Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh

Eagraíocht mhíleata idirnáisiúnta í Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, nó ECAT (Béarla: North Atlantic Treaty Organisation - NATO, Fraincis: Organisation du Traité de l'Atlantique Nord - OTAN).

Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh
Bratach ECAT
Bratach ECAT
Map of NATO countries.png

Tíortha san ECAT (gorm)
Ceanncheathrú: An Bhruiséil
Ballraíocht: 28 stáit mar bhaill
Teangacha oifigiúla: Béarla, Fraincis
Ard-Rúnaí: Anders Fogh Rasmussen
Foirmiú: 4 Aibreán, 1949
Suíomh gréasáin oifigiúl: www.nato.int

StairCuir in Eagar

 
ceanncheathrú ECAT sa Bhruiséil

Cuireadh tús leis an gcomhghuaillíocht nuair a síníodh Conradh an Atlantaigh Thuaidh ar an 4 Aibreán, 1949.

An aidhm a bhí léi comhoibriú a bhunú idir thíortha an Iarthair le bagairt na Sóivéadach a chosc. An prionsabal a bhí ag ECAT gurb ionann ionsaí ar thír amháin agus ionsaí ar gach tír eile a bhí mar bhall de.[1]

 
2020ː i seisiún iomlánach

Cé gur bunaíodh ECAT mar eagraíocht chosanta, bhreathnaigh na Sóivéadaigh uirthi mar chomhghuaillíocht ionsaitheach. Nuair a ceadaíodh don Gearmáin Thiar bheith páirteach i 1955, dhaingnigh sin an dearcadh seo agus bhí APSS buartha go mbeadh an Ghearmáin ina tír láidir arís. Mar sin, i mBealtaine 1955 bunaíodh Comhaontú Vársá. Leagan cumannach de ECAT a bhí anseo leis na tíortha cumannacha uile ag aontú iad féin a chosaint i gcás ionsaithe ón Iarthar.

EagraíochtCuir in Eagar

Tá ceanncheathrú na heagraíochta suite sa Bhruiséil, an Bheilg.

BaillCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. stmarys-belfast.ac.uk. "An Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2020.