Loch nEathach
Is é Loch nEathach[1] an loch is mó in Éirinn agus i nOileáin Iarthar na hEorpa. Tá sé thart fá 30 km (20 míle) ar fhad agus 15 km (9 míle) ar leithead, agus tá sé corr a bheith 30 km siar as Béal Feirste. Tá an loch glé-íseal timpeall a imill agus chan fhuil ach meán doimhne 9 méadar (30 troigh) sa phríomhchuid den loch. Is é a doimhneacht is mó ná 25 méadar (80 troigh).
(en) Lough Neagh | ||||
Cineál | Loch | |||
---|---|---|---|---|
Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Éire | |||
Suíomh | ||||
Tír abhantraí | an Ríocht Aontaithe | |||
Limistéar riaracháin | Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe | |||
| ||||
Craobh-abhainn | ||||
Eisilteach | An Bhanna | |||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 16 m | |||
Doimhneacht ingearach | 25 m | |||
Toisí | 15 () × 30 () km | |||
Achar | 392 km² | |||
Abhantrach | 4,550 km² | |||
Bearta agus táscairí | ||||
Toirt | 3,600,000,000 m³ | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Earl of Shaftesbury (en) | |||
Suíomh gréasáin | loughneagh.com | |||
Tá an loch suite i dtuaisceart na tíre i lár oirthear Uladh, agus tá bruacha ag cúig chinn de chontaetha Uladh ar an Loch; .i. Contae Aontroma, Contae Ard Mhacha, Contae Doire, Contae an Dúin, agus Contae Thír Eoghain. Tá Aontroim, Droichead na Tuama, agus Doire Mhic Chais cois locha.
Gídh go mbaintear feidhm as an loch le raidhse caithimh aimsire agus gnó, tá sé fíorfhoscailte, agus thig leis an uisce éireacht thar a bheith garbh go gasta in aimsir ghaofar.
Béaloideas
cuir in eagarInsíonn seanscéal Gaelach an dóigh a ndearnadh an loch, nuair a sciob Fionn Mac Cumhaill píosa talún ina lámha agus chaith le namhaid in Albain é. Char bhain sé amach an namhad, agus thit an cré i Muir Éireann, i dtreo is gur chum sé Oileán Mhanann.
Forbairt gnó agus caithimh aimsire
cuir in eagarCuireannn loch nEathach 40% den uisce a óltar sa Tuaisceart ar fáil. Deirtear go bhfuil an t-uisce sábháilte ach bhí imní ar dhaoine (in 2024).[2]
Tionscal an-tábhachtach is ea iascach eascann an locha, earra speisialta a easpórtálann comharchumann i nDroichead Thuama chuig margaí na hEorpa. Bhí tábhacht le hiascaireacht eascainne ar Loch nEathach leis na céadta bliain, agus dhíol iascairí de bhunadh an mhórcheantair a gcuid eascann do phroinntithe ar fud an domhain.
Ionad turasóireachta mór é an loch le láithreacha fóillíochta do mhuintir Aontroma, Thír Eoghain, dheisceart Dhoire agus thuaisceart Ard Mhacha.[2] Ach sa bhliain 2024, tugadh foláireamh do dhaoine gan a dhul ag snámh sa loch. Mar sin féin, tagann lucht faire ar éanlaithe go Loch nEathach as go leor tíortha mar gheall ar líon agus raidhse a chuid éanlaithe a chaitheann an geimhreadh nó an samhradh sna portaigh agus ar na tránna cois locha.
Truailliú
cuir in eagarTá an-truailliú san abhainn, truailliú talmhaíochta go háirithe. In 2024, don dara bliain, bhí an loch lán le algae gorm glas a chuireann sláinte daoine agus ainmhithe i mbaol. Ní bheidh aon bheatha fágtha sa loch ag an truailliú gan aicsean. Caithfear díriú ar dhianfheilméaracht agus sceitheadh truailleán, ar eisilteacht sciodair agus sceitheadh ó dhabhcha séarachais. Tá géarghá le hathchóiriú ar an gcóras séarachais, tá tithe agus gnólachtaí nua líonmhar in abhantrach an locha.[3] Bhí go leor cainte faoi úinéireacht an locha sa bhliain 2024 – is le hIarla Shaftesbury grinneall agus bruacha an locha ach ní leis an t-uisce. Ní raibh sé sásta a shealús a thabhairt uaidh in 2023. Ach in 2024 dúirt sé go dtabharfadh sé é –nó cuid dhe – d’eagraíocht dheonach nó d’iontaobhas. Tá Stormont[4] atá freagrach as na haibhneacha a ritheann isteach sa loch. I dtuarascáil Oifig um Chaomhnú Comhshaoil na Ríochta Aontaithe sa bhliain 2024, dúradh go raibh ag teip ar Stormont caighdeán uisce locha agus aibhneacha Thuaisceart Éireann a chosaint. Dúradh nach bhfuil na hacmhainní cuí i bhfeidhm leis na haibhneacha a chosaint.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, Lough Neagh (lake)
- ↑ 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (24 Iúil 2024). "Loch nEathach – an loch lofa atá ina phríomhfhoinse uisce do Bhéal Feirste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-08.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-09-03). "Cáineadh déanta faoi chaighdeán locha & aibhneacha an Tuaiscirt" (as ga-IE).
- ↑ An Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil Stormont