Éamon Ó Cuív

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir agus ball den pháirtí Fianna Fáil é Éamon Ó Cuív (a rugadh ar 23 Meitheamh 1950 é). Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002 go 2010. Bhí Ó Cuív ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit.[1]

Infotaula de personaÉamon Ó Cuív

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Meitheamh 1950
74 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Ceannaire Fhianna Fáil
4 Lúnasa 2011 – 29 Feabhra 2012
← Brian Seosamh Ó Luineacháin
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
23 Eanáir 2011 – 9 Márta 2011
← John GormleyPhil Hogan →
Aire Cosanta
20 Eanáir 2011 – 9 Márta 2011
← Tony Killeen (en) AistrighAlan Shatter →
Aire Coimirce Sóisialaí
23 Márta 2010 – 9 Márta 2011
← Máire Ní AinifínJoan Burton →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thiar

Seanadóir na hÉireann
12 Deireadh Fómhair 1989 – 25 Samhain 1992
Téarma parlaiminte: 19ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairBrian Ó Cuív  agus Emer de Valera

Twitter: eamonocuiv Cuir in eagar ar Wikidata
2005
2020

Garmhac le hÉamon de Valera atá ann chomh maith le bheith ina mhac leis an scoláire cáiliúil Gaeilge, Brian Ó Cuív. Bhí a uncail Vivion de Valera ina Theachta Dála idir 1945 agus 1981 agus a cholceathar Síle de Valera ina Teachta idir 1977 agus 2007.[2]

Is as Baile Átha Cliath é ach is í Gaillimh Thiar a dháilcheantar.

Bhí Ó Cuív ina Sheanadóir ó 1989 go 1992 agus ina Theachta Dála ó 1992 go dtí 2024. Bhí ocht mbliana caite i dTithe an Oireachtais aige faoin am gur ceapadh in Aire Stáit Gaeltachta é in 2002.

Bhí Ó Cuív ina Aire Gaeltachta tráth go raibh an tír go maith as agus chinntigh sé go ndearnadh cuid mhaith infheistíochta in infreastruchtúr na Gaeltachta. Mar Aire na Gaeltachta bhí Ó Cuív freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú. Ba é a chuir cearta teanga i ndlí na hÉireann leis an Acht Teanga agus le bunú oifig an Choimisinéara Teanga agus ba é is mó b’údar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. "Níor éirigh le gach gné den reachtaíocht teanga agus níl aon amhras ach nár éirigh le go leor den Straitéis ach d’fhéadfá cás a dhéanamh gur bhain cuid mhór de sin leis an teip iad a chur i bhfeidhm mar ba chóir.”[3]

Bhí Ó Cuív ina Aire Coimirce Sóisialaí ó 2010 go dtí 2011 agus ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.

Le linn a thréimhsí sa Rialtas dhírigh sé ar chúnamh a thabhairt do phobal na tuaithe, do mhuintir na n-oileán, do lucht na hiascaireachta agus feirmeoirí beaga agus do mhuintir Thuaisceart Éireann ar an dá thaobh den deighilt pholaitiúil. Bhíodh sé go rialta ó Thuaidh ar cuairt ar chimí agus ag casadh le ionadaithe pobail agus lucht deonach ag iarraidh an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú.[4]

Ar an Iúil 26 2024, d’fhógair Ó Cuív go raibh sé ag éirí as an pholaitíocht. Dúirt sé nach raibh an ceathrú glúin de shliocht a sheanathair, bunaitheoir an pháirtí, Eamon de Valera ag dul san iomaíocht ar son an pháirtí.[2]

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. "Deireadh ré – cinneadh déanta ag Éamon Ó Cuív gan seasamh sa chéad olltoghchán eile" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-24). Dáta rochtana: 2024-07-28.
  2. 2.0 2.1 Sorcha Ní Mhonacháin / Nuacht RTÉ (2024-07-25). "Fianna Fáil ag lorg comharba do Éamon Ó Cuív i ndiaidh 32 bliain" (as ga-IE). 
  3. Méabh Ní Thuathaláin (26 Iúil 2024). "‘Fíorchara’ ag an nGaeltacht agus an Ghaeilge é Éamon Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-28.
  4. "A chuid déanta sa bpolaitíocht ag Éamon Ó Cuív" (as ga) (2024-07-25). 
  5. "Éamon Ó Cuív" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-28.
  6. "ElectionsIreland.org: Eamon O Cuiv". www.electionsireland.org. Dáta rochtana: 2024-07-28.