Joan Burton
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Thiar í Joan Burton (Gaeilge: Siobhán de Bhurtúin) (rugadh í 1 Feabhra, 1949). Tá sí ina ball de Pháirtí an Lucht Oibre. Roghnaíodh mar Aire Um Chosaint Shóisialta sa bhliain 2011 í. Roghnaíodh mar Aire Coimirce Sóisialaí í. Ceapadh ina ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ina Tánaiste í sa bhliain 2014.
Olltoghchán 2016Cuir in Eagar
Sheas Burton in Olltoghchán 2016 agus ba bheag nár chaill sí a suíochán tar éis ghéarchoimhlint sa toghroinn Baile Átha Cliath Thiar. Níor bhuaigh an páirtí ach seacht suíochán agus ceapadh Frances Fitzgerald ina háit mar Thánaiste ar an 6 Meitheamh 2016[1].
Ar an 10 Meitheamh 2016, thug Burton le fios go mbeidh sí le héirí as ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre. Dúirt sí gur chuir droch-thorthaí an olltoghcháin go mór lena cinneadh[2].
Anuas ar sin, chaill Burton a suíochán Dála in Olltoghchán na bliana 2020.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |