Martin O'Hagan

iriseoir iniúchach Éireannach

Iriseoir ab ea Martin 'Marty' O'Hagan (23 Meitheamh 196028 Meán Fómhair 2001). Maraíodh an chéad iriseoir ó thuaidh ar 28 Meán Fómhair 2001 nuair a scaoil dílseoirí Marty O’Hagan sa Lorgain i gContae Ard Mhacha agus é ag siúl chun an bhaile lena bhean chéile i ndiaidh oíche sa teach tábhairne.[1]

Infotaula de personaMartin O'Hagan
Beathaisnéis
Breith23 Meitheamh 1950
An Lorgain, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meán Fómhair 2001
51 bliana d'aois
An Lorgain, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Uladh
An Ollscoil Oscailte Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcolúnaí, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1978 –
TeangachaBéarla

Bhí O'Hagan ar an chéad iriseoir i dTuaisceart Éireann arb é a ghairm iriseora ba shiocair báis dó. Ag an am, bhí sé ag fiosrú na bainte idir an LVF agus na seirbhísí slándála. Ba é an chéad duine a maraíodh toisc gur iriseoir a bhí ann.[2] Trí na Trioblóidí ar fad, níor maraíodh iriseoir ar bith, ainneoin gur tháinig an Tuaisceart trí thréimhse iontach corraithe.

Cúlra cuir in eagar

LVF

Cúpla uair an chloig roimh lámhach Marty O’Hagan, tharraing Státrúnaí an Tuaiscirt, An Dr. John Reid, siar ó chinneadh a bhí déanta aige deimhniú go hoifigiúil go raibh sos cogaidh an UDA, agus a arm, an UFF, críochnaithe. Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí “gur chinn an UDA ar stop a chur leis an fhoréigean.” Thug an Dr Reid “seans amháin eile” - an seans deireanach - don UDA.[3]

Seacht n-uaire an chloig níos moille, scaoileadh an t-iriseoir. Thit sos cogaidh na ndílseoirí as a chéile, ag léiriú níos soiléire contrárthachtaí inmheánacha Chomhaontú Aoine an Chéasta.[3]

Gairm cuir in eagar

Rinne O'Hagan scéalta d'achan saghas don Sunday World. Ach bhí sé ag scríobh go háirithe faoi choirpigh éagsúla i rith na dTrioblóidí.

Fuair sé bagairtí mar gheall ar an obair a bhí á dhéanamh aige sna blianta seo. D'fhuadaigh an tIRA O'Hagan A i ndeisceart Ard Mhacha sa bhliain 1989, – ach scaoileadh saor é.

Sa bhliain 1984, ghortaigh an UVF (go dona) iriseoir eile on Sunday World, Jim Campbell. Bhagair an dream ceanna seo an bás ar Mharty O'Hagan. D'éirigh cúrsaú níos measa nuair a bhí Billy Wright, an síceapatach, i mbarr a reime i bPort an Dúnáin, lámh leis an Lurgain. B'éigean do O'Hagan dul go Corcaigh ar feadh tamaill.

Ní bhíodh ar a aird ach an LVF, agus an bhaint a bhí ag an LVF, go hairithe, le fórsaí rúnda sna péis agus san arm. Le linn an ama seo, bhí na tuairiscí ag O'Hagan ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach.

Feallmharú cuir in eagar

Bhí paramíleataigh - an LVF (Loyalist Volunteer Force)[4][5] - freagrach as an dúnmharú. Sa bhliain 2008, bhí cúigear tugtha os comhair cúirte agus dúnmharú an iriseora curtha ina leith.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Físeán Panoramaː 'Collusion' (BBC) le Daragh McIntyre agus Bronach Walsh (Relatives for Justice)[6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Robert McMillen (Eanáir 2002). "Tá sé ina chogadh leis sna Sé Chontae" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-09-28.
  2. Anton Mac Caba (Comhar) (Samhain 2001). "Feall ar fheall: Dúnmharú Martin O'Hagan: Feall an LVF agus Feall na Meán Cumarsáide | Anton Mac Caba | download". ur.booksc.eu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-28. Dáta rochtana: 2021-09-28.
  3. 3.0 3.1 Robert McMillen (D.F. 2001). "Ainriail ag leathnú ar fud Bhéal Feirste" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-09-28.
  4. "Loyalist Volunteer Force" (as en) (2021-08-09). Wikipedia. 
  5. grúpa dílseoirí faoin teideal The Red Hand Defenders, bréagainm an LVF nó an UFF
  6. Daragh McIntyre agus Bronach Walsh (Relatives for Justice) (2015). "Panorama (BBC)ː 'Collusion'". Dáta rochtana: 2021.