An Iodáil
Tír i ndeisceart na hEorpa í an Iodáil (Iodáilis: Italia) nó Poblacht na hIodáile (Iodáilis: Repubblica Italiana) le thart ar 57 milliún duine ina gcónaí inti. Is ballstát den Aontas Eorpach í. Tá cruth buataise ar an leithinis, an chuid is mó den tír, agus is cuid den tír iad freisin an dá oileán is mó sa Mheánmhuir, an tSicil is an tSairdín. Tá teorainneacha aici leis an Ostair, an bhFrainc, an Slóivéin, agus an Eilvéis sa tuaisceart. Tá na h-iamhchríocha San Mairíne agus an Vatacáin istigh san Iodáil. Usáideann siad an euro. Is í an Róimh príomhchathair na hIodáile.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Repubblica Italiana (it) Italia (it) ![]() | |||||
|
|||||
| |||||
Aintiún |
Il Canto degli Italiani ![]() | ||||
| |||||
| |||||
Mana |
«Made in Italy» ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
| |||||
Príomhchathair |
An Róimh ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán |
60,317,000 (2020) ![]() | ||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Iodáilis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de |
An Eoraip ![]() | ||||
Achar dromchla |
301,338 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce |
Muir Aidriad, Muir Thoirian, Muir Iónach, Muir Liogúrach agus An Mheánmhuir ![]() | ||||
Pointe is airde |
Mont Blanc (4,808.72 m) ![]() | ||||
Pointe is ísle |
Contane (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí |
Ríocht na hIodáile ![]() | ||||
Cruthú | Meitheamh 18, 1946 | ||||
Saoire phoiblí |
New Year's Day (en) ![]() Eipeafáine (19 Eanáir) Luan Cásca (Easter + 1 day (en) ![]() Anniversary of the liberation of Italy (en) ![]() International Workers' Day (en) ![]() Festa della Repubblica (en) ![]() Ferragosto (en) ![]() Lá Fhéile na Naomh Uile (1 Samhain) An Nollaig (25 Nollaig) Lá Fhéile Stiofán (26 Nollaig) Féile Mhuire gan Smál (8 Nollaig) Cáisc (22 Márta) ![]() | ||||
Éarlamh |
San Proinsias Assisi agus Naomh Caitríona Siena ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais |
parliamentary republic (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin |
Government of Italy (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach |
Italian Parliament (en) ![]() ![]() | ||||
• President of Italy (en) ![]() ![]() |
Sergio Mattarella (Feabhra 3, 2015) ![]() | ||||
• Uachtarán Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile ![]() |
Giuseppe Conte (Meitheamh 1, 2018) ![]() | ||||
Údarás breithiúnach is airde |
Supreme Court of Cassation (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | ) | ||||
OTI ainmniúil in aghaidh an duine |
32,110 US$ (2017) ![]() | ||||
Airgeadra |
Euro ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil |
.it (en) ![]() ![]() | ||||
Glaochód |
+39 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála |
112, 113 (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Eile | |||||
| |||||
Láithreán gréasáin |
italia.it ![]() |
Tá áit an-tábhachtach aici sa stair 'Iartharach'; is san Iodáil a rugadh sibhialtacht na nEitriuscach agus sibhialtacht na Gréige Móra; Impireacht na Róimhe; poblachtaí muirithe na Meánaoise; an fhealsúnacht daonnachach; agus an Renaissance. Tá an Iodáil ina tír aontaithe ó 1861, tar éis an Risorgimento ar dhírigh Ríocht na Sairdíne é, agus tá sí ina poblacht ó cuireadh ar ceal an mhonarcaíocht i reifreann sa bhliain 1946. Tá sí ar cheann de na sé stát a bhunaigh an Comhphobal Eorpach sa bhliain 1957, agus den aon stát déag a bhunaigh an limistéar eoró sa bhliain 1999.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Is leithinis mhór go príomha le dhá phríomh-oileán, an tSicil agus an tSairdín, í an Iodáil. Is í an tsliabh is airde ná Monte Bianco in iarthar na nAlpa. Tá cuid de na lochanna is mó suite i dtuaisceart na hIodáile, mar Loch Garda, Loch Como, Loch Maggiore agus Loch Iseo.
RéigiúinCuir in Eagar
Tá an Iodáil deighilte i 20 réigiún (regioni, uatha regione). Tá stádas faoi leith féinrialaitheach ag cúig cinn acu, rianaithe ag an *:
- Abruzzo
- Basilicata
- Calabria
- Campania
- Emilia-Romagna
- Friuli-Venezia Giulia *
- Lazio
- Liguria
- An Lombaird (Lombardia)
- Marche
- Molise
- Píodmant (Piemonte)
- Puglia
- An tSairdín (Sardegna) *
- An tSicil (Sicilia) *
- An Tuscáin (Toscana)
- Trentino-Tirol Theas (Trentino-Alto Adige) *
- Umbria
- Valle d'Aosta *
- Veneto
Tá gach réigiún, seachas Valle d'Aosta, roinnte i ndá nó níos mó cúigí.
EacnamaíochtCuir in Eagar
Úsáidtear an euro mar airgeadra san Iodáil. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hIodáile an 12ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 9ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 35ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Iodáil, é ar $37,970 don chónaitheach.
De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2019 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 32ú tír is forbartha ar domhan í an Iodáil, as 150 tír a tomhaiseadh.[1] Cuireann sé sin í mar an 19ú tír is forbartha as 27 ballstát an Aontais Eorpaigh. I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Iodáil an 47ú tír is sona, as 156 thír.
I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na tíre ar 9.8%, an tríú leibhéal is airde san Aontas Eorpach.[2]
PolaitíochtCuir in Eagar
Tar éis an olltoghcháin is déanaí sa bhliain 2018, rinneadh rialtas idir Ghluaiseacht na gCúig Réalta, páirtí polaitíochta pobalach agus frith-chórasach, agus An Conradh, páirtí den eite an-deis. Sa bhliain 2019, áfach, chinn An Conradh teacht amach as an rialtas, agus mar sin, rinneadh rialtas nua idir Ghluaiseacht na gCúig Réalta agus An Páirtí Daonlathach, páirtí den eite chlé. Tá an polaiteoir neamhspleách Giuseppe Conte ina uachtarán ar Chomhairle na n-Airí – ról cosúil le ról an Taoisigh in Éirinn. Is iad na trí pháirtí eile a bhfuil suíomhanna acu i dTeach na dTeachtaí ná Forza Italia agus Deartháireacha na hIodáile ar an eite dheis, agus Saor agus Cothrom ar an eite chlé.
BiaCuir in Eagar
Aithnítear cuisine na hIodáile as an éagsúlacht mhór a bhíonn idir réigiúin éagsúla na tíre, go háirithe idir dheisceart agus tuaisceart na tíre[3][4][5], agus tá sí ar cheann de na cuisiní is mó éilimh agus is mó úsáidte ar fud an domhain[6]. Bhí tionchar nach beag ag cuisine ha hIodáile ar chuisiní tíortha eile, cuisine na Stát Aontaithe go háirithe.[7] I measc na bplátaí is mó aithne ar bhonn domhanda áiritear an píotsa, an pasta, an chaife Iodálach (nós an cappucino, an espresso, nó an lungo), agus uachtar reoite na hIodáile.
GailearaíCuir in Eagar
Montalcino, An Tuscáin
Castello Reggio, Calabria
An Monte Bianco (Sliabh Bán), sliabh is airde na tíre, feicthe ón Valdigne, Valle d'Aosta
San Giulano di Puglia, Molise
Parlaimint na hIodáile, sa Róimh
Halla na Cathrach, Trieste
Atrani, Campania
Loch Como, sa Lombaird
An Tarbhealach Italia, i gCalabria
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
- ↑ "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
- ↑ "Italian cuisine" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-10-19.
- ↑ "Italian Food - Italy's Regional Dishes & Cuisine". web.archive.org (2011-01-02). Dáta rochtana: 2019-10-19.
- ↑ "Regions of Italy". www.rusticocooking.com. Dáta rochtana: 2019-10-19.
- ↑ Caroline McClatchey (2011-06-15). "How pasta became the world's favourite food" (en-GB). Dáta rochtana: 2019-10-19.
- ↑ "American Food, Cuisine". sallybernstein.com. Dáta rochtana: 2019-10-19.
An tAontas Eorpach (AE) | ||
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • an Mhacadóin Thuaidh • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |