Is í Doire[1] (Fuaimniú, Béarla: Derry) an dara cathair is mó i dTuaisceart Éireann. Tugtar Doire Cholm Cille (Fuaimniú) nó Doire Calgaigh ar an gcathair freisin. Tá sé suite ar dhá thaobh d'abhainn an Fheabhail. Dar leis an meastachán is déanaí sa bhliain 2022, tá daonra de 150,500 ag Comhairle Cheantair Doire agus an tSráth Bán (Contae Thír Eoghain).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDoire

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°59′30″N 7°20′30″W / 54.9917°N 7.3417°W / 54.9917; -7.3417
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) AistrighCathair Dhoire agus an Srath Bán Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán85,016 (2008) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús219.68 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla387 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Feabhal Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT47 agus BT48 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie129737
Suíomh gréasáinderrystrabane.com Cuir in eagar ar Wikidata
Múrphictiúr i dTaobh an Bhogaigh
Léarscáil

Ceantair cuir in eagar

 
Doire

Cultúr cuir in eagar

Stair cuir in eagar

Sa séú haois bhunaigh Colm Cille (521-597) mainistir ansin, agus tugadh Doire Cholm Cille ar an áit in ómós dó. Tá fianaise ann áfach go raibh cónaí ar dhaoine sa chomharsanacht na mílte bliain roimhe sin agus tá iarsmaí seandálaíochta ar fud na háite. Ón gcrann darach a thagann an t-ainm sin Doire. agus is é bunbhrí leis ná coill darach, dairchoill. Bhí an-rath ar an mainistir faoi cheannas chlann Mhic Lochlainn sna meánaoiseanna agus is cosúil nár ionsaigh na Lochlannaigh riamh í. Chaith na Normannaigh seal gearr sa chathair ach tháinig na Gaeil i gceannas arís go gasta. Thóg na Dochartaigh caisleán ansin timpeall na bliana 1500.

Ghabh arm Sasanach seilbh ar an gcathair agus ar an mainistir ag tús na seachtú haoise déag. Bhí an-tábhacht leis an ngarastún a bhunaigh na Sasanaigh i nDoire le linn an chogaidh in éadan Aodh Uí Néill, ó bhí siad ábalta seilbh a choinneáil uirthi le linn d'arm na nGael a bheith buacach ar fud Chúige Uladh go dtí 1601. Scrios Cathaoir Ó Dochartaigh an choilíneacht Shasanach áfach sa bhliain 1608, cé go raibh sé ag troid ar son na Sasanach in aghaidh Uí Néill. Ba ansin a cuireadh Plandáil Uladh ar bun. Tógadh an chathair as an nua agus tugadh 'Londonderry' mar ainm uirthi mar gur comhlachtaí ó Londain a bhí i mbun na plandála. D'fhás an chathair go han-mhall agus ní raibh ach 2,000 duine ina gcónaí ansin timpeall na bliana 1680.

Rinne an Rí Séamus II iarracht an chathair a ghabháil sa bhliain 1689 ach bhí an lucht cosanta ábalta seasamh ina choinne go dtí gur tháinig an cabhlach chun fortachta orthu. Bíonn aontachtóirí agus dílseoirí na cathrach ag comóradh léigear Dhoire ar an 12 Lúnasa gach bliain.

D'fhás Doire go mór sa naoú haois déag mar gheall ar an tionsclaíocht. Bhí monarchana léinte agus línéadaigh sa chathair agus sna bailte máguaird. Ach tar éis Chríochdheighilt na hÉireann tháinig meath ar an gcathair agus bhí dífhostaíocht an-ard ann, go háirithe i measc na gCaitliceach a bhí ina dtromlach sa chathair.

I ndeireadh na seascaidí, thosaigh feachtas ar son cearta vótála agus tithíochta sa chathair. Rinne Rialtas na Sé gContaetha iarracht an ghluaiseacht cearta sibhialta a chur faoi chois le lámh láidir. Ach d'eascair feachtas fuilteach as an iarracht sin.

Dúnadh ceantair iomlána sa chathair agus bhí círéibeacha fuilteacha ann ón mbliain 1968 i leith. Rinne Arm na Breataine ionradh ar Thaobh an Bhogaigh, an príomhcheantar Caitliceach, sa bhliain 1972. Ach lean feachtas buamála agus maraithe ar aghaidh ar feadh breis is fiche bliain eile.

De réir a chéile rinneadh iarracht caighdeán tithíochta na cathrach a fheabhsú agus na cearta céanna a chinntiú do gach duine, agus tá an chathair ag bláthú ó shin.

Bhí cónaí ar timpeall ochtó míle duine i nDoire sa bhliain 2005.

Cúrsaí spóirt cuir in eagar

Is é CLG Chontae Dhoire cumann CLG an chontae, agus glacann foirne ón chontae páirt i gCraobh Uladh, Craobh na hÉireann agus na Sraitheanna Náisiúnta. Imrítear cluichí baile an chontae i bPáirc na gCeilteach sa chathair.

Tá foireann sacair de chuid Sraith na hÉireann lonnaithe sa chathair fosta - Cathair Dhoire a thugtar orthu. Imríonn siadsan a cluichí baile i dTobar an Fhíoruisce.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar