An Bhreatnais
Ceann de theangacha oifigiúla na Breataine Bige is ea an Bhreatnais ar a dtugtar freisin an Chomraig[1]. Is í an ceann is láidre de na teangacha i gcraobh Bhreathnach na dteangacha Ceilteacha, ar a dtugtar freisin an chraobh P-Cheilteach.
Breatnais (Cymraeg) | |
---|---|
Á labhairt: | sa Bhreatain Bheag, san Argintín, i Sasana, sna Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn |
Réigiún: | Ar fud an domhain |
Cainteoirí san Iomlán: | 791,000 |
Rang: | (Ní sa chéad 100) |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Breataine Bige |
Foras Pleanála Teanga: | (rialtóir ar bith) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | cy |
ISO 639-2 | wel (B) cym (T) |
ISO 639-3 | cym |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
ÚsáidCuir in Eagar
Tá cumas éigin Breatnaise ag tuairim is 25% de phobal na Breataine Bige, agus baineann 8-10% úsáid aisti go tráthrialta.
Tá líon na gcainteoirí ag fás sa Bhreatain Bheag, go háirithe i measc na glúine óige, agus dealraíonn sé go bhfuil todhchaí na Breatnaise réasúnta sábháilte i gcomparáid leis na teangacha Ceilteacha eile.
De réir dealraimh, tá thart ar 5.000 cainteoir Breatnaise i gCúige Chubut de chuid Phatagóin na hAirgintíne. logo S4C.
Tá oideachas ar fáil tríd an mBreatnais i mbeagnach gach réimse. Is ábhar éigeantach í an Bhreatnais do gach dalta sa Bhreatain Bheag idir 5 agus 16 bliana d'aois i scoileanna poiblí.
Bíonn an Bhreatnais á craoladh ar chainéal teilifíse S4C agus ar an raidió sa Bhreatain Bheag.
StádasCuir in Eagar
Tá roinnt cearta dlíthiúla ag lucht a labhartha, mar shampla an ceart cumarsáid a dhéanamh leis an rialtas i mBreatnais agus chun an teanga a úsáid sa chúirt agus sa Tionól Náisiúnta.
Chinn Rialtas na Breataine sa bhliain 2017 go gceadófaí úsáid na Breatnaise i ndíospóireachtaí parlaiminte[2]. Ar an 7 Feabhra 2018, labhraíodh an Bhreatnais le linn díospóireacht pharlaiminte i Westminster den chéad uair riamh. ag cruinniú de chuid Mhórchoiste na Breataine Bige. Roimhe seo ba i mBéarla amháin a bhíodh díospóireachtaí i dTeach na dTeachtaí, ach úsáidtear an tseanFhraincis chun dlíthe a rith i dTeach na dTiarnaí.
StairCuir in Eagar
Is teanga scríofa í ó 600 A. D., cé nach bhfuil lámhscríbhinní slán ón tréimhse sin. Tá traidisiún liteartha na Breatnaise gan bhriseadh go dtí an lá atá inniu ann.
Sampla den litríocht ná an Mabinogi, filíocht Bhreatnaise ón Meánaois agus is cuid é de stór litríochta na hEorpa.
Níl sé go hiomlán cinnte cén uair a tháinig na Ceiltigh is a dteanga(cha) siúd chuig na hoileáin seo, is é sin le rá Éire agus an Bhreatain.
Na RómhánaighCuir in Eagar
Is eol go raibh na teangacha Breatnacha á labhairt thart faoin gcuid is mó d'oileán na Breataine faoin am gur bhain na Rómhánaigh amach an áit. Tharla athruithe móra le teacht na Rómhánach. Bhí go leor daoine dátheangach sa teangain Bhreatnach, mar a bhí san am, agus sa Laidin, go háirithe i ndeisceart na Breataine (an ceantar is mó a bhain le sibhialtacht na Róimhe, oirdheisceart na Breatnaine Bige san áireamh). Is dóigh gurbh í an Laidin teanga an riaracháin agus nach raibh sa Bhreatnais ach teanga labhartha amháin. Fuarthas focail go leor ar iasacht ón Laidin ach ní raibh tionchar na Laidine ar an teangain Bhreatnach chomh láidir is a bhí ar theangacha Ceilteacha na mór-roinne. Bhí greim Impireacht na Róimhe agus na Laidine ar an mBreatain beagán ní ba scaoilte, b'fhéidir, ná mar a bhí ar an nGaill, mar shampla. I ndiaidh imeacht na Rómhánach, laghdaíodh ar thionchar a gcuid teangan go dtí nár fágadh í ach mar theanga scríofa.
Ag an am céanna, bhí an teanga Bhreatnach ag athrú. I ndiaidh do na Rómhánaigh teacht ar an bhfód, chaill an seanteanga Bhreatnach a stádas mar theanga cheannaireachta i gcuid mhaith de chríocha na Breataine. Bhí leagan amach na teangan á dhíchobhsú ag an Laidin.
Luath-BhreatnaisCuir in Eagar
Tugtar Luath-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann ó thús dara leath na séú haoise (thart ar 550 A. D.) go dtí deireadh na hochtú haoise.
Tháinig an Chríostaíocht chun na Breataine le linn na tréimhse sin agus laghdaíodh údarás shagairt an tseanchreidimh agus an tionchar a bhí acu. B'iad sin a chaomhnaíodh na sean-nósanna lena n-áirítear na sean-chleachtais teangan. Le linn an ama seo, dealraíonn sé gur tharla athruithe sa teanga Bhreathnach ó thaobh gramadaí de agus forbairtí eile atá mar shaintréithe theanga na Breatnaise mar a labhraítear anois í. Mar gheall ar an easpa fhianaise scríofa, ní féidir a rá go cinnte cén uair a tharla na hathruithe teangeolaíochta seo. Cé gur síleadh tráth go raibh an Bhreatnais scartha ón mBriotáinis, mar shampla, faoin séú haois, is é meas na scoláirí anois nár theanga scoite a bhí inti go dtí go luath sa dara leath den aois sin.
Níl ach cúpla clochscríbhinn fágtha ón tréimhse sin, ach tá tagairt di i saothar Bhéid, "Historia ecclesiastica gentis Anglorum" (Stair Eaglasta na Sasanach) agus roinnt logainmneacha. Tá an sliocht Breatnaise ó lámhscríbhinn is sine dá bhfuil againn le fáíl i "Llyfr Sant Chad" atá i seilbh Ardeaglais Chaerlwytgoed i Sasana. Is sliocht dlíthiúil atá ann.
Sean-BhreatnaisCuir in Eagar
Tugtar an tSean-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 9ú haois agus deireadh an 11ú haois. Tá breacscríbhinní i Sean-Bhreatnais ar cháipéisí Laidine ón tréimhse sin a tháinig slán.
Tá roinnt lámhscríbhinní ón 12ú haois ann freisin gur macasamhala iad de lámhscríbhinní ní ba shine nó gur taifid de bhéaloideas níos sine iad. Tugann na giotaí scríofa fianaise i dtaobh Breatnaise na linne sin ach tá an fhianaise seo débhríoch go leor. Ní thugann siad mórán leide i dtaobh fhuaimeanna na Breatnaise nó an é go bhfuil na fuaimneanna sin ag athrú.
Meán-BhreatnaisCuir in Eagar
Tugtar an Mheán-Bhreatnais ar an gcineál Breatnaise a bhí ann idir an 12ú agus an 14ú haois. Is ón tréimhse seo an Mabinogi. Bhí focail iasachta ag teacht isteach ón Laidin agus ón bhFraincis ag an am seo mar thoradh ar aistriúcháin.
I ndiaidh na tréimhse seo, tháinig athrú ar an teanga ó thaobh cháilliúnt roinnt leaganacha de na briathra de agus roinnt réamhfhocal pearsanta.
Bíobla 1588Cuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- Lexicelt.org — foghlaim na Breatnaise trí mheán na Gaeilge, agus foghlaim na Gaeilge trí mheán na Breatnaise.
- Lexicelt: foclóir — foclóir Breatnais-Gaeilge.
- Foclóir Breatnais-Gaeilge
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O. (1948). "Sgéalta ó'n gComraig" (in Gaeilge): 55. Oifig an tSoláthair.
- ↑ https://tuairisc.ie/la-stairiuil-don-bhreatnais-agus-a-husaid-ceadaithe-den-chead-uair-inniu-i-westminster/
athraigh Teangacha Ceilteacha | ||||||||||||||||||||
|
||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Féach: Teangeolaíocht · Na Ceiltigh |