Ba bhanc Éireannach é Banc Angla-Éireannach (Anglo-Irish Bank sa Bhéarla). Bhí ceannáras an bhainc lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Bosca Sonraí EagraíochtaBanc Angla-Éireannach
Sonraí
Cineálbanc
gnó
fiontar Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíTeoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1964
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1 Iúil 2011 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitCorparáid Éireannach um Réiteach Banc Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinhttp://www.angloirishbank.ie/

Cuireadh an banc i seilbh an stáit i mí na Nollag, 2008.

Ba í baincéireacht thrádálach príomhghnó an bhainc. De réir sin ní raibh a lán brainse miondíol ag an mbanc i gcathracha na hÉireann.

Ba é iasachtaí do thógálaithe agus d'fhorbróirí eastát réadach an chuid is mó de ghnó Bhanc Angla-Éireannach agus buaileadh an banc go trom i dtitim mhargadh maoine in Éirinn sa bhliain 2008.

Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-iasachtú fophríomha i dtrioblóid. Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i Nua-Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain.

 

Ar an 17 Márta, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%, i bhfianaise imní faoi thodhchaí an bhainc.[1]

Instealladh airgid

cuir in eagar
 
Anglo Irish Bank, Great Victoria Street, Béal Feirste, 2010

I mí na Nollag 2008, d'fhógair rialtas na hÉireann go raibh siad chun 1.5 billiún euro a chur isteach sa bhanc agus go dtógfaidís úinéireacht ar 75% den bhanc.

Stopadh trádáil i scaireanna an bhainc ar na stoc-mhalartáin i mBaile Átha Cliath agus i Londain ar an bpointe. Ba é €0.22 an praghas deireanach, titim 98% ón bpraghas is airde. Ní raibh luach ar bith ar na scaireanna ina dhiaidh an lá sin.

 
Brian Cowen, 2008

Dúirt an Taoiseach, Brian Ó Comhain, ar 16 Eanáir 2009 go raibh "gnó mar is gnáth" ar siúl sa bhanc agus rinne sé iarracht an phobal a athdheimhniú gur banc sócmhainneach a bhí ann.

Idir mí Meithimh agus mí Meán Fómhair2009, sholáthraigh an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineachán, 4 billiún euro capitil don bhanc. I ráiteas ar 30 Márta 2009, d'fhógair Ó Luineachán go raibh sé chun 8.3 billiún euro sa bhreis a chur isteach sa bhanc agus go mbeadh suas go 10 billiún euro eile ag teastáil ag an mbanc mar gheall ar chaillteanais a fhéadfadh tarlú sa todhchaí.

Tháinig roinnt conspóidí chun solais ó tharla náisiúnú an bhainc:-

  • iasachtaí do stiúrthóirí an bhainc
  • iasachtaí a thug an banc do deichniúr custaiméirí chun scaireanna a bhainc a bhí ag grúpa Quinn a cheannach

Ar 31 Márta 2010 d'fhógraíodh go raibh caillteanas €12.7 billiún ag an mbanc (brabús oibriúcháin €2.4 billiún curtha le bearnúcháin €15.1 billiún). Ba é an caillteanas is mó riamh ag comhlacht Éireannach.

Dearbhaigh iarchathaoirleach an bhainc, Seán FitzPatrick, ina fhéimheach in Ardchúirt na hÉireann ar 12 Iúil 2010.

 
Agóid i mBÁC, 2010

Riar an chirt

cuir in eagar

Ar an 31 Iúil 2015, gearradh téarmaí príosúnachta idir 18 mí agus 3 bliana ar thriúr iar-fheidhmeannach le banc Anglo Irish[2].

Ar an 20 Meitheamh 2018, gearradh sé bliana sa phríosún ar iar-phríomhfheidhmeannach bhanc an Anglo Irish David Drumm faoi chomhcheilg airgead a aistriú ón mbanc go dtí forais airgeadais eile agus faoi chuntais bhréagacha a chur i láthair an mhargaidh sa bhliain 2008[3]. Dúirt an breitheamh go raibh sé de cheart ag daoine muinín a bheith acu as bainc agus go raibh iompar David Drumm náireach.

 
Anglo Irish Bank, Nua-Eabhrac

Bhí sé curtha ina leith go ndearna Drumm é seo chun go mbeadh an chuma ar an scéal go raibh €7.2 billiún níos mó ná mar a bhí i ndáiríre i gcuntais Anglo Irish. Phléadáil Drumm neamhchiontach sna cúiseanna a cuireadh ina leith. Mhaígh a chuid dlíodóirí gur bainistiú macánta oscailte a bhí ar bhun aige d'fhonn an banc a chosaint.

Ciste réitigh banc

cuir in eagar

Cuireadh an CÉRB ar bun sa bhliain 2011 nuair a cumascadh an Banc Angla-Éireannach (náisiúnaithe faoin am sin) agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.[4]

Ar an 7 Feabhra 2013, achtaíodh an tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, chun socrú ar leith a dhéanamh maidir le CÉRB.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee, .thejournal.ie 17 Nollaig 2014
  2. Nuacht RTÉ (2015-07-31). "Píonós gearrtha inniu ar thriúr iar-fheidhmeannach le Anglo" (as ga). 
  3. Nuacht RTÉ (2018-06-20). "6 bliana sa phríosún gearrtha ar David Drumm" (as ga). 
  4. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "CÉRB" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-07.