Contae Ard Mhacha
Is é Ard Mhacha nó Contae Ard Mhacha[1] (Armagh as Béarla) é an contae is lú ó thaobh achair de i dTuaisceart Éireann. Tá sé suite i ndeisceart Chúige Uladh. Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht. Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair. Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | An Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann ![]() | ||||
Príomhchathair | Ard Mhacha ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 174,792 (2011) ![]() | ||||
• Dlús | 139.39 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Tuaisceart Éireann ![]() | ||||
Achar dromchla | 1,254 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach ![]() | ||||
Pointe is airde | Sliabh gCuillinn (573 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Logainm.ie | 100001 |
Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús. Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh. Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.
Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomh-reiligiún. Fuair a lán saighdiúirí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.
Bailte i gContae Ard Mhacha cuir in eagar
- Ard Mhacha, Achadh Camán, Achadh na Cranncha, Achadh an Dá Chora
- Baile Mhic An Aba, Bun na Banna, Béal Leice, Baile Mhic Cullach, Bábhún Hamaltún, Baile an Chláir, Baile Úr
- An Céide, Creag Abhann, Crois Mhic Lionnáin, Camloch, Carraig an Easa, Cláidigh Mhór, Cluain Mór, Cor-Fhuinnseoige, An Creagán, Coilleach Eanach, An Céide, Cillín, Coillidh Léith, Cill Mhór, Cnoc an Mhargaidh, Coillidh Chanannáin, Corr Leacht
- Druim na hUinseann, Dearclaigh, Doire Chaol, Doire Mhic Cais, Doire Núis, Doire Trasna, Na Doirse, Druim an Tighe, Droman Uí Chonbhuí
- Eanach Mór, Eanach Aodha, Éadan na bhFiach
- Foirceal
- An tIúr
- An Lorgain, Lios Liath, Lios na Daille, Loch gCál, Loch Gile, Log a' Choire
- An Machaire, na Madain, An Mhaigh, An Mullach Bán, Mullach Breac, An Mullach Glas, Mullach a' Bhile
- Port an Dúnáin, An Port Mór, Pas an Phointe
- An Sruthán, Sráid na nAlbanach
- Tóin re Gaoith, Tuíneán
Bailte fearainn cuir in eagar
Baruntachtaí cuir in eagar
Paróistí cuir in eagar
Cultúr cuir in eagar
Tíreolaíocht cuir in eagar
Stair cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Contae Ard Mhacha/Armagh | logainm.ie". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Aisghafa 2023-06-22.