Albainis

(Athsheolta ó An Albainis)

Teanga Ghearmáinice is ea an Béarla Gallda,[1]an Albainis (Albainis: Scots[2]), a labhraítear in Albain. Tugtar Lallainnis (Albainis: Lallans, 'ísealchríocha') uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Úsáidtear an téarma Albainis Uladh go hoifigiúil le tagairt don chineál leagain a labhraítear i gCúige Uladh, go háirithe i dTuaisceart Éireann.

Infotaula de llenguaAlbainis
Scots leid agus Scots
Cineál teanga, teanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 90,000 (1999)
Á labhairt Albain, Tuaisceart Éireann agus Éire
Dúchasach do Inse Orc, Comhairle nan Crìochan, Albain, Inse Shealtainn agus Cúige Uladh
Stáit An Ríocht Aontaithe agus Éire
ScotsLanguageMap.png
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
Angla-Fhreaslainnis
Anglic (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir Laidineach
Leibhéal leochaileachta 2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2 sco
ISO 639-3 sco
Glottolog scot1243
Ethnologue sco
UNESCO 410
IETF sco
Endangered languages 10894

Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den Bhéarla mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le Béarla na hAlban, is é sin, an leagan den Bhéarla Caighdeánach a chleachtaítear in Albain.

Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná Scotsbraid Scots - is ionann braid agus broad an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le DoricBuchan Claik - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é Scotch, ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm Lallans bunaithe ar Lowlands an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd Ciste Cúrsaí Reatha úsáid as an leagan Gaeilge Lallainnis. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le Robert Burns agus Robert Louis Stevenson, cuir i gcás.

They took nae pains their speech to balance,
Or rules to gie;
But spak their thoughts in plain, braid lallans,
Like you or me.

Sa sliocht seo, is léir gurb é an chiall atá á cur in iúl leis an bhfocal Lallans ná "caint na ndaoine", "canúint na ndaoine simplí", seachas aon chineál teanga liteartha nó chaighdeánaithe: "Níor bhuair siad a gcloicne le gramadach ná le rialacha na teanga, ach labhair siad an rud a bhí ar a n-intinn i gcaint shimplí na ndaoine cosúil leat féin nó liomsa." (Robert Burns)

Nuair a thosaigh athbheochan na hAlbainise i dtús na fichiú haoise, baineadh úsáid as an bhfocal Lallainnis nó Lallans le tagairt don "Albainis shintéiseach" a bhí ag teacht ar an bhfód san am - is é sin, teanga liteartha a bhí curtha i dtoll le chéile as focail chanúnacha chomh maith le focail a tháinig as seanlitríocht na hAlbainise.

StairCuir in Eagar

Go dtí an 15ú haois, b'ionann Scottis agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt Inglis ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta Erse, is é sin, teanga na hÉireann, a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ScottisScots ag tagairt don Albainis feasta.

Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an Fhraincis ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh.

Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt in Northumberland sna Meánaoiseanna. Cosúil le canúintí Northumberland, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón Ollainnis, ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón Ísiltír. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig.

StádasCuir in Eagar

Sa bhliain 1707, chuaigh Sasana agus Albain le chéile in aon ríocht aontaithe amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, códmhalartú a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scottish Parliament translation guidelines.[1] Curtha i gcartlann 2022-01-03 ar an Wayback Machine
  2. Scots is the collective name for Scottish dialects known also as Doric, Lallans and Scotch or by more local names such as Buchan, Dundonian, Glesca or Shetland. [2].

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar