Éire (Poblacht na hÉireann)

stát ceannasach in iarthuaisceart na hEorpa a chlúdaíonn cúig séú d'oileán na hÉireann
(Athsheolta ó Poblacht na hÉireann)

Is ballstát den Aontas Eorpach í Éire (i mBéarla: Ireland), nó Poblacht na hÉireann (i mBéarla: Republic of Ireland) mar a thugtar uirthi uaireanta, atá suite in iarthuaisceart na hEorpa. Is é Baile Átha Cliath príomhchathair na hÉireann agus é an chathair is mó sa tír. In oirthear na tíre atá sé.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilÉire
Éire (ga)
Ireland (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnAmhrán na bhFiann Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Jump into Ireland» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 53° N, 8° O / 53°N,8°W / 53; -8

PríomhchathairBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,149,139 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús73.77 hab./km²
DéamainmÉireannaigh, Éireannach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghaeilge
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAontas Eorpach
an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
Tuaisceart na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla69,797 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCorrán Tuathail (1,038.6 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Slaba Thuaidh (−3 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síSaorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1922:  (Saorstát Éireann)
29 Nollaig 1937
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht agus stát aonadach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtais na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachan tOireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hÉireann Cuir in eagar ar WikidataMícheál D. Ó hUiginn (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Taoiseach Cuir in eagar ar WikidataLeo Varadkar (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeAn Chúirt Uachtarach Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil504,182,603,276 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuro Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+353 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreIE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSIE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1420121
Suíomh gréasáingov.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Cé gur fhan an an Stát "neodrach" le linn an Dara Chogaidh Dhomhanda agus cogaí eile ó shin, is ballstát de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach í Éire, ach ní dheachaigh sí isteach in ECAT, ar eagraíocht mhíleata í.

Tugtar Éire[1] nó, sa (Béarla: Ireland) ar an oileán in oirthear an Atlantaigh Thuaidh, díreach siar ón Bhreatain Mhór, ar sheilf ilchríochach na hEorpa agus ar ainm an stáit cheannasaigh, neamhspleách, dhaonlathaigh a chuimsíonn an chuid is mó de chríoch an oileáin. Tugtar Tuaisceart Éireann, ar an chuid eile den oileán, atá laistigh den Ríocht Aontaithe. De réir Bhunreacht na hÉireann, Éire is ainm don Stát nó, sa Bhéarla, Ireland.


Príomhalt: Stair na hÉireann

Rialtas Dúchais

cuir in eagar
Príomhalt: Rialtas Dúchais

D'eascair an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) as eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den fhichiú haois. Ón 1 Eanáir 1801 go dtí an 6 Mí na Nollag 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire.

Éirí amach agus céimeanna i dtreo na saoirse

cuir in eagar

Sa bhliain 1919, shocraigh an chuid is mó de Fheisirí Parlaiminte Éireann, a toghadh in olltoghchán na Breataine, 1918, a suíocháin i bParlaimint na Breataine a dhiúltú. In áit dul go Londain bhunaigh siad parlaimint Éireannach, Dáil Éireann. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach in ainm Poblachta Éireannaigh. Níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta don phoblacht seo. Chuir Rialtas na Breatain an Dáil faoi chois, agus cuireadh go leor de na Teachtaí Dála i bpríosún. Thosaigh Cogadh na Saoirse, a mhair go dtí 1921, nuair a thosaigh rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh ar idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais in Éirinn, a bhí dleathach i súile na Breataine agus féinrialaitheach faoi stádas chríochach (dominion status).

