Is lárionad don saol Gaelach i nDoire Cholmcille é Cultúrlann Uí Chanáin.[1] Bunaíodh an Chultúrlann sa bhliain 2009.[2] Ainmníodh an Chultúrlann in onóir gníomhaí Gaeilge, Sean Ó Canáin, nach maireann.

Cultúrlann Uí Chanáin
Sonraí
CineálIonad pobail Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht2009 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
SuíomhDoire
Map
 54° 59′ 30″ N, 7° 20′ 30″ O / 54.9917°N,7.3417°W / 54.9917; -7.3417
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF
37 Mórshráid Shéamais, Doire, BT48 7DF

I 2001, cheannaigh An Gaeláras Bácús mhic Daibhéid ag 37 Mórshráid Shéamais, agus cinntíodh cead pleanála d'ionad úr Gaeilge, Ealaíon agus Fiontair Cultúrtha saintógtha ar an suíomh ar chostas £4.6 milliún. Thosaigh tógáil an fhoirgnimh, a dhear O'Donnell + Tuomey, i mí Eanáir 2008, agus osclaíodh go hoifigiúil é ar an 4 Meán Fómhair 2009.[3] I mí Iúil 2008, bhí an foirgneamh mar ionadaí d'Éirinn ag an Venice Biennale agus tá go leor gradaim buaite óna chríochnú, lena n-áirítear an dara háit sa chomórtas d'ardcháil, an Sterling Prize, an chéad ainmniúcháin ó Thuaisceart na hÉireann.[4]

Maoiníodh an foirgneamh ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Oifig an Chéad-Aire agus an leasChéad-Aire, ILEX, an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Ciste idirnáisiúnta d'Éirinn, Clár Síochána agus Athmhuintearais an Aontais Eorpaigh, an Roinn um Fhorbairt Shóisialta, Ciste Infheistíochta Uladh agus Ciste Athmhuintearais na Ranna Gnóthaí Eachtracha.

I measc na n-áiseanna sa Chultúrlann, tá amhraclann il-úsáide, caifé, seomraí ranga teagaisc, goradáin ghnó agus spás oifige.

Cuireann an chuideachta spás ar fail fosta do ghnónna agus ghrúpaí bunaithe, mar shampla Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus Cumann na bPíobairí.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Teanga | Ceol | Cultúr // Language | Music | Culture - Derry / Doire". www.culturlann.org. Dáta rochtana: 2024-07-25.
  2. Robert McMillen (Samhain 2012). "Gearóid Ó hEára, Cultúrlann Dhoire Cholm Cille" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-25.
  3. D'oscail Éamon Ó Cuív, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaelteachta, an áit go hoifigiúil ar an 4 Meán Fómhair 2009.
  4. 4.0 4.1 "About Cultúrlann Uí Chanáin". www.culturlann.org. Dáta rochtana: 2024-07-25.