Olltoghchán na hÉireann, 2024
Reáchtálfar Olltoghchán na hÉireann, 2024[1] ar an 29 Samhain 2024 i bPoblacht na hÉireann, chun an 34ú Dáil Éireann a thoghadh.
Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
---|---|
Am | 29 Samhain 2024 |
Cineál | olltoghchán in Éirinn agus future election (en) |
Oifig le buachan | 174 Teachta Dála |
Iarrthóir | |
← 2020 |
Dhearbhaigh an Taoiseach Simon Harris ar an 6 Deireadh Fómhair 2024 ar RTÉ go n-iarrfadh sé ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins an 33ú Dáil a scor chun olltoghchán a reáchtáil ar an 29 Samhain.[2][3] Bhí tús oifigiúil curtha leis an bhfeachtas olltoghchánaíochta i 43 dáilcheantar an Stáit ar an 8 Deireadh Fómhair.[4] Toghfar 173 ceann de na 174 suíochán atá i nDáil Éireann le buachan, gach suíochán seachas suíochán an iar-Chinn Chomhairle.[5]
Cúlra
cuir in eagarIs i mí Feabhra 2020 a bhí an t-olltoghchán roimhe sin, Olltoghchán na hÉireann, 2020. D'athraigh an líon suíochán a bhí ag roinnt de na páirtithe faoin am a scoireadh an 33ú Dáil in 2024:
* Páirtithe an Chomhrialtais, 2020-2024 - Fianna Fáil 35; Fine Gael 32; Comhaontas Glas 12;
* An Freasúra - Sinn Féin 33; Daonlathaithe Sóisialta 6; Lucht Oibre 6; Dlúthpháirtíocht-Pobal seachas Brabús 5; Aontú 1; Éire Neamhspleách 3; Ceart chun Athraithe 1; Neamhspleáigh 19; Ceann Comhairle 1.
174 suíochán a bheas sa 34ú Dáil, i gcomórtas leis an 160 suíochán a bhí sa 33ú Dáil.
D'éirigh cuid mhaith de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 as; i gcás Fhine Gael, níos mó ná a leath acu – 18 den 33 – ní raibh siad san iomaíocht in 2024 ar chúinsí éagsúla, cúinsí pearsanta ina measc.[5]
Feachtas
cuir in eagarFeachtas toghchánaíochta trí seachtaine a bheas i gceist.
Ar an lá deireanach sa Dáil ar an 7 Deireadh Fómhair, mar bhéim scoir, tharraing páirtithe an fhreasúra aird ar chuid de na mórcheisteanna a bheas faoi iomrá le linn an fheachtais – tithíocht, na seirbhísí sláinte agus an costas maireachtála ina measc. Rinneadh tagairt chomh maith don nós atá ann, má tá, airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.[6]
Dúirt an Taoiseach agus an toghchán á fhógairt aige go raibh sé de cheart ag an bpobal dea-riar agus díograis a fháil ón rialtas. Tarraingíonn caint dá leithéid aird ar chumas an rialtais agus airgead an stáit á chaitheamh, agus ar chaiteachas lochtach, go háirithe. Ach ní chabhraigh an €336,000 a caitheadh ar phálás na rothar i dTeach Laighean,[7] ná an droch-chonradh a ceadaíodh i gcomhair Ospidéal Náisiúnta na Leanaí le cás an rialtais a bhí ag dul as oifig.[8]
Sheol na páirtithe polaitiúla a bhforógraí toghchánaíochta ar an 11-13 Samhain.[9] [10][11]
Torthaí an toghcháin
cuir in eagar34ú Dáil Éireann
cuir in eagarAr an 18 Nollaig 2024 a shuífeadh an 34ú Dáil Éireann den chéad uair.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, Irish General Election 2024
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-06). "'Dáil Éireann le scor arú amárach, olltoghchán ar an 29 Samhain'" (as ga-IE).
- ↑ "Olltoghchán le gairm Dé hAoine don 29 Samhain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-06). Dáta rochtana: 2024-11-07.
- ↑ De réir Airteagal 13.2.1 de Bhunreacht na hÉireann, tá iallach ar an Taoiseach iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a scor sular féidir olltoghchán a ghairm.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-11-08). "Dáil Éireann scortha, olltoghchán ar an 29 Samhain" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-07). "An 33ú Dáil ina suí den uair dheiridh agus olltoghchán chugainn" (as ga-IE).
- ↑ airgead a chaitheamh go rábach ar thograí neamhphráinneacha, fearacht an fhoscadáin rothar i dTeach Laighean.
- ↑ Cathal Mac Coille (9 Samhain 2024). "Áitiúlacht, aontacht agus amhras – fáilte go dtí Olltoghchán 2024" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-11). "Páirtithe polaitiúla ag seoladh a bhforógraí toghcháin inniu" (as ga-IE).
- ↑ "Geallta ag Fianna Fáil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta a leagan ar roinn rialtais nua" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-11). Dáta rochtana: 2024-11-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-13). "Leantar leis an bhfeachtas toghchánaíochta" (as ga-IE).