Cruthaíodh stát nua Éireannach, "Saorstát Éireann" (as Béarla: Irish Free State). Bhí sé ar intinn an oileán go léir a chur faoin Saorstát, ach ba é rogha "Thuaisceart Éireann" (a cruthaíodh de réir Acht Rialtais na hÉireann 1920, agus ina raibh 6 des na 9 chontaetha in Ulaidh) fanacht laistigh den Ríocht Aontaithe. Sa chaoi sin, is le Saorstát Éireann a bhí na 26 chontaetha eile; monarcacht bhunreachtúil faoi smacht ríocht na Breataine (ach leis an dteideal Rí Éireann tar éis 1927). Ag an stát seo bhí Fear Ionaid an Rí (i mBéarla, Governor-General), parlaimint le dhá sheomra, aireacht ar a raibh an teideal Executive Council (Comhairle Gnóthaí), agus príomh-aire leis an teideal Uachtarán na Comhairle Gnóthaí (President of the Executive Council). Bunreacht Shaorstáit Éireann a thugtar ar bhunreacht an stáit seo.

Bunreacht na bliana 1937

cuir in eagar

Ar an 29 Mí na Nollag 1937 tháinig bunreacht nua, Bunreacht na hÉireann, i bhfeidhm. Cruthaíodh stát nua, ar a dtugadh Éire, in áit Saorstáit Éireann. Sa bhunreacht, bhí áis ann i gcomhair oifig nua, Uachtarán na hÉireann, in áit an rí. Ina ainneoin seo, ní poblacht a bhí sa stát seo. De réir an dlí, bhí an príomhphost atá ag ceann an stáit; ionadaíocht a dhéanamh ar son an stáit go hidirnáisiúnta – fós ag an Rí.

Poblacht na hÉireann, 1949

cuir in eagar
 
Forógra na Cásca, 1916

Briseadh an nasc deiridh le Monarcacht na Breataine le hAcht Phoblacht na hÉireann, a ritheadh sa bhliain 1948.[2] Ar an 1 Aibreán 1949 d'fhógair an Comhrialtas a bhí i gcumhacht Acht Poblachta na hÉireann Éire mar phoblacht, leis na postanna a bhí ag Rí na hÉireann roimhe sin tugtha do Uachtarán na hÉireann.[3]

Ar an 16 Aibreán 1949, d’éirigh Saorstát Éireann ina Phoblacht. Tháinig sé i bhfeidhm ar Luan Cásca 1949, 33 bhliain díreach tar éis Éirí Amach na Cásca.[4]

Cé go raibh Éire fós mar ainm oifigiúil ag an stát (Airteagal 4, "Éire is ainm don stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland"[5]) tháinig an téarma The Republic (gan ann ach cur síos oifigiúil ar an stát nua) in úsáid mar a hainm as Béarla. Agus Stát na hÉireann ag baint úsáide as an téarma Ireland chun cur síos uirthi féin as Béarla, go háirithe le hábhair taidhleoireachta (mar shampla President of Ireland agus Constitution of Ireland). Chomh maith, d'fhógair Bunreacht 1937 gur pháirt dleathach den stát í Tuaisceart Éireann.

Leasaíodh an chuid sin den bhunreacht, Airteagal 2 agus 3, i 1999 mar chuid de Chonradh Aoine an Céasta.

 
Armas

Ba bhallstát den Comhlathas Briotanach Saorstát Éireann/Éire fós, go dtí gur fógraíodh an Phoblacht i mí Aibreáin 1949. De réir rialacha an Chomhlathais ag an am sin, chuir fógairt na poblachta deireadh le ballraíocht sa Chomhlathas. Tharla sé seo roimh athrú na rialacha chun poblacht nua na hIndia a choimeád sa Chomhlathas. Fiú má chuaigh ballraíocht na hÉireann chun deiridh gan aon iarratas ar bhallraíocht nua, choimeád sí roinnt mhór de bhuntáistí na ballraíochta. Inniu féin, is féidir le saoránach Éireannach atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe gach ceart atá ag saoránach Bhriotanach a éileamh, fiú amháin seasamh i dtoghcháin áitiúla agus parlaiminte agus páirt a ghlacadh in airm na Breataine.

Poblacht an lae inniu

cuir in eagar

Ghlac Éire a ballraíocht sna Náisiúin Aontaithe i 1955 agus sa Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach (an Aontas Eorpach anois) i 1973. Tá athaontú na hÉireann iarrtha go síochánta ag rialtais Éireannacha agus iad ag cabhrú leis an mBreatain i gcoinne na gcaismirtí foréigneacha idir ghrúpaí paraimíleatacha i dTuaisceart Éireann a dtugtar Na Trioblóidí orthu. Tá na rialtais ag cur aontú síochána do Thuaisceart Éireann, Comhaontú Bhéal Feirste, lenar aontaigh an Phoblacht agus an Tuaisceart i 1998 i reifrinn, i bhfeidhm faoi láthair, cé go bhfuil moilliú air de bharr easaontais, go háirithe i measc na nAontachóirí.

Polaitíocht

cuir in eagar
 
Léarscáil Éireann

Is poblacht í Éire, le córas parlaiminte mar rialtas aici. Toghtar Uachtarán na hÉireann, a freastalaíonn mar cheann stáit, i gcomhair tréimhse 7 mbliana, le cead seasaimh arís uair amháin eile. Is post ainmniúil é an tUachtarán don chuid is mó, ach tá roinnt smacht agus feidhmeanna aige de réir an bhunreachta, le cabhair ó Chomhairle an Stáit, ionad comhairleora. Ceaptar an príomhaire, an Taoiseach, ag an Uachtarán tar éis moladh na Dála. Go hiondúil, is ceannaire páirtí polaitíoch é an Taoiseach, nó ceannaire comhrialtas a bhuann an méid is mó suíochán sna toghcháin náisiúnta.

Is iad an seanad, Seanad Éireann, agus an teach ionadaithe, Dáil Éireann, dá sheomra an pharlaimint, an Oireachtas. Tá 60 sa Seanad; 11 molta ag an Taoiseach, 6 tofa ag na hollscoileanna náisiúnta, agus 43 tofa ó chláranna iarrthóirí atá bunaithe de réir córas gairmiúil. Sa Dáil tá 166 Teachtaí Dála, nó sa Bhéarla – Deputies, tofa mar ionadaithe dáilcheantair ilsuíocháine, de réir ionadaíocht chionmhar cruthaithe ag úsáid an Vóta Aonair Inaistrithe. Faoi Bhunreacht na hÉireann, 7 mbliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin parlaiminte – ach is féidir tréimhse níos giorra a chur i ndlí. Faoi láthair, is í 5 bliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin.

De réir na bunreachta, tá teorann de 15 duine sa Rialtas. Ní féidir le níos mó ná dhá fheisire den Rialtas a bheith ón Seanad, agus is gá don Taoiseach, an Tánaiste (leas-phríomhaire) agus an tAire Airgeadais a bheith ón Dáil. Faoi láthair, tá comhrialtas trí pháirtí sa rialtas; Fianna Fáil faoin Taoiseach Mícheál Ó Máirtín, Fine Gael faoin Tánaiste Leo Varadkar agus Comhaontas Glas faoi Éamon Ryan.

 
Na Ceithre Cúirteanna

An córas dlí atá i bhfeidhm in Éirinn ná an Dlí Coiteann. Is éard atá sa chóras cuirte ná An Chúirt Uachtarach, an Chúirt Achomhaire Choiriúil, an Ard-Chúirt, an Chúirt Chuarda agus an Chúirt Dúiche.

Fórsaí cosanta

cuir in eagar
Príomhalt: Óglaigh na hÉireann
 
Óglaigh na hÉireann

Tá an Phoblacht á chosaint ag Óglaigh na hÉireann (nó Fórsaí Cosanta na hÉireann) a chuimsíonn Arm na hÉireann, an tSeirbhís Chabhlaigh, an tAerchór agus na hÓglaigh Chúltaca.

Príomhalt: Contaetha na hÉireann
 
Radharc na mBan – Contae Chiarraí

Déantar cur síos ar 32 contaetha go traidisiúnta sa tír, agus 26 i bPoblacht na hÉireann – úsáidtear fós iad i ngnónna cultúrtha, stairiúla agus spóirt. I dtaobh rialtais áitiúla de, deineadh roinnt deighilt, le contae Átha Cliath briste suas i dtrí chontae nua sna nóchaidí, agus contae Thiobraid Árann roinnte i leath leis na glúnta, rud a fhágann 29 roinn sa Phoblacht:

Tíreolaíocht

cuir in eagar
 
Éire

Tá achar níos mó ná 84,421 km² ag oileán na hÉireann – le cúig séú chuid den oileán sa Phoblacht agus an chuid eile i dTuaisceart Éireann. San iarthar, is é an tAigéan Atlantach a thugtar ar an muir. San oirthuaisceart, ritheann sí isteach i Sruth na Maoile. Amach ón oirthear luíonn Muir Éireann a cheanglaíonn arís leis an Aigéan trí Mhuir na Breataine agus an Mhuir Cheilteach. Tá aillte, cnoic agus sléibhte beaga sa tír (is é an tsliabh is airde ná Corrán Tuathail atá 1,041 m ar airde). I lár na tíre tá portaigh, agus roinnt talún oiriúnach do churadóireacht, go háirithe san oirthear. Sruthann roinnt mhaith abhainn trí lár na tíre – mar shampla, an tSionainn, agus tá roinnt locha móra ann chomh maith.

Athraíonn Sruth an Atlantaigh Thuaidh an aeráid measartha áitiúil, atá éadrom go leor. Is annamh a bhíonn na samhraidh ró-the, ach ní go minic a bhíonn an tír feannta ina hiomlán sa geimhridh. Bíonn báisteach ann go minic, le suas le 275 laethanta le bháisteach i roinnt ceantair den tír. Is iad na príomhchathracha ná an phríomhchathairBaile Átha Cliath ar an gcósta thoir, cathair Chorcaí sa deisceart, Gaillimh agus Luimneach ar an gcósta thiar, agus Port Láirge san oirdheisceart.

Eacnamaíocht

cuir in eagar
 
Banc Ceannais na hÉireann

Is tír ag cleachtadh "comórtais chánach" í Éire; tá ceann de na hualaí cánaí is ísle san AE aici. Tá a pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €10.10 in aghaidh na huaire, mar a bhí i Mí na Márta 2020.[6] Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go háirithe as Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta idirnáisiúnta a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí in Éirinn. Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbartha; tá sé ó roinnt blianta ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis in Éirinn, agus meastar gurb é 60,000 é líon na bpostanna a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach.

 
IFSC

Tá na postanna seo le fáil den chuid is mó i gcomharsanacht na ghnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid le méid mhór an tionscail i dtéarmaí a luach airgeadais, ní fhostaíonn an tionscal airgeadais ach beag duine: sa bhliain 2002, níor fhostaigh sí ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an OTI náisiúnta. Dá réir sin, tá postanna sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; ar thaobh eile, tá tionscail mar an talmhaíocht agus an próiseáil bia ar an bhfód nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine i bpostanna atá níos measa íoctha i gcomparáid.[7]

I Mí Eanáir 2020, bhí ráta dífhostaithe na hÉireann ag 4.8%, an 12ú figiúr is fearr as 27 tír an Aontais Eorpaigh.[8] Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime 2019 na Náisiún Aontaithe, is an 9ú tír is forbartha ar domhan í Éire, as 150 ceann a thomhaiseadh, agus mar sin an cúigiú tír is forbartha san Aontas Eorpach.[9] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í Éire an 14ú tír is sona, as 156 tír.

 
Aer Lingus De Havilland DH-84 Dragon, 1936

Tá trí aerfort idirnáisiúnta ag freastal ar an tír: Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort na Sionainne agus Aerfort Chorcaí. Is í Aer Lingus aerlíne náisiúnta na tíre, cé go bhfuil an aerlíne ísealchostais Ryanair ar an ceann is mó.

Tá seirbhísí iarnróid na tíre á chur ar fáil ag Iarnród Éireann agus is i mBaile Átha Cliath atá na príomh-stáisiúin Stáisiún Heuston agus Stáisiún Uí Chonghaile lonnaithe.

Sa bhliain 2021, bhí thart ar 5.01 milliún duine ag maireachtáil sa Phoblacht.[10] In Aibreán 2021, meastar go raibh 645,500 náisiúnach coigríche ag cur fúthu in Éirinn, sin 12.9% de dhaonra iomlán an Stáit. Meastar go raibh daonra 1.43 milliún duine i mBaile Átha Cliath in Aibreán 2021, sin 28.5% de dhaonra iomlán an Stáit.

Is de bhunadh Cheilteach an chuid is mó de mhuintir na hÉireann, ach tá mionlach de bhunadh Sasanach.

Príomhalt: Teangacha na hÉireann

Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile, de réir an Bhunreachta. Teagascaítear an Béarla mar chéad teanga do gach leanbh scoile san oideachas bunscoile agus meánscoile agus an Ghaeilge mar dhara teanga do mhórchuid na bpáistí sa chóras oideachais. Sa bhliain 2006, ní raibh ach 73,803 cainteoirí laethúla na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, is é sin 1.7% den daonra. As na cainteoirí laethúla, bhí tromlach substaintiúil (53,217) ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht.[11][12]

Tá comharthaí poiblí dátheangacha go forleathan, agus tá Gaeilge sna meáin chumarsáide anois chomh maith. Níl ach roinnt pobal beag, Gaeltachtaí, an chuid is mó acu ar chósta iartharach na tíre, ina labhraítear Gaeilge go forleathan.

 
Na céadatáin a labhraíodh Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais, de réir Dhaonáireamh 2011

I nDaonáireamh 2011 dúirt 1,774,437 (41.4%) de dhaonra Poblacht na hÉireann go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt. Dúirt 77,185 (1.8%) go labhair siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dúirt 110,642 (2.4%) go labhraíodh siad Gaeilge ar a laghad uair amháin sa tseachtain taobh amuigh den chóras oideachais. San iomlán, is 4.2% (187,827) de dhaonra Phoblacht na hÉireann iad cainteoirí Gaeilge laethúla agus seachtanúla.

Labhraíodh 495,679 daoine teanga eile sa bhaile seachas GaeilgeBéarla. Ba í an Pholainnis an teanga iasachta is comónta le 113,488 (2.5% de dhaonra Poblacht na hÉireann). Ba í an Fhraincis an dara teanga iasachta is comónta le 55,512 (1.2%) cainteoirí. Ba í an Liotuáinis an tríú teanga iasachta is comónta le 30,389 (0.7%) cainteoirí.

Príomhalt: Creideamh in Éirinn

Go hoifigiúil, is Caitlicigh iad 92% den daonra. Ach tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht don chreideamh i measc Chaitlicigh na hÉireann. Idir 1996 agus 2001, laghdaigh gnáth-fhreastal, a bhí ag laghdú cheana, ó 60% go 48% (bhí sé níos mó ná 90% i 1973), agus ní raibh ach dhá chliarscoil nach raibh dúnta, nó chun dúnadh i gceann tamaill bhig. Gortaíodh an eaglais go dona chomh maith sna nóchaidí, le sraith scannal gnéasach, agus le cúiseanna d'forcheilt i gcoinne an cliarlathais. I 1995, tar éis cosc a lean 58 bliana, shocraigh vótálaithe colscaradh a dhéanamh dleathach arís.

Is í Eaglais na hÉireann, a bhí ag dul i laghad ar feadh an chuid is mó don fichiú aois, an dara creideamh is mó sa tír. Tá an Eaglais sin ag méadú arís anois, de réir daonra 2002, chomh maith le sainchreidimh Chríostaíocha eile agus Ioslam. Tá an pobal beag Giúdach in Éirinn ag dul i laghad fós.

Roinntear oideachas in Éirinn ina thrí chéim – bunscoil, meánscoil agus ardoideachas. Tá freastal scoile éigeantach i bhfeidhm do ghasúir idir sé bliana agus cúig bliana déag d'aois. Caithfidh an Teastas Sóisearach a dhéanamh uair amháin ar a laghad roimh ocht mbliana d'aois.

 
Amhrán na bhFiann
Príomhalt: Cultúr na hÉireann

Níl cultúr amháin ag muintir oileáin na hÉireann. Is iomaí difríocht atá ann, mar shampla idir muintir na cathracha agus muintir na tuaithe, nó idir na Caitlicigh agus na Prostatúnaigh sa Tuaisceart.

Litríocht

cuir in eagar
Príomhailt: Litríocht na hÉireann, Litríocht na Gaeilge

I nGaeilge agus i Laidin atá litríocht luath na hÉireann. Cé gurb í litríocht Bhéarla na hÉireann an ceann is mó clú anois, is mó go mór an tábhacht atá le litríocht na Gaeilge sa tréimhse is luaithe, agus í ar na litríochtaí iarchlasaiceacha is sine san Eoraip.

 
Cluiche camógaíochta

Cluichí traidisiúnta iad an pheil Ghaelach agus an iomáint, agus iad ar na spóirt lucht féachana is mó ráchairt sa tír. Imrítear na cluichí ar bhonn uile-Éireann faoi stiúir Chumann Lúthchleas Gael. Na cluichí Gaelacha eile a imrítear ná liathróid láimhe agus cluiche corr.

Tagann sacar go gairid sna sálaí ar na cluichí dúchasacha. Is í Sraith na hÉireann an comórtas sacair náisiúnta, ach cuireann muintir na tíre suim níos mó trasna na dtonnta sa Phríomhroinn Shasana. Imríonn foireann sacair Phoblacht na hÉireann ar bhonn idirnáisiúnta, faoi stiúir Chumann Peile na hÉireann.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Éire/Ireland | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Tithe an Oireachtais (2020-03-05). Cé nach raibh nasc na hÉireann leis an mBreatain chomh láidir agus a bhíodh, d’fhan sí sa Chomhlathas i rith an ama agus bhí teideal an cheannaire fós ar mhonarc na Breataine maidir le caidreamh seachtrach na hÉireann. Cúis náire ba ea an méid sin thar lear – mar shampla sa bhliain 1947, fágadh ambasadóir na hÉireann chun na Vatacáine ag fanacht sa Róimh ar feadh trí seachtaine go dtí go síneodh an Rí a chuid cáipéisí.: "Stair na Parlaiminte in Éirinn – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-04-13.
  3. "Ireland becomes a republic - archive, April 1949" (en). the Guardian (2020-04-08). Dáta rochtana: 2022-04-16.
  4. "An Taobh Ó Thuaidh: Aibreán 2014 by Nasc le Gaeilge - Issuu" (en). issuu.com. Dáta rochtana: 2022-07-12.
  5. "Department of the Taoiseach" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-07-12.
  6. Citizensinformation.ie. "Íosrátaí pá" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2020-03-15.
  7. "Ireland’s food industries would be worst hit by a hard Brexit". The Economist (2017-04-06). Dáta rochtana: 2019-01-27.
  8. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.
  9. "Human Development Report 2019 - Overview". Dáta rochtana: 15-03-2020.
  10. Nuacht RTÉ (2021-08-31). "5.01 milliún duine ag maireachtáil sa Stát - figiúirí nua" (as ga). 
  11. "Just 6.3% of Gaeilgeoirí speak Irish on a weekly basis". Journal.ie, 23 Samhain 2017.url=https://www.thejournal.ie/census-irish-education-3712741-Nov2017/
  12. CSO. "Cainteoirí". Dáta rochtana: 2012.