Léigear Dhoire
Cogadh an Dá Rí in Éirinn.
Léigear Dhoire
Dáta: 18 Aibreán – 28 Iúil 1689
Áit: Doire Cholm Cille
Toradh: An chathair fuascailte ag Cabhlach Ríoga na Breataine.
Céilí comhraic
Arm Seacaibíteach Arm Rí Liam
Ceannasaithe
Richard Hamilton
Rí Séamas
Henry Baker
Adam Murray
George Walker
Slua
? ?
Taismigh
? ~8000 marbh ( go formhór de dheasca galair)

Bhí Léigear Dhoire ar siúl in Éirinn ó 18 Aibreán go 28 Iúil 1689, i rith Chogadh an Dá Rí. Chuir arm Seacaibíteach an chathair faoi léigear go dtí go raibh sí fuascailte ag Cabhlach Ríoga na Breataine.

CúlraCuir in Eagar

Le linn na Réabhlóide Glórmhaire sa bhliain 1688, cuireadh réimeas an Rí Séamas, (Caitliceach Rómhánach a bhí ina rí ar Shasana, Albain agus Éirinn), ar ceal agus tugadh a ríochtaí dá iníon Máire II agus a fear céile Liam, ('Willem III van Oranje). Ba Phrotastúnaigh iad beirt. Ba Chaitlicigh iad formhór na nÉireannach, agus thug Séamas roinnt fíor-lamháltas dóibh le linn dó bheith ina rí. Cheap sé Caitliceach (Risteárd Talbóid) mar Leas-Ionadaí an Rí in Éirinn, agus d'athghlac sé Caitlicigh isteach i bParlaimint na hÉireann, in oifig phoiblí, agus san arm. Bhí súil ag Caitlicigh na hÉireann go bhfaighe siad a gcuid tailte ar ais, a urghabhadh tar éis choncas Chromail (1649-53). Thug Séamas aghaidh ar Éirinn chun tacú leis a ríochtaí a athghabháil.