Nua-Eabhrac (cathair)
Cathair ina gcónaíonnn 8,622,698 (meastachán, 2017) duine í Cathair Nua-Eabhrac, atá suite ar chósta thoir thuaidh Stát Aontaithe Mheiriceá (S.A.M.). Is í an chathair is mó daonra i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, nuair a chuirtear daonra a mbruachbhailte léi, is gaire do 20 milliún atá inti (sa bhliain 2010). Ar oirthear inbhear an Hudson atá sí, le New Jersey ar an taobh thiar den abhainn. Is í an chathair is mó i stát Nua-Eabhrac í.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
New York (en) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Leasainm | Big Apple agus The City That Never Sleeps ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Séamas II agus VII ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac ![]() | ||||
Príomhchathair de | Stáit Aontaithe Mheiriceá (1785–1790) ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,804,190 (2020) ![]() | ||||
• Dlús | 7,255.98 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 3,191,691 (2020) ![]() | ||||
Teanga oifigiúil | an Béarla ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in statistical territorial entity (en) ![]() | Mórcheantar Nua-Eabhrac ![]() | ||||
Achar dromchla | 1,213.369839 km² ![]() | ||||
• Uisce | 35.3995 % ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Hudson, An Abhainn Thoir, Abhainn Bronx, Harlem River (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Airde | 11 m ![]() | ||||
Pointe is airde | Todt Hill (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | New Amsterdam (en) ![]() ![]() | ||||
1624 1626 | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | New York City Council (en) ![]() ![]() | ||||
• Méara Nua Eabhrac ![]() | Eric Adams (2022–) ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 10000–10499, 11004–11005, 11100–11499 agus 11600–11699 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 212, 347, 646, 718, 917 agus 929 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | nyc.gov ![]() |
StairCuir in Eagar
I mí Aibreán 1524, tháinig Giovanni da Verrazzano ar an áit ina bhfuil Cathair Nua-Eabhrac inniu. Bhí ar an laghad 5,000 duine den phobal Lenape ina gcónaí ann cheana. Taiscéalaí Iodálach i seirbhís choróin na Fraince, bhaist sé Nouvelle Angoulême ar an áit.[1]
Tháinig na Spáinnigh sa bhliain 1525 chun an cósta a thaiscéaladh (Río de San Antonio a bhaist siad ar an Hudson). Sa bhliain 1609, tháinig Henry Hudson, taiscéalaí Sasanach i seirbhís Comhlacht Dúitseach na nIndiach Thoir, ar Chuan Nua-Eabhrac arís agus é ag iarraidh an Pasáiste Siar a aimsiú. Sheol sé thuas an abhainn a thabharfadh na hOllannaigh an Abhainn Thuaidh uirthi. ("An Mhuiris" a thug Hudson féin uirthi in onóir Muiris, Prionsa Oráiste.) Scríobh chéad mhata Hudson gur "Cuan an-mhaith le haghaidh an uile ghaoth" a bhí inti agus go raibh sí "míle slí leathan" agus "lán d'éisc"."[2]
Thosaigh an inimirce ón taobh amuigh sa bhliain 1614 nuair a chuir an chéad eachtrannach faoi i Manhattan, fear de shliocht Afracach agus Pórtaingéalach a rugadh i Santo Domingo darbh ainm Juan Rodríguez (Jan Rodrigues sna foinsí Ollannacha). Tháinig coilínigh ón Ísiltír ag tosnú sa bhliain 1624. Sa bhliain 1626 cheannaigh Peter Minuit, stiúrthóir na coilíneachta, an t-oileán Manhattan ó na Lenape. Níor thug sé mórán air: go traidisiúnta deirtear gur thug sé luach $24 d'earraí air. Athainmníodh an áit Nieuw Amsterdam (Amsterdam Nua) agus trádáil i bhfionnaidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch ba mhó a rinneadh ag an tús.[3] Sa bhliain 1664, rinne na Sasanaigh ionraic ar an gcathair agus thug siad New York air in onóir Diúc Eabhrac agus Albany.[4] Ag deireadh an Dara Cogadh Angla-Ollannach, fuair an Ísiltír smacht ar Shuranam, agus mar mhalairt, fuair na Sasanaigh teideal ar Nova Amsterdam.
Sonraí daonnaCuir in Eagar
Bhí tuarastal láir $38,293 in aghaidh an duine sa chathair sa bhliain 2000, agus tuarastal láir $41,887 in aghaidh an líon tí. Bhí tuarastal láir $37,435 ag fir, agus $32,949 ag mná. Bhí méanthuarastal $22,402 ag muintir na cathrach. Bhí 21% den daonra agus 19% de líonta tí faoin líne bhochtaineachta. Ón líon atá ag maireachtáil i mbochtaineacht, bhí 30% faoi bhun aois 18 mbliain agus 18% 65 mbliain nó os a chionn.
Sa bhliain 2000, bhí 8,008,278 duine, 3,021,588 líon tí, agus 1,852,233 clann ag maireachtáil sa chathair. Bhí dlús daonra 10,194/km² (26,403/mi²) ann. Bhí 3,200,912 aonad tís, ag meándlús 4,074.6/km² (10,553/mi²). Maidir le cine, Bhí 45% Bán, 27% Gorm , 0.5% de Mheiriceánaigh Dúchais (Indiaigh Mheiriceá Thuaidh), 10% Áiseach, 13% de chiníocha eile, agus 5% de dhá chine ar a laghad. Bhí 27% den daonra de bhunadh Easpáinneach, a d'fhéadfadh baint le cine ar bith. Bhí thart ar milliún go leath daoine de bhunadh Éireannach i Nua-Eabhrac.
Bhí 3,021,588 líon tí, agus bhí leanaí faoi bhun 18 ag maireachtáil le 30% acu. Ba daoine aonair iad 32% de iomlán an uimhir líonta tí, agus bhí duine 65 mbliana ar a laghad ag maireachtáil le 10%. 2.6 an meán líon tí, agus 3.3 an meán líon clainne, tuismitheoirí san áireamh.
Sa chathair bhí 24% faoi bhun aois 18, 10% ó 18 go 24, 33% ó 25 go 44, 21% ó 45 go 64, agus 12% atá 65 bliain ar a laghad. 34 bliain ba ea an lár-aois. Bhí 100 bean in aghaidh gach 90 fear. Bhí 86 fear in aghaidh gach 100 bean os cionn 18 bliana.
Na Cúig BhuirgCuir in Eagar
Cúig bhuirg le chéile atá i Nua-Eabhrac, agus is contae de chuid stát Nua-Eabhrac gach ceann acu:
- Manhattan – Contae Nua-Eabhrac, ach tugtar 'Manhattan' go hiondúil ar an mbuirg agus ar an oileán ar a bhfuil sé suite, daonra 1,636,268
- An Bronx – Contae Bhronx, daonra 1,438,159
- Brooklyn – Contae an Rí, daonra 2,621,793
- Queens – Contae na Banríona, daonra 2,321,580
- Oileán Staten – Contae Richmond, daonra 473,279
(Is as meastacháin 2014 na huimhreacha seo.)[5]
Toghann gach ceann den chúigear Uachtarán Buirge, ach faoi chairt na cathrach tá cumhacht teoranta ag uachtarán—tá buiséad beag discréideach aige nó aici le caitheamh ar thionscadail laistigh den bhuirg. (Cuireadh deireadh leis an gcumhacht tábhachtach deiridh a bhí acu—ball de Bhord an Oideachais a cheapadh—leis an mbord féin, ar 30 Meitheamh 2002.) Faoi láthair, bíonn uachtaráin na mbuirgí mar bhaill ex officio ar bhoird agus choistí éagsúla.
Tugtar "na Cúig Bhuirg" go minic ar iomlán na cathrach, ag úsáid an téarma "An Chathair" nó "The City" le haghaidh Manhattan, an t-oileán lárnach. Tugtar "na Buirg Lasmuigh" ("the Outer Boroughs") ar na ceithre cinn eile.
OideachasCuir in Eagar
Scoileanna bun- agus dara leibhéalCuir in Eagar
Freastalaíonn timpeall is 1.1 milliún páiste ar bhreis is 1,700 bunscoileanna agus ardscoileanna, agus is é an córas oideachais poiblí i gCathair Nua-Eabhrac an ceann is mó sna Stát Aontaithe.[6] De sheanbhunús is ea na naoi scoil dara leibhéal speisialaithe a fhreastalaíonn ar mhic léinn a bhfuil tallann faoi leith acu. Tá isteach is amach ar 900 scoil príobháideacha sa chathair, idir neamhsheicteach agus reiligiúnda.[7]
AeráidCuir in Eagar
Nua-Eabhrac – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Teocht is airde (°C) | 22.2 | 23.9 | 30 | 35.6 | 37.2 | 38.3 | 41.1 | 40 | 38.9 | 34.4 | 28.9 | 23.9 | 41.1 |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 3.33 | 5 | 9.89 | 15.94 | 21.61 | 26.11 | 29 | 28 | 23.72 | 17.5 | 11.72 | 6.06 | 16.5 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | -3.22 | -2.17 | 1.72 | 6.78 | 12.33 | 17.39 | 20.44 | 19.83 | 15.72 | 9.78 | 5 | -0.22 | 8.61 |
Teocht is ísle (°C) | -21.1 | -26.1 | -16.1 | -11.1 | −2.2 | 6.7 | 11.1 | 10 | 3.9 | -2.2 | -13.9 | -25 | −26.1 |
Meán-bháisteach (mm) | 104.9 | 80 | 111 | 108.7 | 119.1 | 97.5 | 117.3 | 107.2 | 107.4 | 97.8 | 110.7 | 100.3 | 1,262.1 |
Meán-shneachta (cm) | 21.1 | 18.0 | 8.6 | 1 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 1 | 6.6 | 56.4 |
Foinse: NOAA Eanáir 2011 |
IomparCuir in Eagar
Tá calafort mór ar a bruacha, ach tá go leor dá cuid gnó caillte ag Nua-Eabhrac le calafoirt eile, mar Elizabeth i New Jersey. Tá Aerphort Idirnáisiúnta John F. Kennedy i Nua-Eabhrac, chomh maith le haerfort intíre La Guardia, iad araon in Queens. Tá Aerfort Idirnáisiúnta Newark Liberty ar an taobh thiar de abhainn an Hudson, i New Jersey. Tá dhá stáisiún traenach mór inti, Grand Central Terminal, an stáisiún traenach is mó ar domhan ó thaobh líon na n-ardán de, as a bhfágann traenacha Metro North, agus Stáisiún Pennsylvania, nó Penn Station mar a thugtar air de ghnáth, atá á úsáid ag an Long Island Rail Road agus ag an gcóras Amtrak.
Fobhealach Chathair Nua-EabhracCuir in Eagar
Is córas iarnróid é Fobhealach Chathair Nua-Eabhrac, an chuid is tábhachtaí de chóras iompair phoiblí na cathrach. Osclaíodh ar 27 Deireadh Fómhair 1904 é, agus is é ceann de na córais iarnróid is sine ar domhan é. Is ceann de na córais is faide é chomh maith, le 399km de bhealach ráille aige.[8]
Is é an córas iompair phoiblí is mó ar domhan ó thaobh an líon stáisiún ann agus fad na rútaí éagsúla. [9] Tá 472 stáisiún in iomlán sa chóras, i Manhattan, an Bronx, Brooklyn agus Queens.[10]
Ní stadann an subway thar oíche dála an chuid is mó de na córais ar fud an domhain.[11] Ó thaobh líon paisinéirí de, is é Fobhealach Chathair Nua-Eabhrac an seachtú córas iarnróid cathrach is gnóthaí ar domhan. Sa bhliain 2015, baineadh úsáid as an gcóras subway 1.72 billiún uair.[12] Iompraíonn sé gach tríú paisinéir a úsáideann córas iompair poiblí sna Stáit Aontaithe.[13][14]
GnóCuir in Eagar
Is ceantar gnó mór í Nua-Eabhrac. Ar Wall Street, ar dheisceart Manhattan, atá gnó an infheistíochta bunaithe, agus fostaíonn sé na mílte.
SpórtCuir in Eagar
Cathair mhór daorchluiche atá inti, ó laethanta na Brooklyn Dodgers i leith. Tá Nua-Eabhrac ina baile dúchais de dhá fhoireann a imríonn ag leibhéal na Sraithe Móire. Sa Staid Yankee sa Bhronx a imríonn na New York Yankees, agus na New York Mets i bPáirc Citi, Queens.
Ó thaobh na peile Meiriceánaí den scéal, tá dhá fhoireann de bhunadh na cathrach ag imirt ag an gcéim is airde (NFL) - mar atá, na New York Giants agus na New York Mets. Tá a gcluichí baile á imirt acu in aon staid amháin - Staid MetLife in Rutherford Oirthear, New Jersey.
Foirgneamh stáit ImpireachtCuir in Eagar
Is e an foirgneamh stáit Impireacht cheann de na foirgnemh is airde I Méiriceá. Tá sé céad is a dó úrlar in airde.
An SubwayCuir in Eagar
Is é an Subway an Traein a théann faoin thalamh na caithreach. Thógann daoine an Subway chun dul go dtí áiteanna éagsula timpeall na háite.
Central ParkCuir in Eagar
Tá centrak Park Céad is a seasca ceathair bliain déag d’aois. Is é central Park an Pháirc is mhór I Nua Eabhrac. Tá go leaor rudaí éagsúla gur féidir leat dhéanamh ar nós scáitáil oighir, súilóid, marcaíocht capall.
Daoine Cáilúila Cuir in Eagar
Tá go leor daoine cáiliúla a bhfuil chónaí orthu I Nua Eabhrac ar nós Lady Gaga, Anne Hathaway, Taylor Swift agus go leor daoine eile.
9/11Cuir in Eagar
Is díol spéise do thurasóirí é cuimhneachán naoi a haon déag. Tá sé an bhrónach na hainmeacha go léir scríofa timpeall na háite ina bhí na dhá foirgneamh.
Rockefeller CenterCuir in Eagar
Ba foirgneamh ard eile é an Rockefeller Center a bhreathnaíonn thar spéirlíne Nua Eabhrac agus an foirgneamh stáit Impireacht. Tá sé seachtó úrlár ar arde agus bhí sé ina dhídean do dhaoine le lin ‘the cold war’.
Scannán ‘Brooklyn’Cuir in Eagar
Tá scannán darb ainm Brooklyn a mhíníonn saol I Nua Eabhrac nuair a bhí Éireannaigh ag dul ar imirce ann. Is í Saorise Ronan an príomhcharactear sa scánnán, is aisteoir Éireannach.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Rankin, Rebecca B. (1948). "New York: The World's Capital City, Its Development and Contributions to Progress". Harper.
- ↑ "The Hudson River".
- ↑ Teimpléad:Cita publicació
- ↑ Homberger, Eric. Owl Books. The Historical Atlas of New York City: A Visual Celebration of 400 Years of New York City's History, 2005, p. 34. ISBN 0805078428.
- ↑ http://www.census.gov/quickfacts/table/PST045215/36061 i gcomhair Manhattan; táblaí eile ag an suíomh chéanna le haghaidh na mbuirgí eile
- ↑ "New York City Department of Education – About Us" (2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meán Fómhair 5, 2007. Dáta rochtana: Bealtaine 10, 2018.
- ↑ "Private School Universe Survey".
- ↑ http://web.mta.info/mta/investor/pdf/2019/2018_CAFR_Final.pdf
- ↑ http://www.citymetric.com/transport/what-largest-metro-system-world-1361
- ↑ http://web.mta.info/nyct/subway/howto_sub.htm
- ↑ "Service Hours".
- ↑ http://web.mta.info/nyct/facts/ridership/
- ↑ "The MTA Network: Public Transportation for the New York Region".
- ↑ "Commuting in America III: Commuting Facts" (PDF).