Brendan Howlin
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Loch Garman é Brendan Howlin (Gaeilge: Breandán Ó hAmhláin) (rugadh é 9 Bealtaine, 1956). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre agus ina TD ón mbliain 1987. Roghnaíodh mar Aire Um Chaiteachas Poiblí agus Athchóirithe é sa 31ú Dáil, agus bhí sé ina Leas-Cheann Comhairle, ina Aire Comhshaoil, agus ina Aire Sláinte roimhe sin. Is as teaghlach polaitiúil as Loch Garman dó.
Sheas Howlin in Olltoghchán 2016 agus d'éirigh leis a shuíochán Dála a bhaint amach in athuair le 14.8% de na vótaí céad rogha.
Roghnaíodh mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre é ar an 20 Meitheamh 2016[1], tar éis do Joan Burton seasamh i leataobh. D'éirigh sé as ceannaireacht an pháirtí ar an 12 Feabhra 2020, tar éis gan ach 6 suíochán a bhaint amach in olltoghchán na bliana 2020. [2]
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |