Aontroim (baile)

baile mór in oirthuaisceart na hÉireann

Is baile mór in oirthuaisceart na hÉireann í Aontroim. Is í príomhchathair Chontae Aontroma, suite in aice le Loch nEathach, i dTuaisceart Éireann.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAontroim

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°43′02″N 6°12′20″W / 54.7173°N 6.2055°W / 54.7173; -6.2055
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Aontroma Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán19,986 (2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT41 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinantrim.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí timpeall 23,000 duine ina gcónaí sa bhaile féin sa bhliain 2011. Tá na hAontachtaithe ar an gcuid is mó den phobal, agus sin fíor den phríomhreiligiún, an Protastúnachas chomh maith (80%). Bhí an baile ina lárionad riaracháin do Chomhairle Buirge Aontroma go dtí 2015 nuair a tháinig an chomhairle le chéile le Mainistir na Búille chun Comhairle Buirge Aontroma agus Bhaile na Mainistreach a chruthú.

ospidéal an-mhór ann, Ospidéal Limistéar Aontroim, atá ar an ospidéal agus ionad sláinte is mó i gContae Aontroma theas.

Eaglais Anglacánach agus an droichead trasna Abhainn na bhFiodh

Ceaptar gur éirigh 27,000 trodaí amach nuair a thosaigh éirí amach i gCúige Uladh i mí an Mheithimh 1798. Ach ní raibh ach teip i ndán don éirí amach fiú sular thosaigh sé. Sceith fear a bhí ina Choirnéal sna hÉireannaigh Aontaithe, Nicholas Mageean, na pleananna. Socraíodh bualadh ar aghaidh mar sin féin.[2]

Ar an 7 Meitheamh chuaigh Henry Joy McCracken i gceannas ar an éirí amach i gCo. Aontroma. Scrios na fórsaí a bhí dílis don rí iad gan mórán moille.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Aontroim/Antrim" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.
  2. "1798 rebellion in County Down". www.bangorhistoricalsocietyni.org. Dáta rochtana: 2024-06-07.
  3. Seán Delap (2018). "Stór Staire" (ga-IE). COGG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-06-07. Dáta rochtana: 2024.