Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

tír san Eoraip

Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,[1] ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern IrelandUnited KingdomUK), ná stát neamhdhlisteanach é atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland (en-gb) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnGod Save the King Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Dieu et mon droit» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°36′N 2°00′W / 54.6°N 2°W / 54.6; -2

PríomhchathairLondain Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán67,326,569 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús277.64 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla (de facto) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deComhlimistéar Taistil Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla242,495 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeBeinn Nibheis (1,344 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleThe Fens (−4 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 6 Nollaig 1921:  (Conradh Angla-Éireannach)
12 Aibreán 1927
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht bhunreachtúil Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataSeoirse V na Ríochta Aontaithe (–1936) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar WikidataRishi Sunak (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil3,122,480,345,925 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrapunt steirling Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.uk agus .gb Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+44 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála999 agus 112 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreGB Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2GB-UKM Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSUK Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Pinterest: number10gov Cuir in eagar ar Wikidata

Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana.[2] Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu[3][4] bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Corónach: Geansaí, Geirsí agus Manainn.[5] Tá 14 Chríoch Thar Lear.[6] Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.

Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í [7] agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois.[8] Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta.[9][10] Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata.[11]

Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.

Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.

Geilleagar cuir in eagar

Úsáidtear an punt steirling mar airgeadra sa Ríocht Aontaithe. Dar le tuairisc na bliana 2022 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Ríochta Aontaithe an 9ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) paireachta cumhacht cheannaigh (PCC), agus an 6ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI PCC de réir chónaithigh, is an 26ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ríocht Aontaithe, é ar $55,862 don chónaitheach.

De réir Innéacs Forbartha Daonna, Socraithe don Éagothroime, 2021 na Náisiún Aontaithe (en), innéacs a dhéanann iarracht an caighdeán maireachtála a thomhas i ngach tír de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamheacnamaíochta, is í an 16ú tír is forbartha ar domhan í an Ríocht Aontaithe, as 156 tír a tomhaiseadh, cothrom leis an tSeic, leis an tSeapáin, agus leis an Lucsamburg.[12] Dá mbeadh an Ríocht Aontaithe ina ballstát san Aontas Eorpach, chuirfeadh sé sin ar an 9ú tír ba fhorbartha san eagraíocht sin í. I dTuarascáil Sonas Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meaadh gurbh í an Ríocht Aontaithe an 19ú tír ba shona, as 156 thír.

Is í an earnáil seirbhíse (nó an tríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre, agus timpeall ar 80% de phostanna sa Ríocht Aontaithe san earnáil seo.[13] I Mí na Samhna 2019, bhí ráta dífhostaíochta na tíre ar 3.7%, an seachtú leibhéal is lú san Aontas Eorpach dá mbeadh an Ríocht Aontaithe páirteach san eagraíocht sin.[14]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Sa Ríocht Aontaithe agus sna Spleáchais, aithnítear teangacha eile go dleathach mar theangacha dúchasacha régiúnacha faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. In achan cheann acu seo is é ainm na tíre:
    • Coirnis: Rywvaneth Unys Breten Veur ha Kledhbarth Iwerdhon;
    • Gaeilge: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
    • Albainis: Unitit Kinrick o Great Breetain an Northren Irland;
      • Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
        Unitet Kängdom o Great Brittain an Norlin Airlann;
    • Gaeilge na hAlban: Rìoghachd Aonaichte na Breatainne Mòire is Èireann a Tuath;
    • Breatnais: Teyrnas Unedig Prydain Fawr a Gogledd Iwerddon
  2. "Tíortha laistigh de thír".
  3. "Titim i líon na mac léinn sa RA". BBC News.
  4. "Foramhairc Tíortha: An Ríocht Aonraithe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-04-04. Dáta rochtana: 2013-01-20.
  5. "Bunfhíricí na Ríochta Aontaithe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-10-03. Dáta rochtana: 2013-01-20. “The full title of this country is 'the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland'. 'The UK' is made up of England, Scotland, Wales, and Northern Ireland. 'Britain' is used informally, usually meaning the United Kingdom. 'Great Britain' is made up of England, Scotland and Wales. The Channel Islands and the Isle of Man are not part of the UK.”
  6. "Ag Obair le Spleáchais Thar Lear".
  7. Mathias, P. (2001). "{{{title}}}". Londain: Routledge. 
  8. Ferguson, Niall (2004). "{{{title}}}". New York: Basic Books. 
  9. "Tá deis ag Cameron an RA a thabhairt chun bearr a fheabhais in athuair". The Australian.
  10. "Is í an RA an náisiún is cumhachtaí ar domhan". The Independent.
  11. "Na 15 Thír is mó Caithimh i 2011". Military Expenditures. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-03-28. Dáta rochtana: 2013-01-20.
  12. Náisiúin Aontaithe (2019). "Human Development Report 2019 - Overview" (Béarla). Dáta rochtana: 15-03-2020.
  13. Lorna Booth (2019-01-11). "Components of GDP: Key Economic Indicators". 
  14. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.