Gramadach de chuid Gaeilge na hAlban

gramadach de chuid Gaeilge na hAlban agus Gaeilge na hÉireann níos cosúla lena chéile ná na teangacha Ceilteacha eile. Is teanga infhillte í Gaeilge na hAlban, cosúil le Gaeilge na hÉireann.

infhilleadh

Tá roinnt rudaí suntasacha i ngramadach Ghaeilge na hAlban:

  • ord na bhfocal mar atá sa Ghaeilge in Éirinn: Briathar-Ainmní-Cuspóir; níl an t-ord sin i mórán de theangacha an domhain.
  • Forainmneacha Réamhfhoclacha: Cuireann an Ghaeilge forainmneacha agus an chuid is mó de réamhfhocla le chéile i bhfoirmeacha cumtha, mar agam, agad, ris (dó).
  • Níl briathar amháin sa Ghaeilge a chiallaíonn rud a bheidh agat (en = have, it = avere, fr = avoir, sp = tener). Ina áit sin, deirtear go bhfuil rud ag duine.
tha taigh agam
an cat aig Iain
  • Forainmneacha béime: déantar idirdhealú idir gnáthfhorainmneacha, mar mi agus thu, agus na cinn béime, mise and thusa, srl., a chuireann duine amháin i gcéill seachas duine eile.
Mar shampla:
tha i bòidheach — tá sí go hálainn;
tha ise bòidheach — tá sise go hálainn (seachas aon duine eile).

Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:

an taigh aicese — a tigh siúd;
chuirinnse — chuirfinnse;
na mo bheachd-sa — i mo thuairimse.
  • "Tá agus is": Tugann tha le fios gné éigin atá ag ainm nó ag forainm, ach is gnách is le hainm nó forainm a chur in iúl. (Is féidir 'is' a úsáid le cur síos nó gné a chur i gcéill ar ainm nó ar fhorainm, ach go ginearálta ní húsáidtear é mar seo ach i bhfoirmeacha ársa, m.sh., "Is beag an t-iongnadh":
tha mise sgìth — tá mé tuirseach;
is mise Eòghan.
  • Is féidir, ámh, feidhm a bhaint as tha le rá gur rud áirithe atá i rud eile trí thréith a dhéanamh de:
tha mi nam Albannach — Tá mé i m’Albanach.
Is e Albannach a th'annam — Is Albanach atá ionam.
  • Déantar réimniú ar bhriathra chun an aimsir,[1] an modh, agus an fhaí ghramadaí (gníomhach, céasta) a chur in iúl.

Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:

an taigh — an teach;
taigh — teach (a house).

Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.

(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uatha, úsáid an, am, agus an t-

an cat (agus le hainmneacha nach séimhítear);
am balach (le hainmneacha a thosaíonn le consain liopa);
an t-òran (ainmneacha a thosaíonn le gutaí).

(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:

a' chaileag (baininscneach san ainmneach agus sa tabharthach)
leis a' bhalach (firinscneach sa tabharthach agus sa ghinideach)

(iii). Sa bhaininscneach, ginideach, uimhir uatha, na agus na h- a úsáidtear:

na mara
na h-Albann

(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách na mar alt, ach na h- a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:

na cait;
na h-àireamhan — na huimhreacha.

(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le labial nó a mhalairt:

nan cat — na gcat;
nam balach — na mbuachall.

Difríochtaí idir Gaeilge agus Gaeilge na hAlban

cuir in eagar

Tá Gaeilge na hAlban cosúil le Gaeilge, ach ní thuigfeadh formhór na gcainteoirí i dtír amháin mórán de chanúintí na tíre eile. Níl cuid de chanúintí Dhún na nGall chomh fada sin ó Ghaeilge na hAlban, mar a fheictear san abairt seo:

Gaeilge na hAlban — Ciamar a tha thu?
Gaeilge Uladh — Caidé mar a tá tú?
Gaeilge Chonnacht — Cén chaoi a bhfuil tú?
Gaeilge na Mumhan — Conas tánn tú?; Conas taoi?
Gaeilge — Conas atá tú?

Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ghraif (`) in Albain, seachas agúid (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal fáilte mar fàilte i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é chan eil an (neg participle) san áit atá níl (giorrúchán de ní fhuil) in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear cha/chan in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):

Gaeilge na hAlban — Chan eil airgead agam (sean-Ghaeilge nichon fhuil airccet accam).
Gaeilge — Níl aon airgead agam (sean-Ghaeilge ní fhuil airccet accam).

Tá "a" i roinnt focla i nGaeilge, acu "u" i nGaeilge na hAlban, m.sh, an focal Béarla agus Beurla faoi seach. Tarlaíonn seo mar gheall ar an gcaighdeánú agus ar an athrú litrithe a chuir rialtas na hÉireann ar bun sa 20ú Aois.

Gaeilge Gaeilge na hAlban
Gael Gaidheal
latha, là
oíche oidhche
isteach a-steach
scoil sgoil
páiste pàisde
údarás ùghdarras
oifig oifis
oscailte (U. fascailte) fosgailte
bliain bliadhain
raidió rèidio
rialtas riaghaltas
parlaimint pàrlamaid
oileán eilean
caint bruidhinn
slaghdán cnatan
bóthar, ród rathad
aire, ministéir ministear
i, in, ann an, ann
* Ar nós Gaeltacht na hÉireann
** I nGaeilge na hAlban, ciallíonn sé seo an Bhriotáin.

Féach freisin    

cuir in eagar
  1. is iad na haimsirí simplí ná caite, fáistineach, agus foshuiteach; is iad na haimsirí cumtha ná an láithreach leanúnach, an caite leanúnach agus an fáistineach leanúnach