Pápa
Is é an Pápa ceannaire na hEaglaise Caitlicí. Is mór í an fhreagracht do cheannaire spioradálta agus polaitiúil a dhéanann tréan iarracht treoir a thabhairt do thréad suas le 1.4 billiún Caitliceach go domhanda.[1]

Stair
cuir in eagarDe réir thuiscint oifigiúil na hEaglaise, b'é Naomh Peadar an chéad Phápa. Tháinig an focal féin ón bhfocal Gréigise pappas, a chiallaíonn "athair", agus ón bhfocal Laidine papa, arb ionann an bhrí leis. Bhí Bheinidict XVI ina Phápa ón mbliain 2005 go dtí go n-éirigh sé as an bpápacht ar 28 Feabhra 2013.
Is é Proinsias, a rugadh faoin ainm Jorge Mario Bergoglio, atá ina Phápa ó 13 Márta 2013 i leith. Tháinig sé i gcomharbas ar Bheinidict XVI.
Toghchán
cuir in eagarNuair a fhaigheann an Pápa bás nó nuair a éiríonn Pápa as a phost (mar a tharla in 2013), tionóltar cruinniú de na cairdinéil ar fad.
Níl a fhios againn cé a thagann i gcomharbacht air go dtí go bhfeictear an deatach bán ag sileadh amach as simléir an tSéipéil Shistínigh agus fógraítear Habemus Papam (Tá Pápa againn) ar bhalcóin Phálás an Phápa i gCearnóg Pheadair. Is scéal mór nuachta domhanda é i gcónaí agus bíonn meáin na cruinne meáite fad is a bhíonn sé seo ar siúl.[2]
Pápaí (1740+)
cuir in eagarPápacht | Íomhá | Ainm Gaeilge | Nomen pontificale | A Ainm féin | Áit breithe |
---|---|---|---|---|---|
17 Lúnasa 1740 - 3 Márta 1758 | Pápa Beinidict XIV | Papa BENEDICTUS Quartus Decimus | Prospero Lorenzo Lambertini | Bologna, An Iodáil | |
6 Iúil 1758 - 2 Feabhra 1769 | Cléimeans XIII | Papa Clemens Tertius Decimus, Episcopus Romanus | Carlo della Torre Rezzonico | Venice, Veneto, An Iodáil | |
19 Bealtaine 1769 - 22 Meán Fómhair 1774 | Cléimeans XIV | Papa Clemens Quartus Decimus, Episcopus Romanus | Giovanni Vincenzo Antonio Ganganelli | Sant'Arcangelo di Romagna, An Iodáil | |
15 Feabhra 1775 - 29 Lúnasa 1799 | Pius VI | Papa Pius Sextus, Episcopus Romanus | Giovanni Angelo Braschi | Cesena, An Iodáil | |
14 Márta 1800 - 20 Lúnasa 1823 | Pius VII | Papa Pius Septimus, Episcopus Romanus | Barnaba Chiaramonti | Cesena, An Iodáil | |
28 Meán Fómhair 1823 - 10 Feabhra 1829 | Leo XII | Papa Leo Duodecimus, Episcopus Romanus | Annibale Sermattei della Genga | Fabriano, Mártae, An Iodáil | |
31 Márta 1829 - 1 Nollaig 1830 | Pius VIII | Papa Pius Octavus, Episcopus Romanus | Francesco Saverio Castiglioni | Cingoli, Mártae, An Iodáil | |
2 Feabhra 1831 - 1 Meitheamh 1846 | Gréagóir XVI | Papa Gregorius Sextus Decimus, Episcopus Romanus | Bartolomeo Alberto Cappellari | Belluno, Veneto, An Iodáil | |
16 Meitheamh 1846 - 7 Feabhra 1878 | Pius IX | Papa Pius Nonus, Episcopus Romanus | Giovanni Maria Mastai-Ferretti | Senigallia, Mártae, An Iodáil | |
20 Feabhra 1878 - 20 Iúil 1903 | Leo XIII | Papa Leo Tertius Decimus, Episcopus Romanus | Gioacchino Vincenzo Raffaele Luigi Pecci | Carpineto Romano, Latium, An Iodáil | |
4 Lúnasa 1903 - 20 Lúnasa 1914 | Pius X | Papa Pius Decimus, Episcopus Romanus | Giuseppe Melchiorre Sarto | Riese, Treviso, Veneto, An Iodáil | |
3 Meán Fómhair 1914 - 22 Eanáir 1922 | Beinidict XV | Papa Benedictus Quintus Decimus, Episcopus Romanus | Giacomo Della Chiesa | Genoa, An Iodáil | |
6 Feabhra 1922 - 10 Feabhra 1939 | Pius XI | Papa Pius Undecimus, Episcopus Romanus | Achille Ambrogio Damiano Ratti | Desio, Milano, An Iodáil | |
2 Márta 1939 - 9 Deireadh Fómhair 1958 | Pius XII | Papa Pius Duodecimus, Episcopus Romanus | Eugenio Maria Giuseppe Giovanni Pacelli | An Róimh, An Iodáil | |
28 Deireadh Fómhair 1958 - 3 Meitheamh 1963 | Eoin XXIII | Papa Ioannes Vicesimus Tertius, Episcopus Romanus | Angelo Giuseppe Roncalli | Sotto il Monte, Bergamo, An Iodáil | |
21 Meitheamh 1963 - 6 Lúnasa 1978 | Pól VI | Papa Paulus Sextus, Episcopus Romanus | Giovanni Battista Enrico Antonio Maria Montini | Concesio, Brescia, An Iodáil | |
26 Lúnasa 1978 - 28 Meán Fómhair 1978 | Eoin Pól I | Papa Ioannes Paulus Primus, Episcopus Romanus | Albino Luciani | Forno di Canale, Veneto, An Iodáil | |
16 Deireadh Fómhair 1978 - 2 Aibreán 2005 | Eoin Pól II | Papa Ioannes Paulus Secundus, Episcopus Romanus | Karol Józef Wojtyła | Wadowice, An Pholainn | |
19 Aibreán 2005 - 28 Feabhra 2013 | Beinidict XVI | Papa Benedictus Sextus Decimus, Episcopus Romanus | Joseph Alois Ratzinger | Marktl am Inn, An Bhaváir, An Ghearmáin | |
13 Márta 2013 - inniu | Proinsias | Papa Franciscus Primus, Episcopus Romanus | Jorge Mario Bergoglio | Buenos Aires, An Airgintín |
Amlíne (1758+)
cuir in eagar
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-22). "Sláinte an Phápa ag dul chun donachta" (as ga-iE).
- ↑ Cathal Ó Murchú (2025-03-07). An Páipéar - Eagrán #19: "Amhras faoi shláinte an Phápa Proinsias" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-09.