2001
Blianta: 1998 1999 2000 - 2001 (MMI) - 2002 2003 2004 | |
Deichniúra: 1970í 1980í 1990í - 2000í - 2010í 2020í 2030í | |
Aois: 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois |
Is gnáthbhliain an bhliain 2001
EachtraíCuir in Eagar
- 15 Eanáir - Tháinig an chiclipéid idirlíne Béarla Wikipedia ar líne den chéad uair (Lá Wikipedia).
- 20 Eanáir - Ghlac George W. Bush mionn oifige Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá
- 23 Márta - Thit an stáisiún spáis Rúiseach Mir isteach sa Chiúin-Aigéan
- 1 Aibreán - Géilleadh Slobodan Milošević don fhórsa speisialta póilíneachta chun dul faoi thriail ar choir chogaidh.
- 26 Aibreán - Jun’ichirō Koizumi de chuid an PLD ina phríomh-aire sa tSeapáin.
- 1 Meitheamh - Tharla "Sléacht an Pháláis" i Kathmandu i Neipeal nuair a mharaigh an prionsa Dependra a athair, Birendra, an rí, chomh maith le roinnt daoine eile den teaghlach ríoga.
- 11 Meán Fómhair - Scriosadh Ionad Trádála an Domhain i Nua Eabhrac agus rinneadh damáiste don Pheinteagán in aice le Washington, D.C.. Le heitleáin fuadaithe a cuireadh na hionsaithe i gcrích. Maraíodh beagnach 3,000 duine.
- 23 Deireadh Fómhair - Sheol Apple Computers an iPod.
- 25 Deireadh Fómhair - Sheol Microsoft Windows XP.
- 4 Samhain - Bunaíodh Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann.
11 Meán Fómhair: D'ionsaigh dhá fhoireann de chuid Al-Qaeda an World Trade Center i Nua-Eabhrac le dhá eitleán ar thóg siad seilbh orthu. Sa phictiúr seo thuas tá suíomh an ionsaithe 11 lá ina dhiaidh sin.
BreitheannaCuir in Eagar
- 18 Nollaig - Billie Eilish, amhránaí
BásannaCuir in Eagar
- 11 Bealtaine - Douglas Adams, scríbhneoir Sasanach (r. 1952)
- 15 Aibreán - Joey Ramone, ceoltóir agus amhránaí Meiriceánach
- 5 Lúnasa - Aaron Flahavan, imreoir sacair Sasanach (r. 1975)
- 25 Lúnasa - Aaliyah, amhránaí agus aisteoir Meiriceánach (r. 1979)
- 2 Meán Fómhair – Christiaan Barnard, máinlia Afraiceach Deisceartach (r. 1922)
- 11 Meán Fómhair – Mychal F. Judge, sagart Caitliceach (r. 1933)
- 29 Samhain - George Harrison, ceoltóir Sasanach as The Beatles (r. 1943)
- 16 Nollaig – Stefan Heym, scríbhneoir Gearmánach Giúdach (r. 1913)
- Gan dáta – Eibhlín Ní Chathailriabhaigh, gníomhaí Gaeilge (r. 1910)