An Pholainn

Tír in Oirthear na hEorpa

Tír í an Pholainn (Polainnis: Polska), nó Poblacht na Polainne (Polainnis: Rzeczpospolita Polska), mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt. Tá sí ag críochantacht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Pholainn
Rzeczpospolita Polska (pl)
Polska (pl) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnMazurek Dąbrowskiego (26 Feabhra 1927) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Move your imagination» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósPolans (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52°N 19°E / 52°N 19°E / 52; 19

PríomhchathairVársá Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán38,382,576 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús122.75 hab./km²
Teanga oifigiúilan Pholainnis (teanga oifigiúil)
an Bhealarúisis (auxiliary language (Poland) (en) Aistrigh)
Silesian (en) Aistrigh (auxiliary language (Poland) (en) Aistrigh)
Kashubian (en) Aistrigh (auxiliary language (Poland) (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Eoraip Láir
Oirthear na hEorpa
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Aontas Eorpach (2004–) Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla312,683 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce2.6 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Bhailt, An Oder, Lusatian Neisse (en) Aistrigh, Jizera, Divoká Orlice (en) Aistrigh, Opava, Olza, Orava (en) Aistrigh, Białka, Dunajec, Poprad, Western Bug (en) Aistrigh, An Viostúile agus Noteć Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeRysy (en) Aistrigh (2,499 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleŻuławy Wiślane (en) Aistrigh (−1.8 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
an Ghearmáin
an Rúis (1991–)
an Liotuáin (1991, 1918–1939)
an Úcráin (1991–)
an Bhealarúis (1991–)
an tSlóvaic (1993–)
Poblacht na Seice (1993–) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síCongress Poland (en) Aistrigh, Regency Council (en) Aistrigh, Republic of Tarnobrzeg (en) Aistrigh, Rada Narodowa Księstwa Cieszyńskiego (en) Aistrigh agus Daonphoblacht na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 10 haoisTír
11 Samhain 1918Stát ceannasach
Saoire phoiblí
ÉarlamhAdalbert of Prague (en) Aistrigh agus Stanislaus of Szczepanów (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscóras parlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinCouncil of Ministers (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Polainne Cuir in eagar ar WikidataWojciech Jaruzelski (1989–1990) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Polainne Cuir in eagar ar WikidataDonald Tusk (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Polainne Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil679,441,900,611 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrazłoty (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.pl Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+48 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 986, 998, 999 agus 997 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tírePL Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSPL Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: polska Twitter: poland Cuir in eagar ar Wikidata

Ainm na tíre cuir in eagar

Tugann na Polannaigh féin Polska ar a dtír dhúchais ina dteanga féin. Tá an t-ainm seo bunaithe ar Polanie, is é sin, treibh de Shlavaigh a raibh cónaí orthu ar mhachairí móra na tíre fadó. Ciallaíonn an focal féin pole "páirc" nó "machaire" sa teanga. Tá ainmneacha na tíre i dteangacha eile fréamhaithe ón tamhan céanna, cé is moite de chúpla eisceacht: Lehistan a thugtar ar an bPolainn sa Tuircis, Lengyelország san Ungáiris, agus Lenkija sa Liotuáinis. Tá na hainmneacha seo bunaithe ar ainm treibhe eile, mar atá, Lędzianie. Bhí an treibh seo ag cur fúithi i gcríocha oirthuaisceartacha na Polainne de réir mar a bhreathnaíonn an tír inniu.

Is é ainm oifigiúil na tíre ná Rzeczpospolita Polska. Ní úsáidtear an focal dúchasach sin rzeczpospolita mar théarma Polainnise ar phoblacht ach le tagairt a dhéanamh do phoblacht na Polainne. Na poblachtaí eile, cosúil le hÉirinn, tugtar republika orthu. Le fírinne, níl i rzeczpospolita féin ach aistriú focal ar fhocal ar respublica na Laidine, nó ciallaíonn an dá fhocal gnó poiblí.

An Córas Polaitíochta cuir in eagar

I ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht pharlaiminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa pharlaimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mbliana. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar Zgromadzenie Narodowe nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na parlaiminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.

Bhí páirtithe éagsúla sa pharlaimint i mblianta an Chumannachais féin, cosúil le páirtí na bhfeirmeoirí (SL - Stronnictwo Ludowe nó Páirtí an Phobail) agus páirtí oifigiúil na gCaitliceach (PAX). Ba é an Páirtí Cumannach, nó Polska Zjednoczona Partia Robotnicza - "Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne" - a bhí i mbun na gcúrsaí dháiríre, áfach. Ba é an ficsean oifigiúil go raibh an páirtí sin cruthaithe ag na Cumannaigh agus ag na Sóisialaigh Dhaonlathacha in éineacht - sin é an chúis go raibh an t-ainm sin air.

