Pápa Pól VI

phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1963 agus 1978

Bhí Pól VI mar phápa ar an Eaglais Chaitliceach idir 1963 agus 1978.

Pápa Pól VI
Paulus VI, by Fotografia Felici, 1969.jpg
Substitute for General Affairs (en) Aistrigh

Nollaig 13, 1937 - Feabhra 17, 1953
Ardeaspag meitreapholaiteach Mhilano

Nollaig 12, 1954 - Meitheamh 21, 1963
Alfredo Ildefonso Schuster - Giovanni Colombo
Deoisí: Ard-Deoise Chaitliceach Milano
Cairdinéal

Nollaig 15, 1958 - Meitheamh 21, 1963
262. Pápa

Meitheamh 21, 1963 - Lúnasa 6, 1978
Pápa Eoin XXIII - Pápa Eoin Pól I
Saol
Ainm iomlánGiovanni Battista Enrico Antonio Maria Montini
Eolas breitheConcesio, 26 Meán Fómhair 1897
NáisiúntachtIodáil
Cathair na Vatacáine
Ríocht na hIodáile
BásCastel Gandolfo, 6 Lúnasa 1978
Áit adhlacthaBaisleac Pheadair
Vatican Grotto (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
AthairGiorgio Montini
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materPontifical Ecclesiastical Academy (en) Aistrigh
Pontifical Gregorian University (en) Aistrigh
Ollscoil Sapienza na Róimhe
TeangachaAn Iodáilis
An Laidin
Gairm
Gairmsagart Caitliceach Rómhánach agus taidhleoir
Áit oibreAn Róimh agus Cathair na Vatacáine
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Féile
26 Meán Fómhair agus 29 Bealtaine
Cleamhnú
ReiligiúinEaglais Chaitliceach Rómhánach
OrdProinsiasaigh
Discogs ID2272992
Signature paolo vi.svg

SaolCuir in Eagar

Ba é Giovanni Battista Montini an ainm breithe aige. Rugadh é i mBrescia i dtuaisceart na hIodáile i 1897.

Chuaigh Montini don chliarscoil i 1916 agus oirníodh é ina shagart i 1920. Bhí céimeanna aige ón Ollscoil Ghreagóireach, Ollscoil na Róimhe agus an Acadamh Uasail. Chaith Montini cuid mhaith dá shagartóireacht mar mhaorlathaí sa Churia Rómhánach agus bhí sé ag obair díreach faoin bPápa Pius XII ar feadh roinnt bliana, sula cheapadh é mar Ardeaspag Milano agus Cairdinéal.

PápachtCuir in Eagar

Tógadh Montini mar phápa tar éis bháis Eoin XXIII i 1963 le linn an an Dara Comhairle Vatacánach.

Breathnaíodh ar Phól mar liobrálach ar dtús. Bhí an Dara Comhairle Vatacánach ar siúl nuair a ceapadh é, fóram faoi chaidreamh idir an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus an saol comhaimseartha.

Thug Pól VI isteach athraithe liotúirgeacha tar éis na Comhairle. Cuireadh deireadh leis an tAifreann Laidineach ar feadh seal agus tógadh isteach Aifreann Phóil VI i dteangacha na ndaoine.

 
D.F. 1977

Ach ansin, sa bhliain 1968, sheol an Pápa Pól VI an imlitir Humanae Vitae[1]. Foilsíodh an imlitir seo de thoradh Dara Comhairle na Vatacáine. Chuir an eaglais cosc ar Chaitlicigh an fhrithghiniúint a úsáid[2]. Bhí mór-chuid de Chaitlicigh liobrálacha ina choinne. Níor ghlac sé ina iomláine le himlitir Humanae Vitae.

Ba é an chéad pápa a thaisteal taobh amuigh den Iodáil.

Chuir Pól VI suim i gcúrsaí éacúiméineacha, Bhuail sé le Ardathair Athenagoras I (ardathair éacúiméineach agus ceannaire ar Eaglais Cheartchreidmheach na Gréige).

TagairtíCuir in Eagar

 
Armas Phól VI