An Tuirc
Tír is ea Poblacht na Tuirce (Tuircis: Türkiye Cumhuriyeti) a bhfuil 7% dá hachar suite san Eoraip agus 93 % de san Áise. Is í Ancara an phríomhchathair ach tá Iostanbúl ar an gcathair is mó.
An Tuirc | |||||
---|---|---|---|---|---|
Türkiye Cumhuriyeti (tr) Türkiye (tr) | |||||
|
|||||
Aintiún | İstiklâl Marşı | ||||
Mana | «Yurtta sulh, cihanda sulh» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Ankara | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 85,372,377 (2023) | ||||
• Dlús | 108.95 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 26,075,365 (2022) | ||||
Teanga oifigiúil | an Tuircis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | na Balcáin Imchuach na Meánmhara Imchuach na Mara Duibhe an Meánoirthear Iarthar na hÁise an Eoráise | ||||
Achar dromchla | 783,562 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir, an Mhuir Dhubh, An Mhuir Aeigéach agus an Mhuir Leiveantach | ||||
Pointe is airde | Mount Ararat (en) (5,137 m) | ||||
Pointe is ísle | an Mhuir Dhubh (0 m) | ||||
Ar theorainn le | an tSiria an Bhulgáir (1923–) an Ghréig (1923–) an Iaráin (1923–) an Iaráic (1932–) Léig na nArabach (1945–) Aontas Eorpach (1981–) an tSeoirsia (1991–) an Airméin (1991–) an Asarbaiseáin (1991–) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an Impireacht Otamánach | ||||
Cruthú | 1923 29 Deireadh Fómhair 1923 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | stát aonadach agus córas uachtaránachta | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Government of Turkey (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Grand National Assembly of Turkey (en) | ||||
• Uachtarán na Tuirce | Mustafa Kemal Atatürk (1923–1938) | ||||
• Uachtarán na Tuirce | Recep Tayyip Erdoğan (2018–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 819,034,484,303 $ (2021) | ||||
Airgeadra | lira na Tuirce | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .tr | ||||
Glaochód | +90 agus +36 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 177 | ||||
Cód tíre | TR | ||||
Cód NUTS | TR | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | turkiye.gov.tr | ||||
Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (il a thugtar ar chúige as Tuircis, iller an uimhir iolra).
Daonra
cuir in eagarI mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70 milliún duine ina gcónaí sa Tuirc. Ach sa bhliain 2021, bhí 85 milliún ann, ag cur brú mór ar an sochaí.[1]
Cé go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír.
Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an chultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí an Impireacht Bhiosántach agus an Impireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus an Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.
Na Coirdínigh
cuir in eagarIs iad na Coirdínigh an dream eitneach is mó a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh.
Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCoirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag cur catha ar na treallchogaithe Coirdíneach atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás ar a laghad sa choimhlint seo ó na 1970idí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.
Polaitíocht
cuir in eagarPoblacht dhaonlathach lárnaithe is ea an Tuirc, fós.
Tá an Tuirc ina ballstát bunaithe de na Náisiúin Aontaithe, d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE).
Tá an Tuirc ina ballstát de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí san ECAT (NATO) sa bhliain 1952.
Stair
cuir in eagarB'é Mustafa Kemal Atatürk, thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as an Impireacht Otamánach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda.
Ar an 28 Márta 1930 bhí athrú na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc: Iostanbúl (Cathair Chonstaintín) agus Ancara (Angora),
2005-2015
cuir in eagarÓ 2005 go dtí 2014, bhí an Tuirc ag éirí níos cóngaraí don Iarthar. Bhí comhchainteanna ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.
Ar an 28 Lúnasa 2014, toghadh Tayyip Erdogan ina uachtarán ar an Tuirc, tar éis dó 11 bhliain a chur isteach mar chéad aire.
2016 -
cuir in eagarTharla "coup d'état" in aghaidh ar an 15 Iúil 2016 [2]. Maraíodh 294 agus gortaíodh 1400.
Theip an réabhlóid. Dúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état. Dúirt daoine a thacaigh leis an coup d'état míleata gur iarracht a bhí ann stát daonlathach a dhéanamh den tír.
Bhí os cionn 40,00 duine gafa, baill shinsearacha den arm agus breithimh san áireamh.
Bhí foláireamh tugtha ag ceannairí na hEorpa ag an am go gcuirfear deireadh le deis na Tuirce a bheith san Aontas Eorpach má thugtar pionós an bháis ar ais.
2023
cuir in eagarEacnamaíocht
cuir in eagarTá an Tuirc ar cheann den 20 geilleagar is mó ar domhan, tír ina bhfuil 85 milliún duine ina gcónaí, agus naisc pholaitiúla agus eacnamaíochta aici le tíortha éagsúla ar fud na cruinne.[3]
Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003, bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach ó na 2010idí ar aghaidh.
Tíreolaíocht
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Demographics of Turkey" (as en) (2023-05-26). Wikipedia.
- ↑ Na meáin stáit sa Tuirc ag tuairisciú go ndúirt iarcheannaire sa bhfórsa aeir Akin Ozturk gurb eisean a phleanáil an coup d'état, RTÉ 2016.
- ↑ "Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-05-15). Dáta rochtana: 2023-05-26.