Tá tionchar nach beag ag na hiar-Chumannaigh i gcónaí ar an saol polaitiúil sa Pholainn. Níor éirigh leis na mionpháirtithe a tháinig ar an bhfód i ndiaidh athbhreith an daonlathais iad féin a bhuanú, agus sa lá atá inniu ann, bíonn na páirtithe nua ag teacht agus ag imeacht, toghchán i ndiaidh a chéile. Bíonn cuid mhór de na Polannaigh sách éiginnte i gcónaí faoina ndearcadh polaitiúil féin, agus grúpaí beaga tuathghríosóireachta coitianta go leor ar fud na sochaí.

Muintir agus Cultúr na Polainne cuir in eagar

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an daonra de.

Is í an Pholainnis teanga oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. Is teanga Shlavach í an Pholainnis, agus is iad an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, teanga neamhfhorleathan a labhraítear in oirthear na Gearmáine, is gaolmhaire léi. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt Úcráinis, Bílearúisis, Liotuáinis, Giúdais (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), GearmáinisTatairis. Is Caitlicigh iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais Chaitliceach Oirthearach, eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Gréigeacha, cé go dtugann sí aitheantas don Phápa. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tataraigh ina Moslamaigh. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na Naitsithe ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh. Giúdach Polannach ab ea an Dr Ludwig Zamenhof, a thionscain an teanga idirnáisiúnta Esperanto i gcathair Vársá sa bhliain 1887.

I mblianta an Chumannachais, chuir dream réasúnta mór de dhídeanaithe Cumannacha ón nGréig fúthu sa Pholainn, agus iad ag iarraidh saol cultúrtha dá gcuid féin agus ina dteanga féin a choinneáil ag imeacht. De réir chosúlachta, áfach, ní raibh teacht aniar sa Ghréigis mar theanga mhionlaigh sa Pholainn, nó tá an teanga ag imeacht go tiubh téirimeach i measc shliocht sleachta na ndídeanaithe inniu, agus iad ag dul leis an bPolainnis agus le nósanna na bPolannach go breá sásta.

Cúigí na Polainne cuir in eagar

 
Cúigí na Polainne

Tá sé chúig déag sa Pholainn. Województwa a thugtar ar na cúigí, is é sin, vóvadachtaí - tá gaol ag an bhfocal le hainm na Vóvaidíne sa tSeirbia. Is é an powiat nó an contae an chéad leibhéal riaracháin taobh thíos den chúige, agus tá 379 bpowiat sa Pholainn ar fad. Tá na powiaty (sin é an uimhir iolra sa Pholainnis) roinnte ina ngminy (uimhir uatha: gmina), a bhféadfaí paróistí a thabhairt orthu as Gaeilge (tá an focal féin bunaithe ar Gemeinde na Gearmáinise, focal a chiallaíonn paróiste). Tá 2479 ngmina sa Pholainn.

Is iad na cúigí nó na województwa ná:

  • Pomorskie, príomhchathair: Gdańsk
  • Zachodniopomorskie, príomhchathair: Szczecin
  • Lubuskie, príomhchathair: Zielona Góra
  • Wielkopolskie, príomhchathair: Poznań
  • Dolnośląskie, príomhchathair: Wrocław
  • Opolskie, príomhchathair: Opole
  • Śląskie, príomhchathair: Katowice
  • Małopolskie, príomhchathair: Kraków
  • Świętokrzyskie, príomhchathair: Kielce
  • Lubelskie, príomhchathair: Lublin
  • Mazowieckie, príomhchathair: Vársá
  • Łódzkie, príomhchathair: Łódź
  • Kujawsko-Pomorskie, príomhchathracha: Bydgoszcz (áit a bhfuil cónaí ar an vóvad, is é sin, ar ghobharnóir an chúige) agus Toruń (áit a mbíonn Comhairle an Chúige ag tionól)
  • Warmińsko-Mazurskie, príomhchathair: Olsztyn
  • Podlaskie, príomhchathair: Białystok
  • Podkarpackie, príomhchathair: Rzeszów

Stair cuir in eagar

Príomhalt: Stair na Polainne

Tháinig na treibheanna Slavacha go dtí limistéar na Polainne i mblianta Imirce Mhór na Náisiún, sna sálacha ag na Teotanaigh agus na Húnaigh a rinne spior spear d'Impireacht na hIar-Róimhe i dtús na Meánaoiseanna. Thosaigh an t-eagar ceart polaitiúil ag teacht ar an bPolainn sa deichiú haois, faoi stiúir an rítheaghlaigh atá ainmnithe as Piast, sinsear finscéalach na clainne nach raibh ann ar dtús ach treabhdóir bocht.

Eacnamaíocht cuir in eagar

Úsáidtear an złoty mar airgeadra sa Pholainn. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Polainne an 24ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 24ú ceann freisin de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 47ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an bPolainn, é ar $29,251 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 27ú tír is forbartha ar domhan í an Pholainn, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 16ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Pholainn an 42ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí Eanáir 2020, is ag 2.9% a bhí ráta dífhostaithe na tíre, an dara leibhéal is ísle san Aontas Eorpach, i ndiaidh na Seice ach amháin.[2]

Radharcra cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.