Donald Trump
Ba é Donald J. Trump 45ú hUachtarán na Stát Aontaithe. Is fear gnó, infheisteoir agus pearsa teilifíse Meiriceánach é freisin.
Tús a shaoilCuir in Eagar
Rugadh Trump ar an 14 Meitheamh 1946 i Nua-Eabhrac. B'as Tunga i Leòdhas in Albain a mháthair. Níor labhair sí ach Gàidhlig suas go dtí 18 bliain d’aois slánaithe aici.[1][2]
B'as an Ghearmáin tuismitheoirí a athar, cé go ndúirt Trump le blianta gurbh as an Sualainn iad.
Tógadh an Trumpach i Queens, buirg de chuid Nua-Eabhrac. Bronnadh céim bhaitsiléara san eacnamaíocht ar Trump i mí Bealtaine 1968 ó Scoil Wharton (Ollscoil Pennsylvania).
Toghchán 2016Cuir in Eagar
Tar éis comórtais dhéin sna réamhthoghcháin, fuair Trump ainmniúchán na huachtaránachta ón bPáirtí Poblachtach i mí an Mheithimh 2016.[3]
Bhuaigh Trump an toghchán uachtaránachta ar 8 Samhain 2016. Vótáil níos mó daoine ar son Hillary Clinton áfach (beagnach trí mhilliún duine). Ach d’éirigh le Donald Trump an bua a fháil i níos mó stát.
Ar an 20 Eanáir 2017, ghlac compántas an rinceora aitheanta Michael Flatley, "Lord of the Dance", páirt i searmanas insealbhaithe. Creidtear go raibh suas le 250,000 duine i láthair ag an searmanas idir Cnoc an Chaipeatóil agus an Teach Bán (Obama i 2009[4], 1.8 milliún)[5].
Ar an 22 Eanáir 2017, dúirt Trump go raibh calaois toghcháin ann (trí - cúig mhilliún duine) agus mar sin, vótáil níos mó daoine ar a shon. Ach níl fianaise ann chun bunús a thabhairt don éileamh sin, a dúirt na nuachtáin[6].
PolasaitheCuir in Eagar
- An Meánoirthear
Ar 8 Nollaig 2017, d'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta do Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael. Mhaslaigh sé na Palaistínigh lena chuid cainte.
TáinseamhCuir in Eagar
Ar 18 Nollaig 2019, tháinsigh Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe Trump ar dhá chúis, is é sin mí-úsáid chumhachta agus baicinníocht na Comhdhála. Chaith 230 vóta ar son an chéad chúis a chur agus 197 ina coinne; 229 vóta ar son an dara ceann agus 198 ina coinne. Ach ní raibh Seanad na Stát Aontaithe sásta dul níos faide.[7]
Táinsíodh Teach na nIonadaithe an 45ú uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump don dara huair ar 13 Eanáir 2021.
Ionsaí ar an Capitol, 2021Cuir in Eagar
Cé gur chaill Trump an toghchán in 2020 le breis is seacht milliún vóta, sheas sé leis an scéal gur aige a bhí an bua, bréag a spreag daoine chun ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól i mí Eanáir 2021.[8]
Rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump, Uachtarán Mheiriceá ag an am, ruathar ar Chaipeatól na Stát Aontaithe in Washington D.C. ar 6 Eanáir 2021.
Ar 29 Meitheamh 2022, thug Hutchinson fianaise do choiste fiosrúcháin na n-imeachtaí ar an séú Eanáir 2021. Thug sí fianaise ar iompar agus meoin Trump sna laethanta thart ar an ionsaí ar an Capitol.
I mí Lúnasa 2022, rinne an FBI ruathar ar theach saoire Trump in Mar-a-Lago Palm Beach, Florida. Thug Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán. Choinnigh an t-iarUachtarán ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.[9]
Thugadar leo 26 bosca cáipéisí agus bhí 11 baisc acu sin a bhí marcáilte rúnaicmithe.[10]
As oifigCuir in Eagar
Le linn 2021 agus níos déanaí, bhí Trump á fhiosrú mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ruathar ar an gCaipeatól agus mar gheall ar an láimhseáil a rinne sé ar cháipéisí rúnda i ndiaidh dó an Teach Bán a fhágáil,[8]
Ar 8 Samhain 2022, theip ar chuid mhór de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo i dtoghcháin lár téarma.
Ar 15 Samhain 2022, bhí sé fógartha ag Trump go bhfuil rún aige a bheith ina iarrthóir arís sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024. Bhí sé ag fógairt do dhaoine eile sa Pháirtí Poblachtach, a mbeadh fonn orthu a n-ainmneacha a chur chun cinn (gobharnóir Fhlorida Ron DeSantis agus gobhanóir Virginia Glenn Youngkin, mar shampla), gan teacht trasna air. D'fhéadfadh sé chomh maith, a deirtear, go bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as a iarrthóireacht mar sciath chosanta in aghaidh na líomhaintí coiriúlachta atá curtha ina leith.[11]
Conspóid Stormy DanielsCuir in Eagar
Cuirtear ina leith gur íoc dlíodóirí Trump $130,000 le Stormy Daniels,[12] aisteoir i scannáin do dhaoine fásta, iar-striapach (de réir Melania Trump) agus struipeálaí as Baton Rouge, Louisiana, le go gcoinneodh sí an caidreamh collaí a deirtear a bhí acu le chéile (sa bhliain 2006) faoi rún. Cúisíodh Trump in 2023 in íocaíochtaí neamhdhleathacha a thabhairt di nuair a bhí a fheachtas toghchánaíochta don uachtaránacht faoi lán seoil in 2016.[13][14]
Ócáid eisceachtúil a bhí ann, mar ib'é Trump an chéad uachtarán nó iar-uachtarán de chuid na Stát Aontaithe dár tharla a leithéid.[15]
Mí-úsáid ghnéisCuir in Eagar
Ar 9 Bealtaine 2023, fuair giúire i Nua-Eabhrac go ndearna iar-uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump mí-úsáid ghnéis ar an iriseoir E Jean Carroll sa bhliain 1995 / 1996 isan Bergdorf Goodman, siopa ilrannach i Nua Eabhrac.
Trump in ÉirinnCuir in Eagar
Cheannaigh an Trumpach cúrsa gailf in aice le Dún Beag i gContae an Chláir (Trump International Golf Links) ar an 11 Feabhra 2014. Ar an 12 Bealtaine 2014 thug sé cuairt ar Éirinn.
Sa bhliain 2017, thug Trump le fios gur mhian leis go dtabharfaí poist i gcomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn 'ar ais go Meiriceá.'[16]
Ar 5-6 Meitheamh 2019, tháinig Uachtarán na Stát Aontaithe go hÉirinn. Cuairt oifigiúil a bhí ann, an t-aon cheann amháin nuair a bhí Trump in oifig.[17] Bhuail sé leis an Taoiseach, Leo Varadkar. Labhair an bheirt cheannairí ag preasócáid in Aerfort na Sionainne. Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, an próiseas síochána sa Tuaisceart, imirice, trádáil agus an clár víosa E3 is mó a bhí idir chamáin acu. Dúirt an tUachtarán Trump gur mór an onóir dó a bheith in Éirinn. Dúirt sé freisin gur chreid sé go mbainfeadh Éire tairbhe as dealú na Breataine ón Aontas Eorpach.[17]
Thug sé cuairt ansin ar an Dún Beag i gContae an Chláir. Chaith sé an oíche in a óstán féin. An lá dár gcionn, tháinig sé ar ais óna chuairt go dtí an Fhrainc leis an oíche ina diaidh sin a chaitheamh ann chomh maith.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "FÍSEÁN: Cad a cheapann muintir Leòdhais faoi thoghadh duine de shliocht an oileáin ina Uachtarán ar SAM?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Peter Geoghegan. "The Tiny Scottish Village That Spawned Trump" (en). POLITICO Magazine. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ Reid J. Epstein (June 16, 2015). "Donald Trump Enters 2016 Presidential Race". The Wall Street Journal
- ↑ Elle Hunt (2017-01-22). "Trump's inauguration crowd: Sean Spicer's claims versus the evidence" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ https://www.factcheck.org/2017/01/the-facts-on-crowd-size/
- ↑ Without Evidence, Trump Tells Lawmakers 3 Million to 5 Million Illegal Ballots Cost Him the Popular Vote, Washington Post, 24 Eanáir 2017
- ↑ "Tús á chur le triail táinsimh Donald Trump sa Seanad" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-14.
- ↑ 8.0 8.1 Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
- ↑ Tuairisc (9 Lúnasa 2022). "Dlús á chur leis na fiosrúcháin faoi laethanta deireanacha Trump sa Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-14.
- ↑ "Breis is 300 cáipéis rúnaicmithe faighte ar ais ó Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-16). "Teanntás Trump: "beidh mé i m'iarrthóir arís in 2024"" (as ga).
- ↑ "Stormy Daniels" (as en) (2023-03-31). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-03-31). "Trump le cúisiú in íocaíochtaí a thabhairt do Stormy Daniels" (as ga).
- ↑ "Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-31.
- ↑ "Donald Trump á thabhairt os comhair na cúirte in Manhattan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-04.
- ↑ "'Tugaigí poist in Éirinn ar ais go Meiriceá' - Uachtarán Trump" (as ga) (2017-08-16).
- ↑ 17.0 17.1 Nuacht RTÉ (2019-06-05). "Fáilte curtha ag an Taoiseach roimh Donald Trump" (as ga).