Leo Varadkar

an 17ú Taoiseach

Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Leo Varadkar (Maraitis: लिओ वराडकर Gaeilge: Leo de Varad), (a rugadh ar 18 Eanáir 1979).[1] Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Is ceannaire Fine Gael é ó Mheitheamh 2017.

Infotaula de personaLeo Varadkar

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Eanáir 1979
45 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
14 Taoiseach
17 Nollaig 2022 – 9 Aibreán 2024
← Mícheál Ó MáirtínSimon Harris →
Tánaiste
27 Meitheamh 2020 – 17 Nollaig 2022
← Síomón Ó CómhanaighMícheál Ó Máirtín →
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
27 Meitheamh 2020 – 17 Nollaig 2022
← Heather HumphreysSíomón Ó Cómhanaigh →
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
28 Samhain 2017 – 30 Samhain 2017
← Proinséas Mhic GearailtHeather Humphreys →
Aire Cosanta
14 Meitheamh 2017 – 27 Meitheamh 2020
← Éanna Ó CoinnighSíomón Ó Cómhanaigh →
14 Taoiseach
14 Meitheamh 2017 – 27 Meitheamh 2020
← Éanna Ó CoinnighMícheál Ó Máirtín →
Ceannaire Fhine Gael
2 Meitheamh 2017 – 20 Márta 2024
← Éanna Ó CoinnighSimon Harris →
Aire Coimirce Sóisialaí
6 Bealtaine 2016 – 14 Meitheamh 2017
← Joan BurtonRegina Doherty →
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


An tAire Sláinte
11 Iúil 2014 – 6 Bealtaine 2016
← James ReillySimon Harris →
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
9 Márta 2011 – 11 Iúil 2014
← Pat CareyPaschal Donohoe →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Leasmhéara
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - míochaine
Ospidéal an Rí
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDonn
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Buntuarastal234,447 $
Ghlac sé/sí páirt i
16 Eanáir 2023Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2023
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáirtíMatthew Barrett Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinleovaradkar.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: leovaradkar Twitter: LeoVaradkar Instagram: leovaradkar Cuir in eagar ar Wikidata

Ceapadh é ina Thaoiseach don chéad uair ar 14 Meitheamh 2017,[2] agus arís ar 17 Nollaig 2022. 38 bliain d’aois a bhí Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.[3] D'fhógair sé ar 20 Márta 2024 go n-éireodh sé as mar cheannaire Fhine Gael agus mar Thaoiseach.[4][5][6][7]

2008
2011

Teachta Dála cuir in eagar

Bhí Varadkar ina bhall de Young Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, i gColáiste na Tríonóide.

Comhthoghadh é do Chomhairle Chontae Fhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain 2003 (24 bliain d'aois). Atoghadh é don chomhairle i gceantar Chaisleán Cnucha sa bhliain 2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát).

Toghadh Varadkar chun na Dála den chéad uair sa bhliain 2007 (28 bliain d'aois) agus atoghadh é sa bhliain 2011. Ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go 2010.

Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh sa bhliain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhinse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.

Aire cuir in eagar

2011 cuir in eagar

Ar an 9 Márta 2011, ceapadh Varadkar mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a socraíodh tar éis olltoghchán 2011.

Threoraigh Varadkar roinnt áirithe tionscnamh mar Aire Iompair, Turasóireachta & Spóirt (2011-14):

  • Ghlac Varadkar an cinneadh ó thaobh líonraí comaitéireachta an iarnróid éadroim agus an iarnróid  throm a nascadh le chéile i mBaile Átha Cliath trí Thionscadal Traschathrach Luas;
  • D’oscail Varadkar a thuilleadh busbhealaí i gcomhair na hiomaíochta;
  • Rinne Varadkar forbairt a atosú ar an gCampas Náisiúnta Spóirt;
  • Thug Varadkar neamhspleáchas d’Aerfort na Sionainne.
  • D’fhorbair sé Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Beartas Náisiúnta um Chalafoirt. 
  • D’ordaigh sé don Údarás um Bóithre Náisiúnta comharthaí nua a chur in airde a mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge agus an Béarla orthu.[8]

2014 cuir in eagar

I mí Iúil na bliana 2014, nuair a rinne an taoiseach go leor athruithe pearsanra sa chomhaireacht, ceapadh ina Aire Sláinte é, mar chomharba ar James Reilly. Bhí géarchéim ann maidir le líon othar ar thralaithe le linn shaoire na Nollag 2014, agus cáineadh an tAire Sláinte mar gheall ar go raibh sé ar saoire le linn na héigeandála.

Mar Aire Sláinte

  • Dhaingnigh Varadkar méadú €1bn sa bhuiséad sláinte;
  • Thug sé isteach cúram Liachleachtóirí Ginearálta saor in aisce do gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois agus do gach seanóir atá 70 bliain d’aois;
  • D’fhoilsigh Varadkar an chéad Straitéis Náisiúnta Máithreachais a rinneadh in Éirinn riamh;
  • Dhaingnigh Varadkar maoiniú agus cead pleanála i dtaca le Nua-Ospidéal Náisiúnta na Leanaí in Éirinn;
  • D’oibrigh Varadkar go tréan ar mhaithe le Plean “Éire Shláintiúil” an Rialtais chun sláinte mhuintir na hÉireann a fheabhsú, thug sé isteach an chéad reachtaíocht um shláinte phoiblí a achtaíodh in Éirinn chun praghsáil, infhaighteacht agus margaíocht na ndeochanna alcóil a rialáil.
 
Iúil 2016

2016 cuir in eagar

Ceapadh Varadkar mar Aire Coimirce Sóisialaí ar an 6 Bealtaine 2016. Ba é an t-aon aire a shínigh i nGaeilge Clár na nAirí i dTithe an Oireachtais.[8]

Taoiseach, 2017-2020 cuir in eagar

Le linn thoghchán na ceannaireachta i bhFine Gael in 2017, chuir Varadkar cáipéis polasaí amach ina raibh mír faoin nGaeilge.[8]

Ar 2 Meitheamh 2017, bhí Varadkar tofa mar ceannaire Fhine Gael. Ar 14 June 2017, bhí sé roghnaithe mar Taoiseach tar éis vóta 57–50 le 47 staonadh. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh ag an am sin, agus an chéad Taoiseach aerach agus an chead Ceannaire Rialtais de leath-bhunadh na hIndia.

Bhí béim mhór aige ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach sa Dáil. Dúirt sé chomh maith go raibh iarracht mhór á déanamh aige an Ghaeilge a fhoghlaim. Ach d’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil gurbh í an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi. Ba é seo an chéad uair nach mbeadh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.[8]

Tánaiste cuir in eagar

Ar 27 Meitheamh 2020, bhí Varadkar ceaptha mar Thánaiste na hÉireann i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Comhaontas Glas.

Sceitheadh cáipéisí cuir in eagar

Sceith Varadkar eolas lena chara Maitiú Ó Tuathail[9][10] agus bhí Paddy Cosgrave ag magadh faoi.[11]

 
17 Márta 2024, le Joe Biden
 
sa Bhruséil, 21 Márta 2024

Taoiseach, 2022-2024 cuir in eagar

Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil, agus i gceannas ar an gcomhrialtas in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas.[12][3]

Ar an bpaindéim ba mhó a bhí aird an rialtais sa chuid dheireanach dá chéad théarma mar Thaoiseach. Thug sin deis dó cuma an státaire a chur air féin sna hóráidí móra a thugadh sé ar mhaithe leis an bpobal a chur ar an eolas faoi na rialacha is déanaí agus iad a spreagadh chun cloí leo. B’údar bróid ar leith dó, a dúirt sé nuair a d'éirigh sé as, gur éirigh leis an maoiniú do chúrsaí cultúir a dhúbailt.

Chaill Varadkar na reifrinn, 39ú Leasú agus 40ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann ar an 8 Márta 2024.

Gaeilge cuir in eagar

Go dtí 2017, níor thug Varadkar aon óráid shubstaintiúil faoin nGaeilge sa Dáil le linn a chéad deich mbliana sa Dáil. Ach é ina Thaoiseach léirigh sé tuiscint ar thábhacht shiombalach na Gaeilge. In 2021 dúirt sé cúpla babhta go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.[8]

Éirí as cuir in eagar

Ar 20 Márta 2024, d'fhógair Varadkar go raibh sé ag éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol” agus go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothrome agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar go raibh sé le n-éirí as "ar chúiseanna pearsanta agus polaitiúla", ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh.[13][14][7]

Bhí Varadkar 45 bliain d'aois ag an am agus thug sé le tuiscint cheana go raibh rún aige éirí as an bpolaitíocht sula mbeadh an leathchéad sáraithe aige.[15]

Saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath. Is Éireannach í a mháthair.[16]

Ciallaíonn Varadkar ‘as Varad’, baile beag san India arbh as muintir athair an Taoisigh, Ashok Varadkar, ó thús.[17] Bhog Ashok go hÉirinn sna 1960idí.[18] Dochtúir is ea a athair, a d'oibrigh mar dhochtúir teaghlaigh i mBaile Bhlainséir.

D'fhreastail Varadkar ar Scoil Náisiúnta Naomh Proinsias Xavier agus ar Scoil Ospidéal an Rí, i mBaile Phámar. Rinne sé staidéar ar an leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar cháiligh sé mar dhochtúir leighis.

Is maith le Varadkar bheith ag faire ar rugbaí agus ar an bpeil ghaelach, is leantóir Laighean (rugbaí) agus leantóir Bhaile Átha Cliath (CLG) é.

 
Leo Varadkar mar Leo de Varad sa bhliain 2017[19]

Gaeilge cuir in eagar

Bhronn an Coimisinéir Teanga Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar Varadkar i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar 7 Meán Fómhair 2017.[20]

Roimh an bhliain 2017, chloígh Varadkar le ‘Leo Varadkar’ nuair a bhí gnó oifigiúil aige i nGaeilge. Ach ba é an sloinne "Leo de Varad" a roghnaigh sé le cur ar an teastas Gaeilge sa bhliain 2017.[19]

 
2017: a mheon "nualiobrálach" & cur in aghaidh

Gnéasacht cuir in eagar

I mí Eanáir 2015 d'fhógair Varadkar ar an gclár raidió Miriam on Sunday go bhfuil sé aerach. Theastaigh uaidh an méid sin a dhéanamh poiblí ionas nach gceapfaí go raibh clár folaithe oibre aige maidir leis an reifreann ar chomhionannas pósta ná ar cheisteanna eile. Dúirt sé gur duine an-phríobháideach é agus go leanfadh cúrsaí mar a bhí ón taobh sin de.

I mí na Nollag 2022, glacadh físeán de Varadkar i gclub oíche i mBaile Átha Cliath, ag pógadh fear.[21] Ar 11 Nollaig 2022, foilsíodh físeán den eachtra seo ar na meáin shóisialta. Cíoradh an scéal i gcuid de na meáin ina dhiaidh sin.[22][23]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Chum Varadkar leagan nua dá shloinne, 'Leo de Varad', sa bhliain 2017 (2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  2. Facebook (2017). "An lá a toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 "Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  4. Mícheál Lehane (2024-03-20). "Leo Varadkar steps down as Taoiseach and FG leader" (as en). 
  5. "Cosán glan ag Simon Harris do cheannaireacht Fhine Gael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-21). Dáta rochtana: 2024-03-21.
  6. "Simon Harris deimhnithe ina iarrthóir do cheannaireacht FG" (as ga) (2024-03-21). 
  7. 7.0 7.1 Méabh Ní Thuathaláin (Márta 2024). "Tá Leo Varadkar ag éirí as, ach cad é a tharlóidh anois?" (as ga-IE). 
  8. 8.0 8.1 8.2 8.3 8.4 Seán Tadhg Ó Gairbhí (22 Márta 2024). "Leo Varadkar agus an Ghaeilge – na boiscíní ticeáilte ach sin an méid" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  9. Lili Lonergan. "Varadkar controversy highlighted at global Web Summit" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2023-10-22.
  10. "Paddy Cosgrave ‘ran toxic campaigns’ against Varadkar and the IDA" (en). Independent.ie (2021-11-07). Dáta rochtana: 2023-10-22.
  11. "Varadkar leak mentioned at opening of Web Summit" (en). BreakingNews.ie (2021-11-02). Dáta rochtana: 2023-10-23.
  12. Anita McSorley, Ferghal Blaney, Sophie Collins, Louise Burne (2022-12-17). "Live updates as Leo Varadkar becomes Taoiseach with largely unchanged Cabinet" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  13. Conradh na Gaeilge, Londain (23 Márta 2024). "‎Nuacht Mhall (An Dún)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  14. Nuacht RTÉ (2024-03-20). "'Ionadh' ar an Tánaiste faoi chinneadh Leo Varadkar" (as ga-IE). 
  15. Nuacht RTÉ (2024-03-20). "Leo Varadkar le n-éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire FG" (as ga-IE). 
  16. "Ashok Varadkar" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  17. "Varad · Gujarat 394355, India" (en). Varad · Gujarat 394355, India. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  18. ELeathanach 266, 6 Meitheamh 2017
  19. 19.0 19.1 Maitiú Ó Coimín (8 Meán Fómhair 2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  20. Nuacht RTÉ (2017-09-08). "Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bronnta ar an Taoiseach" (as ga-IE). 
  21. Zack NatioN (2022-12-15). "Watch Video Of Leo Varadkar Nightclub Footage Leaked Online" (en-GB). Zacknation - Ghanaian No. 1 Music Download Website. Dáta rochtana: 2022-12-17.
  22. Nuacht RTÉ (2022-12-12). ""Sárú príobháideachais atá san fhíseán den Tánaiste" - Taoiseach" (as ga-IE). 
  23. Reddit (2022). "Varadkar kiss debate". Dáta rochtana: 2022.