An Béarla
Is teanga Ghearmáinice é an Béarla (Béarla: English) nó an Sacs-Bhéarla atá bunaithe ar na canúintí a bhí ag na hAngail agus ag na Sacsanaigh, treibheanna de bhunadh Teotanach a tháinig i dtír sa Bhreatain ag deireadh ré na Rómhánach. Bhí tionchar mór, freisin, ag an Laidin ar an teanga, maille le teangacha eile níos déanaí, mar shampla, an Fhraincis, an Ghréigis agus teangacha éagsúla an domhain, go háirithe iad siúd a bhí á labhairt go forleathan in Impireacht na Breataine.
Tá sé ar ceann de na teangacha is forleithne ar domhan inniu, agus labhraítear é mar phríomhtheanga sa Bhreatain Mhór, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa chuid is mó de Cheanada, in Éirinn, agus ina lán iarchoilíneachtaí de chuid na Breataine Móire mar phríomhtheanga nó mar theanga chomhchumarsáide.
I gcúrsaí teicneolaíochta, agus i gcuid mhór de na meáin cumarsáide idirnáisiúnta i ré seo an Idirlín, tá buntáiste an Bhéarla ag dul i dtreise, ionas gur féidir a rá inniu gurb é príomhtheanga na meán cumarsáide é.
Ceiliúrann na Náisiún Aontaithe Lá an Bhéarla gach bliain ar an 23 Aibreán[1], chun an teanga a chothú.
Stair an Bhéarla
cuir in eagarSean-Bhéarla
cuir in eagarGlactar leis gurb iad na blianta ó theacht na nAngla-Shacsanach go Sasana go dtí an gabháltas Normannach tréimhse an tSean-Bhéarla. Bhí an Sean-Bhéarla ní ba chosúla leis an tSean-Ard-Ghearmáinis nó leis an Íoslainnis ná le Béarla an lae inniu, agus comhthréithe na dteangacha Gearmáinice le haithint air go soiléir. Bhí cúig thuiseal ann, mar shampla, agus uimhir dhéach chomh maith leis an uatha agus leis an iolra. Bhí trí inscne ann chomh maith, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, mar atá in Íoslainnis agus i nGearmáinis an lae inniu.
Bhí an Laidin ag imirt a tionchair ar an teanga ó thús, ar ndóigh. Bhí sí tar éis glacadh le focail iasachta ón Laidin sular bhain lucht a labhartha Sasana amach ar aon nós. Bhí an litriú an-chóngarach don fhuaimniú san am, nó i bhfocail ar nós cniht, arb ionann é agus knight inniu, chualathas an c- sa chaint go fóill. Ní raibh aon chaighdeán ann, áfach, agus d'fhéadfaí an focal céanna a litriú ar bhealaí an-éagsúla, ag brath ar chanúint an scríbhneora. Nuair a d'aontaigh an Rí Alfred Sasana sa bhliain 878, áfach, b'í canúint Wessex a rug bua ar na canúintí eile mar theanga liteartha, agus tá an chuid is mó de na téacsanna Sean-Bhéarla scríofa sa chanúint áirithe sin. Canúintí tábhachtacha eile is ea canúint Mercia, canúint Northumberland, agus canúint Kent.
Sa naoú agus sa deichiú haois, tháinig na Lochlannaigh agus an teanga a bhí acu i ndlúth-theagmháil leis an mBéarla. Bhunaigh na Lochlannaigh stát dá gcuid féin, Danelaw nó "Dlí na Danmhairge", in Oirthear Shasana agus na hAlban, agus d'fhág a dteanga a lorg ar na canúintí Béarla a labhraítear sa chuid seo den tír, go dtí ár lá féin. Ós rud é go raibh gaol ag an dá theanga—an Béarla agus an Lochlainnis—le chéile, agus iad cuíosach intuigthe ag cainteoirí a chéile, chuaigh go leor focail agus, fiú, foirmeacha gramadaí Lochlannacha in úsáid sa Bhéarla ansin. Creidtear gur chothaigh meascán an dá theanga neamhchinnteacht i leith na gramadaí i measc lucht labhartha an Bhéarla. D'imigh na hiarmhíreanna casta gramadúla as úsáid sa Bhéarla i bhfad ní ba sciobtha ná sna teangacha Gearmáinice eile, agus is féidir gur ceann de na príomhchúiseanna leis an meath seo an neamhchinnteacht sin.
Tagann focail ar nós they, them, sky, agus skirt as an tSean-Lochlainnis. Is ionann iad shirt agus skirt, ach amháin gur tháinig ceann acu ón Angla-Shacsainis, agus an ceann eile ó na Lochlannaigh.
Maidir leis an tionchar Ceilteach ar an Sean-Bhéarla, is ábhar conspóide é faoi láthair. Tá teangeolaithe áirithe, ar nós Hildegard Tristram, den bharúil go ndearna na teangeolaithe Sasanacha a bheag den tionchar seo, toisc nach raibh mórán measa acu ar an gcultúr Ceilteach ná fiú tuiscint ar na teangacha Ceilteacha. Cibé scéal é, is léir gur tháinig cuid mhaith logainmneacha Ceilteacha in úsáid sa Bhéarla i ré an tsean-Bhéarla féin.
An litríocht atá ar fáil i Sean-Bhéarla nó in Angla-Shacsainis, níl mórán di fágtha againn, cé go bhfuil sí níos flúirsí ná litríocht na dteangacha a labhraítí i Mór-roinn na hEorpa san am céanna. Tá laoithe laochais agus dánta Críostaí ann, agus is féidir ceathrar filí a aithint ina n-ainmneacha: an Rí Alfred féin, Caedmon, Bede, agus Cynewulf. Scríobh an Rí Alfred dánta fealsúnachta a bhí bunaithe ar smaointeachas Boethius, nó chuaigh De Consolatione Philosophiae, príomhshaothar liteartha Boethius, go mór i gcion ar Alfred. Is é an dán mór úd Béowulf, áfach, an saothar Sean-Bhéarla is cáiliúla amuigh. Creidtear go bhfuil Béowulf bunaithe ar mhianach nó chnámha scéil a tháinig as Críoch Lochlann, nó tá imeachtaí an scéil suite sna tíortha Lochlannacha chomh maith.
An cineál Béarla a tháinig in úsáid i ndiaidh an ghabháltais a rinne Uilliam Concaire ar Shasana, tugtar Meán-Bhéarla air. Fuair an Fhraincis Normannach an ceann ab fhearr ar an mBéarla, a chuaigh as úsáid, beagnach, mar theanga scríofa. Nuair a tháinig sé ar ais, bhí sé ag breathnú an-difriúil leis an Sean-Bhéarla, agus é breac le hiasachtaí Fraincise. Bhí an litriú nua go mór faoi thionchar nósanna na Fraincise chomh maith, ach ní raibh aon chaighdeán ceart ann, ó bhí canúintí éagsúla ag na scríobhaithe. An tús áite a bhí ag canúint Wessex nuair a bhí ré an tSean-Bhéarla ag druidim chun deireanais, ní raibh a leithéid d'fhorlámhas dearscnaitheach ag aon chanúint ar leith a thuilleadh.
Chuaigh an ghramadach go mór mór chun simplíochta, cé go raibh sí ní ba chasta ná gramadach an Nua-Bhéarla i gcónaí.
Sa cheathrú haois déag, tháinig borradh mór ar an litríocht i Meán-Bhéarla. B'ansin a thosaigh sórt caighdeánú freisin, is é sin, Caighdeán na Seansaireachta. Bhí an caighdeánú seo teoranta do na scríbhinní oifigiúla nó poiblí, áfach. Rinneadh forbairt ar leith ar an gcaighdeán nuair a bhí Anraí V ag rialú na tíre, is é sin, sna blianta 1413—1422. Bhí an caighdeán seo bunaithe ar chanúint Londan, an chuid ba mhó, ach tugadh isteach foirmeacha ó na canúintí eile, go háirithe they agus them ó na canúintí Tuaisceartacha, nuair a fuarthas go raibh siad ní ba soiléire ná foirmeacha na canúna a bhí á labhairt timpeall ar an bpríomhchathair.
Tá litríocht réasúnta saibhir fágtha againn i Meán-Bhéarla, go háirithe laoithe eipiciúla ar nós Canterbury Tales le Geoffrey Chaucer nó La Morte D'Arthur le Thomas Malory.
Nua-Bhéarla
cuir in eagarSa chúigiú haois déag, tháinig athrú mór ar fhuaimeanna an Bhéarla, is é sin, Aistriú Mór na nGutaí. Inniu, fuaimnítear focail ar nós gate mar [geit], ach i ré an Mheán-Bhéarla Mhoich, bhí an fuaimniú i bhfad ní ba chóngaraí don litriú, [ga:tə]. Ceann de thorthaí Aistriú Mór na nGutaí is ea an difríocht seo, agus is é an t-aistriú sin an rud is mó a dhealaíonn an Nua-Bhéarla ón Meán-Bhéarla.
Áirítear gurbh iad Bíobla an Rí Séamas agus saothair William Shakespeare a chuir tús leis an litríocht Nua-Bhéarla, i dtús na séú haoise déag. Mar sin féin, d'athraigh an teanga go mór idir an Nua-Bhéarla Moch seo agus an cineál Nua-Bhéarla a labhraítear inniu. Mar shampla, chuaigh an sean-fhorainm thou agus foirmeacha an bhriathair a bhí ag dul leis - an iarmhír -st, cosúil le thou sayest - in éag go hiomlán sa ghnáthchaint agus sa chuid is mó de na stíleanna scríofa.
Nuair a choilínigh na Sasanaigh Meiriceá Thuaidh, an India, an Astráil, an Nua-Shéalainn, cuid mhór den Afraic agus na críocha eile a bhí á rialú acu ar fud na mblianta, bhí an Nua-Bhéarla ann cheana féin mar theanga. Na canúintí nua a tháinig ar an bhfód sna coilíneachtaí éagsúla, tá siad go léir bunaithe ar an Nua-Bhéarla, agus iad intuigthe ag cainteoirí a chéile. In Éirinn, áfach, thosaigh an coilíniú ní ba mhoiche, agus mar sin, tháinig cúpla canúint ar an bhfód a bhí bunaithe ar an Meán-Bhéarla, seachas an Nua-Bhéarla — is iad sin, an teanga Yólaise i gContae Loch Garman agus Canúint Fhine Gall. Chaill lucht a labhartha a dteagmháil leis an gcuid eile den domhan Béarla go luath, agus mar sin, choinnigh sliocht a sleachta a gcanúintí Mheán-Bhéarla go dtí an naoú haois déag, nuair a bádh i bhfarraige mhór an Nua-Bhéarla chaighdeánaithe í.
Agus an méid sin ráite, is follasach go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na cineálacha éagsúla Béarla a labhraítear ar fud an domhain. Nuair a casadh pobail agus teangacha bundúchasacha ar na Béarlóirí sna coilíneachtaí, ba mhinic a ghlac siad le focail agus le nósanna nua ó na daoine seo. Mar sin, tá Béarla na Stát Aontaithe cuíosach saibhir i bhfocail iasachta a tháinig ó theangacha na Meiriceánach dúchasach, ón bhFraincis agus ón Spáinnis. Bhí an Fhraincis beo ar feadh i bhfad i Louisiana agus in áiteanna eile sna críocha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe inniu, agus í á labhairt mar phríomhtheanga i gcuid mhór de Cheanada inniu féin. An Spáinnis, arís, tá sí ó dhúchas ag an gcuid is mó de lucht inimirce sna Stáit Aontaithe inniu, agus í beo i mbéal chuid mhaith seansaoránach Meiriceánach freisin i stáit dheisceartacha, cosúil le Nua-Mheicsiceo agus Texas. San Afraic Theas, arís, is í an Afracáinis—an leagan áitiúil den Ollainnis—an fhoinse is mó a thugann focail agus leaganacha cainte nua don chineál Béarla a chloistear á labhairt ansin.
Tá an Nua-Bhéarla iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó theangacha eile. Nuair a d'imigh an chuid is mó de ghramadach chasta an tSean-Bhéarla, d'éirigh sé iontach furasta gramadach na teanga a chur i bhfeidhm ar fhocail nua.
Chuir an Nua-Bhéarla tús le sraith mhaith de nasctheangacha agus d'fhásteangacha freisin, cosúil leis an teanga Tok Pisin, an teanga Sranan Tongo agus a lán eile. An cineál Béarla a labhraítear in Iamáice, is sampla é den rud ar a dtugtar contanóid iar-fhásteangach: cé go bhfuil caint na sráide níos cosúla le fásteanga ná le canúint de chuid an Bhéarla, is é an Béarla caighdeánaithe a úsáidtear mar theanga liteartha, agus an caighdeán seo ag imirt a thionchair ar an teanga labhartha féin.
Teangacha Gaolmhara
cuir in eagarCé go bhfuil an Béarla breac le focail iasachta ón bhFraincis, ón Laidin agus ó theangacha eile, ní féidir a shéanadh go mbaineann sé leis an mbrainse Gearmáinice den fhine Ind-Eorpach, agus gaol aige leis an nGearmáinis, an Ollainnis, an Íoslainnis agus na teangacha Lochlannacha eile. Is í an Fhraoslainnis—teanga mhionlaigh a labhraítear i dTuaisceart na hÍsiltíre agus in Iar-Thuaisceart na Gearmáine—an teanga is dlúithe gaoil don Bhéarla, go stairiúil ar a laghad. Ar ndóigh, is follasach go bhfuil an Albainis - nó an Lallainnis—is é sin, an teanga nó na canúintí a labhraítear in Albain agus in áiteanna i dTuaisceart Éireann níos cosúla leis an mBéarla fós, ach is ceist chonspóideach é, cé acu teanga neamhspleách nó canúint de chuid an Bhéarla atá ann. Tá traidisiún litríochta agus scríbhneoireachta ag an Albainis atá scartha ón mBéarla, ach leis na céadta bliain anuas, tá sé ag dul i léig, agus an litríocht a scríobhtar sa teanga inniu, bíonn sí níos cosúla le filíocht chanúnach ná le scríbhneoireacht nua-aoiseach.
An Béarla mar Theanga Dhomhanda
cuir in eagarIs deacair a rá, an féidir dearcadh ar an mBéarla mar theanga náisiúnta na Ríochta Aontaithe a thuilleadh, ós rud é go bhfuil sé sealbhaithe ag uasal agus íseal fud fad an domhain mhóir. Tá sé sábháilte a rá go bhfuil níos mó cainteoirí líofa neamhdhúchais ná cainteoirí dúchais ann, agus deir cuid de na teangeolaithe nach bhfuil sé faoi na cainteoirí dúchais a thuilleadh, cad é atá i ndán don Bhéarla agus cén cineál athruithe a thiocfaidh air feasta. Maidir leis na cainteoirí dúchais, is Meiriceánaigh iad a bhformhór mór—beirt as gach triúr, go bunúsach—agus is é Béarla na Stát Aontaithe an leagan den teanga is mó a labhraítear.
Is dócha gurb iad na longa a rinne a leithéid de mhórtheanga den Bhéarla, níos mó fós ná an impireacht a choilínigh na Sasanaigh. Nuair a fuair Sasana an lámh in uachtar ar bhealaí farraige an domhain, b'í teanga na Sasanach a chuaigh i ngnáthúsáid ar fud na seacht n-aigéan. Bhí an Béarla chun tosaigh ar na teangacha eile i measc lucht na farraige i bhfad sular bhain sé amach an forlámhas atá aige inniu i gcúrsaí léinn agus eolaíochta, sna meáin chumarsáide agus araile.
Is iad na meáin chumarsáide is mó a choinníonn an Béarla ag imeacht inniu, áfach. Sna tíortha nach bhfuil Béarla ar bith le feiceáil i bhfigiúirí an daonáirimh faoi chúrsaí teanga, bíonn an teanga le cloisteáil gach oíche ar an teilifís, agus cé go bhfuil teangacha eile ag dul chun coitiantachta ar an Idirlíon, is é an Béarla an teanga is mó a shamhlaítear le hollbhealaí domhanda an eolais.
Bíonn irisí Béarla, cosúil leis an Time agus an Newsweek, á bhfoilsiú ina n-eagráin idirnáisiúnta do léitheoirí coimhthíocha a bhfuil an teanga go líofa acu. Thairis sin, bíonn páipéir Bhéarla á n-eisiúint i dtíortha nach bhfuil an Béarla ina theanga náisiúnta ná oifigiúil iontu ar aon nós, cosúil leis an St. Petersburg Times sa Rúis, nó an Prague Post i bPoblacht na Seice. Bíonn na nuachtáin seo dírithe ar na heasaoránaigh a bhfuil cónaí orthu sna tíortha seo, ach is léir go mbíonn muintir na háite féin á léamh, le feabhas a chur ar a gcuid Béarla agus le teacht ar nuacht nach bhfuil ar fáil chomh réidh céanna ina dteanga féin.
Foclóir
cuir in eagarTháinig an chuid is mó de bhunfhoclóir an Bhéarla as an nGearmáinic, is é sin, as an Sean-Bhéarla agus as an tSean-Lochlainnis. Mar sin féin, chuaigh an tsraith is sine de na hiasachtaí Fraincise greamaithe go han-domhain sa teanga, agus cúpla ceann acu le haithint sa bhunfhoclóir féin. As an tsean-Fhraincis a tháinig second "dara" (cf. andere na Gearmáinise, annar na hÍoslainnise agus annan na Sualainnise—tá na focail seo gaolmhar le other an Bhéarla) agus very "an-, iontach, creathnach" (cf. sehr na Gearmáinise, mycket na Sualainnise, agus mjög na hÍoslainnise).
Níl sé furasta an tsraith ba sine d'iasachtaí Laidine a aithint thar an gcuid dhúchasach den fhoclóir. Bíonn na focail Fhraincise agus na cinn a tugadh isteach ón Laidin ó bhlianta an Renaissance anuas i bhfad níos so-aitheanta mar fhocail iasachta, ós rud é go mbíonn siad níos faide ná na focail Ghearmáinice, agus blas níos léannta orthu. Is minic a chuireann siad ar chumas an scríbhneora a rogha a bhaint as dhá nó trí cinn de chomhchiallaigh le go rachadh an stíl i gcion ar an léitheoir ar dhóigh ar leith. Mar shampla, níl mórán difríochta idir to put out a fire agus to extinguish a fire ó thaobh na céille de—"dóiteán a mhúchadh" is brí leis an dá chuid—ach ní hionann iad ó thaobh na stíle de.
Mar sin, tá an Béarla iontach saibhir ó thaobh an fhoclóra de. San am céanna, áfach, is follasach gur féidir mí-úsáid a bhaint as an saibhreas seo freisin. Bhí George Orwell, thar aon duine, drochamhrasach i leith fhoclóir na polaitíochta agus an úsáid a bhaintí as na focail léannta i mBéarla na bpolaiteoirí: ní raibh mothúcháin ag dul leis na focail mhóra, agus mar sin, bhí sé ní b'fhusa éagóir nó uafás a choinneáil ceilte ar an saol mór, má cuireadh in iúl é i bhfocail léannta a shleamhnódh thart gan aisfhreagra ceart a bhaint as aon duine. Seo mar a chuir sé a dhrochamhras féin i bhfocail san aiste Politics and the English Language:
"Samhlaigh leat, mar shampla, ollamh compordach Sasanach éigin agus é ag iarraidh ollsmachtúlacht na Rúise a chosaint. Ní féidir leis a rá, lom díreach, Creidim nach drochrud amach is amach é do chuid naimhde polaitiúla a mharú, más féidir leat cuspóirí maithe a bhaint amach ar an dóigh sin. Ina áit sin, déarfaidh sé rud éigin cosúil leis an méid seo:
While freely conceding that the Soviet regime exhibits certain features which the humanitarian may be inclined to deplore, we must, I think, agree that a certain curtailment of the right to political opposition is an unavoidable concomitant of transitional periods, and that the rigours which the Russian people have been called upon to undergo have been amply justified in the sphere of concrete achievement."
B'iad na focail mhóra léannta as an Laidin agus as an tSean-Ghréigis, na "focail chrua" nó hard words mar a thugtar orthu ó am go ham, a spreag Orwell chun an méid sin thuas a bhreacadh síos. Ach, le fírinne, tá Béarla an lae inniu iontach fáiltiúil roimh fhocail iasachta ó gach taobh, go háirithe ós rud é gur tíortha móra inimirce iad na tíortha is mó Béarla, agus na dreamanna eitneacha éagsúla ag tabhairt a gcuid nósanna, cócaireachta agus foclóra leo féin. Cé go gcromann siad go sciobtha ar an mBéarla mar theanga chomhchaidrimh eatarthu féin, bíonn siad ag baint úsáide as a gcuid focal féin le tagairt a dhéanamh dá nósanna sainiúla nár thréig siad go fóill. Uaireanta, glacann an saol mór le nósanna ó na dreamanna eitneacha seo—go háirithe más bia atá i gceist—agus téann an focal féin in úsáid i ngnáthchaint an Bhéarla sa tír sin. Mar sin, fágann na nósanna nua lorg áirithe ar an gcaint sna tíortha éagsúla, rud a chuireann le difríochtaí na leaganacha áitiúla den Bhéarla.
Sa chuid is mó de na tíortha Béarla, is é an Béarla an t-aon teanga oifigiúil amháin, agus é go líofa, nó fiú ó dhúchas, ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre. San Afraic Theas, áfach, tá na teangacha Bantúcha (an teanga Xhosa, an tSúlúis, an teanga Sotho, an teanga Tswana, agus an teanga Venda) le cloisteáil sa tsráid chomh minic leis an mBéarla féin, agus níos mó cainteoirí áitiúla dúchais ag an Afracáinis—an leagan den Ollainnis a d'fhorbair i nDeisceart na hAfraice go dtí gur iompaigh sé ina theanga neamhspleách—ná ag an mBéarla féin. D'fhág an Afracáinis an-lorg ar fhoclóir an Bhéarla san Afraic Theas, agus is ar éigean is féidir na cúrsaí áitiúla a phlé as Béarla gan dul i muinín cuid mhaith focal Afracáinise.
Sa Nua-Shéalainn, arís, tá tábhacht nach beag leis an teanga Maori, arb í teanga na mbundúchasach í, cé go bhfuil na Maori féin go mór mór faoi chois sa tsochaí i gcónaí. Úsáidtear focail as an teanga seo sa Bhéarla áitiúil cosúil leis an dóigh a mbíonn Éireannaigh ag tarraingt chucu focail Ghaeilge, fiú mura bhfuil an Ghaeilge féin acu.
Cialla eile an fhocail "Béarla" sa Ghaeilge
cuir in eagarÚsáidtear an focal béarla i litríocht na Gaeilge, freisin, le tagairt do theangacha nó do chanúintí a bhí in Éirinn i bhfad sular tháinig na Sasanaigh i dtír in Éirinn; mar shampla, bhíodh caint ar "Bhéarla na Midhe". Is féidir don fhocal sin tagairt don Ghaeilge féin: is ionann an Ghaeilge agus an Scotbhéarla. Más gá an Béarla a aithint thar na "béarlaí" eile, is féidir Sacs-Bhéarla a thabhairt air. An duine atá eolach ar go leor teangacha, is féidir "saoi sna hilbhéarlaí" a thabhairt air, cé go bhfuil sé níos coitianta a rá, inniu, go bhfuil "na seacht dteangacha" aige.