Tá a lán daoine ann a chreideann go bhfuil cearta ag daoine de thairbhe gur daoine iad (ní ainmhitherudaí iad ach daoine ar féidir leo smaoineamh agus mothú)[1].

 An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine

Tá iarrachtaí déanta ag a lán sochaithe chun cearta a thabhairt do gach duine. Uaireanta tá na cearta seo a dhearbhú mar chairt (liosta scríofa). Mar gheall ar na rudaí uafásacha a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh a lán tíortha go mbeadh liosta nua de chearta an duine ann chun daoine a chosaint. Mar shampla, i 1948 d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Shínigh a lán tíortha an dearbhú seo, a rá go ndéanfaidís a ndícheall chun na cearta seo a chosaint. Sa atá inniu ann tá an dearbhú sínithe ag an chuid is mó de thíortha an domhain.

Tugtar cearta an duine orthu seo. Mar shampla

  • an ceart bheith saor (an ceart chun saoirse);
  • an ceart le comhionannas, is cuma faoi chine, faoi ghnéas, faoi chreideamh ná faoi aois;
  • an ceart le bheith beo (nach cead do dhuine nórialtas tú a mharú);
  • an ceart le triail chothrom phoiblí (nach gcuirtear i bpríosún thú gan chúis mhaith)

srl.

Wat Klang Wiang, Chiang Rai

IonstraimíCuir in Eagar

Tá clásal “neamh-leithcheala” ag príomh-ionstraimí idirnáisiúnta uile na gceart daonna[2] (amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Coinbhinisiún na hEorpa um Chearta Daonna - agus amhail an tAcht um Chearta Daonna). Tagraíonn na clásail seo do na grúpaí ar féidir leo úsáid a bhaint as na cearta mar atá siad in ionstraimí na gceart daonna gan leithcheal

Dearadh ionstraimí áirithe sa dóigh go gcosnóidh siad grúpaí mionlaigh nó grúpaí a bhfuil cosaint ar leith de dhíth orthu mar shampla

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala ar Mhná (CEDAW)

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala Chiníoch (CERD)

• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste (UNCRC)

Aithnítear go hidirnáisiúnta, mar sin, go gcaithfear grúpaí áirithe a chosaint ar leithcheal agus go gcaithfear comhionannas deiseanna a chothú.

Éabhlóid stairiúilCuir in Eagar

Measann go leor fealsúna agus staraithe dlí nach féidir labhairt ar chearta an duine go dtí an lá inniu san Iarthar. Go dtí sin, níor fhág noirm an phobail, a cumadh i ndáil le hord an chosmais, níor fhag siad spás ar bith don duine mar indibhid uatha,[3] measadh an dlí go príomha mar ord oibiachtúil na sochaí. Bhí an t-ordlathas sóisialta bunaithear an teaghlach, an uaisleacht nó na corparáidí gairmiúla nó saothair,[4] a thugann le tuiscint nár cumadh aon chearta daonna mar sin, cumhachtaí chun rud a lorg no a éileamh. A mhalairt ar fad, an chumhacht go léir a thugtar don duine aonair a dhíorthaítear ó stádas dúbailte: stádas an duine laistigh den teaghlach agus stádas an teaghlaigh sin sa tsochaí. Lasmuigh den Stádas ní raibh aon chearta ann.[5]

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar