Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair (Gearmáinis: Österreich), ar mar a dtugtar go hoifigiúl Poblacht na hOstaire (Gearmáinis: Republik Österreich). Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an tSeic, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis. Is é Vín príomhchathair na tíre.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ostair
Republik Österreich (de)
Österreich (de) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnLand der Berge, Land am Strome Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Arrive and revive» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósOirthear Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°N 14°E / 48°N 14°E / 48; 14

PríomhchathairVín Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,979,894 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús107.06 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghearmáinis
Austrian Sign Language (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Eoraip Láir
Aontas Eorpach
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla83,878.99 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce1.7 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch Konstanz, Neusiedl Lake (en) Aistrigh, An Réin, An Danóib, Inn, Salzach, Thaya agus Morava Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeGrossglockner (en) Aistrigh (3,798 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleNeusiedl Lake (en) Aistrigh (115 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Ostair-Ungáir Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú12 Samhain 1918
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht pharlaiminteach chónaidhmeach agus semi-presidential system (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinAustrian Federal Government (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachAustrian Parliament (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of Austria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataMichael Hainisch (1920–1928) Cuir in eagar ar Wikidata
• Seansailéir Cónaidhme na hOstaire Cuir in eagar ar WikidataKarl Nehammer (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil na hOstaire Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil480,368,403,893 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad123,488,300,000 € (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.at Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+43 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 122, 133 agus 144 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAT Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSAT Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada.

D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683.

Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sairéavó ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéadach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís.

Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Dhomhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.

An tír sa lá inniu cuir in eagar

Téann a lán turasóirí chuig An Ostair, ach go háirithe chun dul ag sciáil sna hAlpa in iarthar na tíre. Is cathracha iad Salzburg agus Innsbruck a bhfanann a lán sciálaithe iontu, iad cathracha deasa freisin. Is cathair mhór thurasóireachta é Vín chomh maith.

Tá clú agus cáil ar An Ostair le haghaidh a gcuid cácaí, is iad Sachertorte agus Apfelstrudel na cácaí is cáiliúla a bhfuil acu.

Stáit cuir in eagar

Stáit Príomhchathair Achar (cc) Daonra
Burgenland Eisenstadt 3,962 291,942
Kärnten Klagenfurt 9,538 561,077
An Ostair Íochtarach Sankt Pölten 19,186 1,665,753
An Ostair Uachtarach Linz 11,980 1,465,045
Salzburg Salzburg 7,156 549,263
Steiermark Graz 16,401 1,237,298
An Tioróil Innsbruck 12,640 746,153
Vín - 415 1,867,582
Vorarlberg Bregenz 2,601 388,711

Tíreolaíocht cuir in eagar

Is tír sléibhtiúil den chuid is mó é An Ostair mar gheall ar a suíomh sna hAlpa. As achar iomlán na hOstaire níl ach timpeall ceathrú ábalta a bheith measta mar íseal, agus níl ach 32% na tíre thíos 500 méadar.

Tá na sé sléibhte is airde na hOstaire:

Ainm Airde Sliabhraon
1 Großglockner 3,798m Ard-Tauern
2 Wildspitze 3,768m Alpa na hÖtztaile
3 Weißkugel 3,739m Alpa na hÖtztaile
4 Glocknerwand 3,721m Ard-Tauern
5 Großvenediger 3,662m Ard-Tauern
6 Hinterer Brochkogel 3,624m Alpa na hÖtztaile

Eacnamaíocht cuir in eagar

Úsáidtear an euro mar airgeadra san Ostair. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, is é geilleagar na hOstaire an 45ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 28ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 23ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ostair, é ar $49,247 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ostair an 17ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 10ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[1] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ostair an 12ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 4.8%, an 12ú leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  2. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.