An Iodáilis

teanga Rómhánach

Is í an Iodáilis nó an Eadáinis, mar a thug Máirtín Ó Cadhain uirthi de réir a chanúna (Iodáilis: italianolingua italiana) teanga náisiúnta na hIodáile. Labhraítear freisin í i gCathair na Vatacáine, san Airgintín, san Eilvéis, in Uragua, sa Bhrasaíl, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus san Fhrainc. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Réata-Rómáinis. Teanga bhundúchasach is ea an Iodáilis san Iodáil féin agus san Eilvéis, ach tháinig na pobail Iodálacha sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr, ar an bhfód de thoradh na himirce, nó ba dual do na hIodálaigh riamh dul ar imirce. D'fhág na hinimirceoirí Iodálacha an-lorg ar chultúr na Stát Aontaithe agus na hAirgintíne, ach go háirithe, agus tá leathchaint na gcoirpeach san Airgintín, an lunfardo, lán focail iasachta ón Iodáilis.[1]

Infotaula de llenguaAn Iodáilis
italiano agus Italiano

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais64,800,000 (2019)
Dúchasach doGraubünden, cantún Ticino, Contae Istria, an Iodáil, Izola, Piran agus San Mairíne
Stáitan Iodáil, San Mairíne, an Eilvéis, Cathair na Vatacáine, an Chróit agus an tSlóivéin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
Italo-Romance (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir na hIodáilise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheAccademia della Crusca
Staidéar agItalian studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-1it
ISO 639-2ita
ISO 639-3ita
Glottologital1282
Linguasphere51-AAA-q
Ethnologueita
ASCL2401
IETFit

Tá an Iodáilis chaighdeánach bunaithe ar chanúint na Toscáine, ach is é an fuaimniú a chluinfeá i gcathair na Róimhe féin an fuaimniú is airde meas ar na saoltaí seo. Mar a deir na hIodálaigh féin, is í an Iodáilis is fearr ná lingua toscana in bocca romana, teanga na Toscáine i mbéal na Róimhe.

Eolas ar an Iodáilis san A.E.

An Iodáilis taobh amuigh den Iodáil cuir in eagar

Seachas an Iodáil tá an Iodáilis scaipthe i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

an Airgintín cuir in eagar

Cé go bhfuil Spáinnis an teanga oifigiúil tá an Iodáilis ó dhúchas ag timpeall is 1,500,000 duine san Airgintín.

 

An Astráil cuir in eagar

I 2001 bhí Iodáilis ó dhúchas ag 316,890 duine san Astráil. Is í an tríú teanga dhúchais is coitianta san Astráil tar éis an Bhéarla agus na Sínise.

Ceanada cuir in eagar

I 2011 bhí Iodáilis ó dhúchas ag 407,485 duine (1.2% de dhaonra na tíre) i gCeanada. Bhí an líon ag dul i laghad, nó bhí an teanga ó dhúchas ag 455,040 duine (1.5%) duine sa bhliain 2006.

An Chróit cuir in eagar

Tá stair fhada ag an Iodáilis sa Chróit, go háirithe in Istria. Tá sí ó dhúchas ag 0.43% de dhaonra na Cróite. Sa lá atá inniu ann tá stádas mar theanga oifigiúil mionlaigh aici in Istria, agus í ó dhúchas ag 6.83%.

 
Céatadán na gcainteoirí dúchasacha Iodáilise in Istria sa bhliain 2001

An Eilvéis cuir in eagar

Ceann de na teangacha oifigiúla í an Iodáilis san Eilvéis. Sa bhliain 2011 ba í an Iodáilis an phríomhtheanga ag 545,274 duine san Eilvéis, is é sin 8.2 % de dhaonra na tíre. Is í an tríú teanga is mó a labhraítear san Eilvéis. Is iad na cantúin is mó Iodáilis ná Ticino agus Graubünden (Grissons, Grigione, Grischun) - deisceart an chantúin.

 
Léarscáil ag taispeáint na n-áiteanna ina labhraítear Iodáilis

Poblacht na hÉireann cuir in eagar

De réir an daonáirimh ón mbliain 2011 bhí Iodáilis ar an dara teanga déag is mó a labhraítí i bPoblacht na hÉireann san am, amach ó na teangacha oifigiúla. Bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 10,344 duine sa Phoblacht. Rugadh 3,624 duine acu, nó 35 %, sa Phoblacht féin, agus tháinig an chuid eile acu, 6,720 duine nó 65 %, as tíortha eile.

an Nua-Shéalainn cuir in eagar

Sa bhliain 2013 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 8,214 duine sa Nua-Shéalainn.

San Mairíne cuir in eagar

Is í an Iodáilis an t-aon teanga oifigiúil i San Mairíne, agus is í atá ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre.

an tSlóivéin cuir in eagar

Meastar go bhfuil Iodáilis ag tuairim is 15 % de dhaonra na Slóivéine mar theanga neamhdhúchais. Ceann de na céatadáin is airde san Aontas Eorpach atá ann. Sa bhliain 2002 bhí an teanga ó dhúchas ag 3,672 duine sa tSlóivéin. Bhí cónaí ar 2,853 duine, nó 75.8 %, acu i gceann de na trí bardais ina bhfuil stádas oifigiúil ag an Iodáilis in éineacht leis an tSlóivéinis. Is iad Piran, Koper agus Izola na trí bardais sin. Meastar go mbaineann 5 % de dhaonra na Slóivéine úsáid as an Iodáilis go laethúil.


 
Na bardais ina bhfuil stádas oifigiúil ag an Iodáilis

Stáit Aontaithe Mheiriceá cuir in eagar

Sa bhliain 2010 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 764,236 duine de mhuintir na Stát Aontaithe. Bhí cónaí ar 28 % acu, nó 213,785 duine, i Nua-Eabhrac.

Aistriúcháin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar