Contae Aontroma

contae i dtuaisceart na hÉireann

Contae Aontroma[1] (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Aontroma

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAontroim Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°51′54″N 6°16′48″W / 54.865°N 6.28°W / 54.865; -6.28
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAontroim Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán618,108 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús217.34 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,844 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceLoch nEathach, An tAigéan Atlantach agus Sruth na Maoile Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie100000

Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.

Iompar cuir in eagar

Tá naisc mhaithe le fáil i gContae Aontroma le dul ar mhuir, ar iarnróid, nó ag eitilt.

Aer cuir in eagar

 
Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste

Is é Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste an t-aerfort is gnóthaí i dtuaisceart Éireann agus tá sé lonnaithe in Aldergrove i ndeisceart an chontae, áit atá roinnte idir údaráis an aerfoirt agus an Fórsa Aeir Ríoga. Is é an t-aerfort réigiúnach is mó i leith lastais aeir sa RA. Bíonn seirbhísí rialta ann go dtí An Bhreatain Mhór, mór-roinn na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.

Bíonn seribhísí aeir le fáil chomh maith ó Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best atá suite míle soir ó lár chathair Bhéal Feirste ar thaobh Chontae an Dúin den chathair, aerfort a athainmníodh i 2006 in ómós don imreoir sacair George Best.

Iarnróid cuir in eagar

Amharc fosta ar Chatagóir:Stáisiúin iarnróid i gContae Aontroma

Is iad na bealaí Iarnróid Thuaisceart Éireann de chuid Translink na príomhlínte idir Béal Feirste, Aontroim, an Baile Meánach, Cúil Raithin, Port Rois, Doire, Carraig Fhearghais is Latharna.

Muir cuir in eagar

Tá dhá longphort de chuid na gcinn is tábhachtaí dá bhfuil i dtuaisceart Éireann le fáil sa chontae, .i. Latharna agus Béal Feirste.

Téid báid farantóireachta ó chalaphort Latharna, áit ónar féidir taisteal go Cairn Riain agus An Srón (An t-Sròn) in Albainmar aon le Fleetwood i Sasana. Bhíodh seirbhís ó Bhéal Feirste go dtí an Srón Ramhar (An t-Sròn Reamhar) go dtí 2010.

Is é Calaphort Bhéal Feirste príomhgheata mara Thuaisceart Éireann, agus tá sé ag iarraidh níos tábhachtaí fosta do gheilleagar Phoblacht na hÉireann de réir a théid na blianta ar aghaidh chomh maith. Is lárionad tionscadail agus gnó é agus fá'n am seo tá sé mar fhócas do ghníomhaireacht na lóistíochta sa réigiún. Is fríd an chalafort a théid dhá thríú de thrádáil mhara an Tuaiscirt agus ceathrú cuid de thrádáil an oileáin ina iomláine. Glacann sé tuairim is 6,000 long in aghaidh na bliana.

Daonra cuir in eagar

Cónaíonn 616,384 duine sa chontae de réir an eolais ó dhaonáireamh na bliana 2001 de chuid na Ríochta Aontaithe. Is é an condae is mó i gcúige Uladh agus an dara chontae is mó in Éirinn ó thaobh líonn na n-áitritheoirí de.

An Ghaeilge i gcontae Aontroma cuir in eagar

Bhí cumas de shaghas éigin ar an nGaeilge ag 8.4% de dhaonra chontae Aontroma. Sa scoilbhliain 2010-2011, bhí 1,260 daltaí ag fhreastal ar an dá ghaelscoileanna dhéag i gcontae Aontroma. Bhí 553 daltaí ag fhreastal ar an ghaelcholáiste i gcontae Aontroma.

Creideamh cuir in eagar

Fosta, condae den dá chontae atá fágtha in Éirinn atá ann ina bhfuil bunús na ndaoine Protastúnach (is é Condae an Dúin é an condae eile). Is é an Preisbitíreachas an claonadh creidimh is mó sa chontae. Leanann an Caitliceachas Rómhánach sa darna áit, agus ina dhiaidh sin, Eaglais na hÉireann. Is é an t-aon chontae in Éirinn ina bhfuil sainchreideamh seachas an Caitliceachas mar sainchreideamh príomha. Is mar gheall ar nascanna láidre le hAlbain é an tionchar ón Phreisbitíreachas.

Riarachán cuir in eagar

An baile condae traidisiúnta ná Aondroim fhéin. Níos deireanaí, rinneadh An Baile Meánach mar bhaile chontae agus mar shuí rialtais áitiúla. I 1973 stadadh contaetha Thuaisceart Éireann a bheith ina haonáin riaracháin go hoifigiúil, bliain i ndiaidh teipeadh rialtais tuaisceartaigh i Stoirmhonadh (nó Cnoc an Anfa mar a thugtar air fosta), le hathamharc a dhéanamh ar cúrsaí riaracháin áitiúla. Gídh go maireann na contaetha beo go cultúrtha, i gcúrsaí reatha, agus i dtaca le cúrsaí dlí, chanfhuil siad ann daofa a thuilleadh maidir le cúrsaí riaracháin. Ina leabaidh sin, tá an réigiún roinnte eadar 26 cheantar. Tá na ceantair seo a leanas le fáil go hiomlán laistigh de limistéir an chontae:

  • Comhairle Buirg Bhaile Mheadhónaigh
  • Comhairle Buirg Aondroma
  • Comhairle Buirg Bhaile Mhónaidh
  • Comhairle Buirg Bhaile na Mhainistreach
  • Comhairle Buirg Charraig Fhearghais
  • Comhairle Buirg Latharna
  • Comhairle Ceantair na Maoile

Tá codanna de na ceantair seo a leanas le fáil taobh istigh den chontae:

Tá na toghcheantair seo a leanas suite go hiomlán taobh istigh de theorainneacha an chontae:

  • Aondroim Theas
  • Aondroim Thoir
  • Aondroim Thuaidh
  • Béal Feirste Thiar
  • Béal Feirste Thuaidh

Tá codanna de na toghcheantair seo a leanas laistigh den chontae

  • An Bhanna Uachtarach
  • Béal Feirste Theas
  • Gleann an Lagáin
  • Londandoire Thoir

Bailte i gContae Aontroma cuir in eagar

Sráidbhailte cuir in eagar

Barúntachtaí cuir in eagar

Bailte fearainn cuir in eagar

Stair cuir in eagar

Comhairle cuir in eagar

Tíreolaíocht cuir in eagar

Cultúr cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar