Brian Seosamh Ó Luineacháin

polaiteoir Éireannach

Ba pholaiteoir Éireannach agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Brian Seosamh Ó LuineacháinBrian Lenihan Junior (21 Bealtaine, 195910 Meitheamh, 2011).[1]

Brian Seosamh Ó Luineacháin
Brian Lenihan, July 2010 (cropped).jpg
Teachta Dála

Aibreán 2, 1996 - Bealtaine 15, 1997
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: fothoghchán
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
An tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

Meitheamh 14, 2007 - Bealtaine 7, 2008
Mícheál Mac Dubhghaill - Dermot Ahern (en) Aistrigh
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
An tAire Airgeadais

Bealtaine 7, 2008 - Márta 9, 2011
Brian Ó Comhain - Micheál Ó Nuanáin
Teachta Dála

Márta 9, 2011 - Meitheamh 10, 2011
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann 2011
Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, 21 Bealtaine 1959
Náisiúntacht Éire
Bás Baile Átha Cliath, 10 Meitheamh 2011
Cúis bháis bás nádúrtha (ailse phaincréis)
Muintir
Athair Brian Pádraig Ó Luineacháin
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Sidney Sussex College (en) Aistrigh
Gairm
Gairm polaiteoir agus abhcóide
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochta Fianna Fáil

T.D.Cuir in Eagar

 
An Graduates Memorial Building ar dheis, i gColáiste na Tríonóide, áit a chaith Lenihan an-chuid ama.

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ab ea é Ní ba dhéanaí bhí sé ina léachtóir sa choláiste sin le roinnt blianta, sular dhírigh sé na sárbhuanna a bhí ann ar a obair mar abhcóide (glaodh chun an Bharra Laistigh air i 1997) agus ar an bpolaitíocht.[2]

Bhí sé ina Theachta Dála ó 1996 nuair a bhuaigh sé fothoghchán i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin.

Ceapadh é mar Aire Leanaí sa bhliain 2002. Aireacht shóisear ab ea an Aireacht Leanaí ag an am sin ach bhí cead aige dul go dtí cruinnithe an chaibinéid.

Tar éis olltoghchán na bliana 2007 cheap an Taoiseach, Bertie Ahern, é mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Aire AirgeadaisCuir in Eagar

Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht ar Ahern sa bhliain 2008 agus cheap sé Ó Luineacháin mar Aire Airgeadais. Ba é an tAire Airgeadais ó 2008 go dtí 2011 agus bhí air déileáil leis na géarchéimeanna airgeadais agus baincéireachta a bhuail Éire ag an am sin.

2008Cuir in Eagar

Thosaigh an scaoll bainc mór in Éirinn agus olléileamh ar an gcóras baincéireachta ar an 18 Meán Fómhair 2008. Ghlaoigh Lenihan an clár raidió Liveline agus labhair sé le Joe Duffy; bhí alltacht ar Lenihan ach ní raibh sé in ann an teannas a mhaolú.[3] Bhí daoine ag tógáil airgid as na bancanna lena chur faoin leaba, agus tuairiscí ann faoi Anglo Irish, na ciorcail órga, na hiasachtaí rúnda agus fadhbanna an chórais baincéireachta..[4]

Ar Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008, bhí Lenihan ag na rásaí capall i bPáirc Ghabhráin, Cill Chainnigh agus an ghéarchéim airgeadais ina thine bhruite ar fud an domhain. Bhí Banc Ceannais Eorpach ag iarraidh dul i dteagmháil leis agus é thar a bheith míshásta le scéim ráthaíochta na mbanc. Ach ní raibh Lenihan le fáil chun labhairt le Jean-Claude Trichet ar an lá sin.[3]

Thug an rialtas isteach barántas na mbanc ar an 29/30 Meán Fómhair 2008. Chinn Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre a bhí sna croití deireanacha, agus luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc.[5] Níos déanaí, cuireadh na scórtha billiún d’fhiacha na mbancanna ar phobal na tíre. Ní raibh aon chuntas scríofa cruinn cuimsitheach ann, nó taifeadadh, faoin méid a tharla ann, agus níl sé soiléir cén tionchar a bhí ag Lenihan ar an gcinneadh.[6]

2009-2011Cuir in Eagar

Agus ailse an phaincréis air (nocht TV3 an scéal i Nollaig 2009), lean Lenihan ar aghaidh mar aire airgeadais.

In 2009, nuair a chuir an ghéarchéim isteach go tubaisteach ar eacnamaíocht - agus sochaí - nach raibh ag súil leis, roghnaigh Lenihan an t-eacnamaí clúiteach Colm McCarthy chun sraith de chiorruithe a mholadh (Bord Snip Nua, mar a tugadh air).[7]

Sa bhliain 2009, d’fhógair Lenihan córas nua táillí uisce;[8] ní raibh dream ar bith i bhfách leis agus rinneadh an polasaí a fhreaschur níos déanaí.

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, agus bhí baint nach beag ag Lenihan leis an gcinneadh gan glacadh leis an moladh 'fáil réidh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile'.[9]

Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis an ghéarcheim airgeadais, bhí ar Lenihan glacadh le scéim tarrthála, faoi réir coinníollacha áirithe, ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2010. Sara bhfuair sé bás, dúirt Brian Lenihan gur cuireadh brú go tobann ar Éirinn glacadh le plean cabhrach agus na coinníollacha ag cur isteach air.[10] Níos déanaí, bhí Fianna Fáil ag maíomh gurb iad féin - agus Brian Lenihan go háirithe - a leag síos bunús na bpolasaithe ar ghlac Fine Gael chucu féin iad chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.[11]

Rinne Lenihan iarracht ceannaireacht an pháirtí a fháil ar 26 Eanáir 2011.[12][13] Agus ailse an phaincréis air ó 2009, chreid sé b'fhéidir go raibh biseach i ndán dó.

Tar éis d'Fhianna Fáil a bheith buailte go dona in Olltoghchán 2011 ar 25 Feabhra 2011, ba é Lenihan an t-aon Teachta Dála de chuid an pháirtí sin a bhuaigh suíochán Dála i mBaile Átha Cliath.

SaolCuir in Eagar

Ba mhac le Brian Ó Luineacháin é.

Toghadh é chun na Dála an chéad uair i 1996 chun suíochán a athar a líonadh tar éis dó siúd bás a fháil de thinneas.

Phós sé Patricia Ryan sa bhliain 1997 agus bhí beirt clainne acu (mac agus iníon). Ba chainteoir Béarla agus Gaeilge é.

Sceith TV3 an scéal go raibh ailse air um Nollaig 2009. Cailleadh é de thairbhe ailse an phaincréis ar an 10 Meitheamh 2011.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Houses of the Oireachtas (2021-09-27). "Houses of the Oireachtas website" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  2. UCD School of Law. "Brian Lenihan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  3. 3.0 3.1 Hugh O'Connell. "30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  4. Máirín Ní Ghadhra (27 Meán Fómhair 2018). "An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  5. Breandán M Mac Gearailt (6 Samhain 2014). "Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  6. Seán Tadhg Ó Gairbhí (8 Iúil 2015). "Ba é rogha an dá dhíogha é ‘barántas na mbanc’ a thabhairt isteach – Cowen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  7. Eoin Ó Murchú (23 Eanáir 2017). "Ní réiteoidh an margadh ná idé-eolaíocht FG/FF fadhbanna na tíre" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  8. Cathal Mac Coille (2 Márta 2017). "Tairngreacht: Seachnófar olltoghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  9. Maitiú Ó Coimín (9 Nollaig 2014). "Moladh “náireach” faoi leasú teanga – Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  10. Cathal Mac Coille (29 Deireadh Fómhair 2014). "A Mhonsieur Trichet, a chara…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  11. Eoin Ó Murchú (21 Eanáir 2016). "Fianna Fáil sa bhfaopach i gcónaí i ndiaidh na hArd-Fheise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  12. RTÉ News (2011-01-22). "Cowen resigns as FF leader, remains Taoiseach" (in en). 
  13. "2011 Fianna Fáil leadership election" (in en) (2022-04-19). Wikipedia.