939
1 Eanáir 1993
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Slóvaice Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachNational Council of the Slovak Republic (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Slóvaice Cuir in eagar ar WikidataMichal Kováč (1993–1998) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Slóvaice Cuir in eagar ar WikidataRobert Fico (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil118,656,591,909 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.sk Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+421 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 150, 155 agus 158 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreSK Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSSK Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinslovakia.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig na Slavaigh go dtí críocha na Slóvaice idir an 5ú haois agus an 6ú haois. Bhí ceantair éagsúla den tír mar chuid d'Impireacht Samo, den Mhór-Mhoráiv (céad aonad polaitíochta na Slavach), de Ríocht na hUngáire, d'Impireacht Hapsburg, agus den tSeicslóvaic ag amanna difriúla i stair na hEorpa. Bhain sí a neamhspleáchas amach ar an 1 Eanáir 1993, i ndiaidh dhíscaoileadh na Seicslóvaice.

Stair na Tíre cuir in eagar

Ó thimpeall 450 RCh, bhí na Ceiltigh ina gcónaí sa cheantar agus thóg siad oppida cumhachtacha saBhratasláiv agus in Havránok. Is iad na Biatecs, boinn airgid a raibh ábhar scríofa in aibítir na Laidine greanta orthu, an chéad phíosa d'fhianaise den scríbhneoireacht sa tír. Le méadú Impireacht na Róimhe bhí urphoist na himpireachta suite timpeall Abhainn na Danóibe. Bhí Ríocht Vannius, ríocht treibheacha barbaracha ar bhunaigh an treibh Ghearmánach Quadi í, suite in oirthear agus i lár na tíre ó 20 go 50 AD.

Na Stáit Shlavacha cuir in eagar

Bhí na Slavaigh ina gcónaí san áit faoin 5ú haois. Bhí oirthear na Slóvaice mar lár ar Impireacht Samo sa 7ú haois. D'fhás stát Slavach, darbh ainm Prionsacht Nitra, san 8ú haois, agus bhunaigh an chéad rialtóir Pribina an chéad séipéal Críostaí ann sa bhliain 828. Chomh maith leis an Mhoráiv, bhí an phrionsacht seo mar chroílár Impireacht Mhór na Moráive ó 833.

An Ríocht Ostra-Ungárach cuir in eagar

 
Caisleán Bojnice - Bojnice, An tSlóvaic

Tar éis dhínascadh Impireacht Mhór na Moráive ag tús an 10ú haois, thosaigh na Maigiaraigh ag forghabháil tailte na Slóvaice agus faoi dheireadh na haoise bhí cuid mhaith d'oirdheisceart na tíre faoi riail Phrionsacht na hUngáire agus ina dhiaidh sin faoi riail Ríocht na hUngáire. Faoi c.1300 bhí cuid mhaith den tír sa ríocht seo. Ar feadh dhá aois i ndiaidh sin bhí féinriail acu faoi Nitra (fós i Ríocht na hUngáire).

Rinne na Mongólaigh ionradh ar an áit sa bhliain 1241. Chomh maith leis sin, tháinig laghdú suntasach ar an líon daoine mar gheall ar ghorta a tharla ann. Sa bhliain 1467, bhunaigh Matthias Corvinus an chéad ollscoil sa Bhratasláiv, ach níor mhair sé.

De bharr fhás na hImpireachta Otamánaí aistríodh lár Ríocht na hUngáire go dtí an Bhratasláiv, agus rinneadh í ina príomhchathair de Ríocht na hUngáire sa bhliain 1536. Lean léi mar phríomhchathair na tíre faoin monarcacht Habsburg go dtí 1848.

I rith réabhlóid 1848-49 thug na Slóvacaigh tacaíocht d'Impire na hOstaire toisc nach raibh siad ag iarraidh a bheith mar chuid den Ungáir. Theip orthu, agus cuireadh iad faoi chois rialtas na hUngáire le blianta ina dhiaidh.

An 20ú haois cuir in eagar

Sa bhliain 1918, chuaigh an tSlóvaic leis an mBoihéim agus an Moráiv chun tír nua, an tSeicslóvaic, a chruthú. D'ionsaigh rialtas sealadach na hUngáire an tír agus forghabhadh 1/3 den tír.

Agus an Dara Chogadh Domhanda ar na bacáin, briseadh suas an tír. Bhunaigh na Faisistigh faoina gceannaire, Jozef Tiso, an chéad phoblacht Slóvaicigh, agus d'fhorógair siad a neamhspleáchas ón tSeicslóvaic sa bhliain 1939. Ach ní raibh ann ach rialtas soip a bhí ar teaghrán ag na Naitsithe. Cuireadh tús le gluaiseacht fhíochmhar frithbheartaíocha in aghaidh na Naitsithe, Éirí Amach Náisiúnta na Slóvacach in 1944. Tháinig forghabháil fhuilteach, agus cogadh cathartha, sna sála air sin. Díbríodh cuid mhaith den phobal Giúdach as an tír agus ba mhar a shlogfadh an talamh iad an tslí inar imigh siad gan tásc ná tuairisc le linn aimsir an Uileloiscthe.

I ndiaidh an Dara Chogadh Domhanda, crochadh Jozef Tiso sa bhliain 1947 agus cruthaíodh an tSeicslóvaic den athuair. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh an tAontas Sóivéadach i bhfeidhm ar an tír agus de réir a chéile rinneadh an tír ina cuid de chónaidhm na dtíortha Cumannacha uile.

Cuireadh deireadh le réimeas na gCumannaithe in 1989, le linn na réabhlóide síochánta sin, an Réabhlóid Veilbhit, agus lánscoireadh an tír arís. Rinneadh dhá thír dhifriúla den tSeicslóvaic: Poblacht na Seice; agus an tSlóvaic ar an 1 Eanáir, 1993. Sa lá atá inniu ann, tá an tír ina ballstát den Aontas Eorpach ó bhí mí na Bealtaine 2004 ann.

Réigiúin na Tíre cuir in eagar

Tá an tír roinnte in 8 kraje (nó réigiún). Ainmnítear iad as an bpríomhchathair atá sa réigiún. Tá roinnt mhaith áirithe féinrialuithe ag na limistéir seo ó bhí 2002 ann. Seo a leanas liosta de na limistéir:

  1. Limistéar na Bratasláive (Bratislavský kraj)
  2. Limistéar Trnava (Trnavský kraj)
  3. Limistéar Trenčín (Trenčiansky kraj)
  4. Limistéar Nitra (Nitriansky kraj)
  5. Limistéar Žilina (Žilinský kraj)
  6. Limistéar Banská Bystrica (Banskobystrický kraj)
  7. Limistéar Prešov (Prešovský kraj)
  8. Limistéar Košice (Košický kraj)
 

Tá na "kraje" seo roinnte arís ina n-okresy nó tuathcheantair, a bhfuil 79 díobh san iomlán.

Maidir leis an eacnamaíocht agus an dífhostaíocht, tá na réigiúin oirthearacha níos saibhre ná na réigiúin iartharacha ach níl an difríocht seo róshuntasach i gcomparáid le difríochtaí réigiúnacha atá i dtíortha eile.

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar