Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlbanGàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.

Infotaula de llenguaGaeilge na hAlban
Gàidhlig na h-Alba agus Gàidhlig
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais57,000 (2011)
Dúchasach doDún Éideann, Glaschú, Comhairle na Gàidhealtachd agus Albain
Stáitan Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na nOileán
teangacha Gaelacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus aibítir na gcrann
Institiúid caighdeánaitheBòrd na Gàidhlig
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1gd
ISO 639-2gla
ISO 639-3gla
Glottologscot1245
Ethnologuegla
ASCL1101
UNESCO411
IETFgd
Endangered languages3049

Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.

Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.

Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha.[1] Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.

Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — LallansBraid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.

Litriú agus fuaimniú cuir in eagar

Tá córas litrithe Ghaeilge na hAlban sách cosúil le litriú Ghaeilge na hÉireann. Ní cuid de litriú na bhfocal seanfhréamhaithe nó dúchasach iad na litreacha úd j, k. q, v, w, x, y, ná z. Thugtaí ainmneacha crann ar na litreacha fadó, díreach cosúil leis an dóigh a ndéantaí sa Ghaeilge, ach idir an dá linn, chuaigh na hainmneacha sin as gnáthúsáid, agus is minicí a bhíonns na hainmneacha Béarla ar na litreacha inniu, cosúil leis an nGaeilge.

Ní bhaintí úsáid ar bith as an litir H sa litriú traidisiúnta, nó chuirtí an séimhiú in iúl trí phonc a chur os cionn an chonsain shéimhithe.

Bíonn fuaim na gconsan ag brath i bpáirt ar na gutaí mórthimpeall orthu. Is iad e agus i na gutaí caola agus a, o agus u na cinn leathana, go díreach mar atá i nGaeilge na hÉireann.

Cosúil le Gaeilge na hÉireann, is féidir gach consan a fhuaimniú caol nó leathan, de réir na litreach a scríobhtar in aice leis an gconsan. Is é sin, tá an riail úd "caol le caol agus leathan le leathan" i bhfeidhm i nGaeilge na hAlban freisin — "caol ri caol agus leathann ri leathann" i nGaeilge na hAlban. Bíonn fuaimniú Ghaeilge na hAlban níos coimeádaí, áfach: mar sin, na litreacha nach bhfuil ach sleamhnóga iontu sa Ghaeilge, is minic a fhuaimnítear mar ghutaí iad i nGaeilge na hAlban.

Sa bhliain 1976, chuir Bord Oideachais na hAlban athruithe áirithe i bhfeidhm ar litriú na teanga. Baineadh de dhéine na rialach sin "caol le caol agus leathan le leathan", ionas go gceadaítear togte in áit togta inniu.

Na gutaí gearra nach bhfuil faoi bhéim, is féidir iad a fhágáil ar lár sa teanga scríofa, go háirithe i stíl neamhfhoirmeálta, m. sh.:

Tha mi an dòchas -> Tha mi'n dòchas ("tá mé i ndóchas", is é sin, tá dóchas agam, tá mé dóchasach).

Tríd is tríd, tá litriú na Gàidhlig sách cóngarach d'fhuaimniú na teanga, níos cóngaraí fiú ná litriú Ghaeilge na hÉireann. Scéal eile é, áfach, nach dtuigeann na Béarlóirí prionsabail litrithe na teanga, agus is minic a fhuaimníonn siad ainmneacha Gaelacha go mícheart ar fad, go háirithe ainmneacha a bhfuil sleamhnóga iontu, cosúil le SeònaidCaitlìn.

 
Gaeilgeoirí in Albain i 2001

Fuaimniú cuir in eagar

An chuid is mó de na litreacha, is iomann a bhfuaimniú sa Ghàidhlig agus formhór mór na dteangacha Eorpacha. Is fuaimeanna déadacha iad, áfach, T agus D leathan Ghaeilge na hAlban, cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear iad i nGaeilge. Sna teangacha eile, ní féidir T agus D a fhuaimniú ach go hailbheolach; is é sin, fuaimnítear in aghaidh dhroim an drandail iad. Fuaimnítear na consain shéimhithe cosúil leis an nGaeilge, ach is féidir an TH a fhuaimniú (go háirithe idir dhá ghuta) mar /ʔ/, is é sin, mar phléascach glotasach. Ní fhuaimnítear an FH ar aon nós, ach amháin i dtrí fhocal eisceachtúla, mar atá, fhèin (nó fhìn), fhuair ("fuair" na Gaeilge) agus fhathast, a chiallaíonn "fós" (mar sin, ní hionann é agus "fosta" Ghaeilge Uladh, a chiallaíonn "freisin"). Is mar [h] a fhuaimnítear an FH sa trí fhocal seo.

ConsainGnáthfhoirm Foirm shéimhithe 
 LeathanCaolLeathanCaol
bbbvv
ckc [ kʲ]xç
ddʤ*j
fff∅ (gan fh.)∅ (gan fh.)
gɡɟ [ ɡʲ]*j
     
Fuaimniú na gconsan i nGaeilge na hAlban
  • Is fiú roinnt sonraí ginearálta a bhreacadh síos.

An chéad siolla is minicí a bhíonn faoi bhéim, m.sh. drochaid (/ˈdrɔ.xæʧ/) "droichead". Na Béarlóirí nach bhfuil a fhios acu é, is iomaí logainm sna Garbhchríocha nach bhfuaimníonn siad mar ba chóir, m. sh. Mallaig — /ˈmæ.lɛk/.

  • Is minic a bhíonn logainmneacha Gaeilge na hAlban comhdhéanta as níos mó ná aon fhocal amháin, agus an bhéim á cur ar an siolla mícheart sa leagan Béarla dá lán de na logainmneacha seo, m. sh. Tyndrum (/tɯin.ˈdrɯm/) < Taigh an Droma (/tøi æn ˈdrɔ.mæ/).
  • Gné ar leith i bhfuaimíocht na Gaeilge, a bhfuil tionchar aige ar fhuaimniú na hAlban i gcoitinne, ná — cf. girl /ˈɡɯ.rəl/ agus film /ˈfɪ.ləm/) go sátar gutaí cúnta idir chonsain áirithe nuair a bhuaileann siad le chéile; is é sin le rá, idir sonorants (<l> or <r>) agus i ndiaidh consain áirithe:
tarbh — /ˈtæ.rəv/;
Alba — /ˈæ.lə.pæ/.
  • Is spéisiúil go bhfeictear an ghné seo, atá ag na teangacha Ceilteacha i gcoitinne, i dteangacha Indiacha freisin, agus is uathusan a gheibheann sé ainm, svarabhakti. Mar nach bhfeictear anois é ach sna teangacha is faide siar agus is faide soir des na teangacha Ind-Eorpacha, tugann sé seo tuairim dúinn go raibh sé sa Phróta-Ind-Eorpais, ach gur cailleadh é i lár a réimse san áit ar mhó an t-athrú teangan.

Déantar fuaimniú ar b, d agus g i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla:

duine — /ˈdu.ɲə/;
bradan — /ˈbræ.tæn/;
balach — /ˈbæ.ləx/;
Alba — /ˈæ.lə.pə/.
  • Le

    agus <t>, is é an riail ná go bhfuaimnítear iad sa ghnáthmhodh (neamhghlórach) ag tús focail, ach go bhfuilid réamhanálaithe i lár nó ag deireadh focail (braitheann méid na difríochta seo ar an gcanúint):

cat — /kæht/ nó /kæxt/.
  • Ní fhuaimnítear gutaí gan bhéim ag deireadh focla nuair a leanann focal ag tosú le guta é:

duine — /ˈdu.ɲə/;

an duine agad — /ən ˈdu.ɲə ˈæ.kət/ Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.

Gramadach cuir in eagar

  • Is teanga infhillte í an Ghaeilge. Tugann ainmneacha a ngaol le focla eile le fios trí dhíchlaonaithe (ainmneach, tabharthach, ginideach, agus gairmeach), agus déantar réimniú ar bhriathra chun an aimsir (is iad na haimsirí simplí ná caite, fáistineach, agus foshuiteach; is iad na haimsirí cumtha ná an láithreach leanúnach, an caite leanúnach agus an fáistineach leanúnach), an modh (indicative, infinitive, imperative), agus an fhaí ghramadaí (gníomhach, céasta) a chur in iúl.

Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:

  • ord na bhfocal mar atá sa Ghaeilge in Éirinn: Briathar-Ainmní-Cuspóir; níl an t-ord sin i mórán de theangacha an domhain.
  • Forainmneacha Réamhfhoclacha: Cuireann an Ghaeilge forainmneacha agus an chuid is mó de réamhfhocla le chéile i bhfoirmeacha cumtha, mar agam, agad, ris (dó).
  • Níl briathar amháin sa Ghaeilge a chiallaíonn rud a bheidh agat (en = have, it = avere, fr = avoir, sp = tener). Ina áit sin, deirtear go bhfuil rud ag duine.
tha taigh agam
an cat aig Iain
  • Forainmneacha béime: déantar idirdhealú idir gnáthfhorainmneacha, mar mi agus thu, agus na cinn béime, mise and thusa, srl., a chuireann duine amháin i gcéill seachas duine eile.
Mar shampla:
tha i bòidheach — tá sí go hálainn;
tha ise bòidheach — tá sise go hálainn (seachas aon duine eile).

Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:

an taigh aicese — a tigh siúd;
chuirinnse — chuirfinnse;
na mo bheachd-sa — i mo thuairimse.
  • "Tá agus is": Tá dhá bhriathar sa Ghaeilge ar an mbriathar "to be": Tugann tha le fios gné éigin atá ag ainm nó ag forainm, ach is gnách is le hainm nó forainm a chur in iúl (to identify a noun or pronoun as a complement). (Is féidir 'is' a úsáid le cur síos nó gné a chur i gcéill ar ainm nó ar fhorainm, ach go ginearálta ní húsáidtear é mar seo ach i bhfoirmeacha ársa, m.sh., "Is beag an t-iongnadh":
tha mise sgìth — tá mé tuirseach;
is mise Eòghan.
  • Is féidir, ámh, feidhm a bhaint as tha le rá gur rud áirithe atá i rud eile trí thréith a dhéanamh de:
tha mi nam Albannach — Tá mé i m’Albanach.
Is e Albannach a th'annam — Is Albanach atá ionam.

An tAlt cuir in eagar

Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:

an taigh — an teach;
taigh — teach (a house).

Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.

(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uatha, úsáid an, am, agus an t-

an cat (agus le hainmneacha nach séimhítear);
am balach (le hainmneacha a thosaíonn le consain liopa);
an t-òran (ainmneacha a thosaíonn le gutaí).

(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:

a' chaileag (baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach)
leis a' bhalach (firinscneach sa tabharthach agus sa ghinideach)

(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:

na mara
na h-Albann

(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:

na cait;
na h-àireamhan — na huimhreacha.

(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:

nan cat — na gcat;
nam balach — na mbuachall.
 
Tá úsáid na Gaeilge ar rudaí oifigiúla dála comharthaí bóthair níos coitianta ná mar a bhí sí tráth

Difríochtaí idir Gaeilge agus Gaeilge na hAlban cuir in eagar

Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:

Gaeilge na hAlban — Ciamar a tha thu?
Gaeilge Uladh — Caidé mar a tá tú?
Gaeilge Chonnacht — Cén chaoi a bhfuil tú?
Gaeilge na Mumhan — Conas tánn tú?; Conas taoi?
Gaeilge — Conas atá tú?

Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal fáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é chan eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de ní fhuil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha/chan in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):

Gaeilge na hAlban — Chan eil airgead agam (sean-Ghaeilge nichon fhuil airccet accam).
Gaeilge — Níl aon airgead agam (sean-Ghaeilge ní fhuil airccet accam).

Tá "a" i roinnt focla i nGaeilge, acu "u" i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi sheach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois.

GaeilgeGaeilge na hAlban
GaelGaidheal
latha, là
oícheoidhche
isteacha-steach
scoilsgoil
páistepàisde
údarásùghdarras
oifigoifis
oscailte (U. fascailte)fosgailte
bliainbliadhain
raidiórèidio
rialtasriaghaltas
parlaimintpàrlamaid
oileáneilean
caintbruidhinn
slaghdáncnatan
bóthar, ródrathad
aire, ministéirministear
i, in, annan, ann
* Ar nós Gaeltacht na hÉireann
** I nGaeilge na hAlban, ciallíonn sé seo an Bhriotáin.

Aitheantas oifigiúil cuir in eagar

 
Parlaimint na hAlban

Tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, tá Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais ar deireadh. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í. Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an BBC, Radio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le Raidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún ITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.

Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag agus TG4 in Éirinn. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60.027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5.900.004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.

Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.

Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.

Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas na Ríochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe ag Parlaimint na hAlban.

Is iad príomhthréithe an Bhille ná:

  • Aitheantas dlithiúil a thabhairt don Ghaeilge mar cheann de theangacha na hAlban;
  • Bòrd na Gàidhlig, a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh, a fhoirfiú de réir dlí, chun feidhm agus tuiscint ar an dteangan a chur ar aghaidh;
  • Iallach a chur ar Bhòrd na Gàidhlig Plean Náisiúnta Gaeilge a cheapadh chun go nglacfaí leis ag airí na hAlban;
  • Iallach a chur ar eagraisí poiblí in Albain plean teangan Gaeilge a phlé maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratasaí chun an rialtais, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus ba é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).

Maíonn roinnt tráchtairí, mar shampla Éamonn Ó Gribín (2006) nach bhfágann Acht na Gàidhlig Gaeilge na hAlban ar chomhchéim agus ar chomhstádas leis an mBéarla nó fiú leis an mBhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeadh duine amaideach nó saonta ag dréim go mbeidh athrú suntasach ann i dtaobh rathúnais na teangan mar thoradh ar iarrachtaí Bhord na Gàidhlig.[2]

Feictear inniu go ndearna Acht Oideachais 1872, a rinne neamhshuim iomlán den Ghaeilge, agus a d'fhág nár ligeadh do na glúnta Gaeil focal Gaeilge a labhairt sa seomra ranga, dochar mór don teanga.

Osclóidh an chéad mheánscoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge i nGlaschú i 2005 (tá roinnt bunscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna a dhéanann roinnt teagaisc as Gaeilge sa tír cheana féin).

Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in Alba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige.

Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach i dtaobh Ghaeilge na hAlban.

Is eagras Iomairt Choilm Chille a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.

Logainmneacha cuir in eagar

  • Obar Dheathain — Obar Dheathain
  • Dún Déagh — Dùn Dèagh
  • Dún Éideann — Dùn Èideann
  • An Gearasdan — An Gearasdan
  • Glaschú — Glaschu
  • Inbhear Nis — Inbhir Nis
  • Peairt — Peairt
  • Sruighle — Sruighlea
  • Steórnabhagh — Steòrnabhagh

Ainmneacha pearsanta cuir in eagar

Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.

Tugann an fhoirm ghairmeach d’ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:

Seumas -> Sheumais -> Hamish;
Màiri -> Mhàiri -> Vairi.

Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le Mac, ar nós Mac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscneach le Nic, mar a tharlaíonn sa nGaeilge: Catrìona Nic a' Phì a bheith ar Catriona Nic an Phí as Gaeilge.

Tagann sloinnte eile in Albain as dathanna, mar shampla: Bain (bàn/bán), Roy (ruadh/rua), Dow (dubh/dubh), Dunn (donn/donn).

Focail iasachta cuir in eagar

Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh d’fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid fhocla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic "watchigeadh" (faire) and "catcheadh" (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireanns cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann "matchannaí" ar chipíní nó lasáin, agus "ar mo bhicycle" in áit "ar mo rothar".

Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban.

I measc na bhfocla a shíolraíonns ó Ghaeilge, tá whisky, slogan, brogue, jilt, clan, strontium, mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ben (beinn), glen (gleann) agus loch.

Foinse: An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ciarán Lenoach (2020-06-23). "Iontaobhas daonlathach Gàidhlig molta i staidéar nua" (as ga). 
  2. http://geolinguistics.org/geo32articles/GEO-32-Williams-art.pdf LEGISLATIVE DEVOLUTION AND LANGUAGE REGULATION IN THE UNITED KINGDOM Colin H Williams Cardiff University

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Vicipéid le fáil as Gaeilge na hAlban freisin
v · t · e Teangacha Ceilteacha
 
Teangacha Gaelacha
(Q-Cheilteach)
Teangacha Breatnacha
(P-Cheilteach)
      
Gaeilge ·Gaeilge Mhanann ·Gaeilge na hAlban |Briotáinis ·Coirnis ·Breatnais
 
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh