Uisce
Is é atá in uisce ná leacht leamh, agus níl boladh nó blas air. Clúdaíonn uisce 70% de dhromchla an domhain.[1] Tá aibhneacha, lochanna agus farraigeacha déanta as uisce. Tuaslagann sé beagnach gach ábhar a bheag nó a mhór, ach arnháin ábhair i bhfoinn mhóilíneach (mar shampla, O2, CH4). Riachtanach don bheatha, agus i láthair i ngach orgánach beo.
![]() ![]() | |
Substaint cheimiceach | comhdhúil cheimiceach agus aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 18.015268 Da |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | H₂O |
![]() | |
SMILES canónta | |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 0.983854 g/cm³ (a −30 °C, leacht) 0.993547 g/cm³ (a −20 °C, leacht) 0.998117 g/cm³ (a −10 °C, leacht) 0.9998395 g/cm³ (a 0 °C, leacht) 0.999972 g/cm³ (a 4 °C, leacht) 0.99996 g/cm³ (a 5 °C, leacht) 0.9997026 g/cm³ (a 10 °C, leacht) 0.9991026 g/cm³ (a 15 °C, leacht) 0.9982071 g/cm³ (a 20 °C, leacht) 0.9977735 g/cm³ (a 22 °C, leacht) 0.9970479 g/cm³ (a 25 °C, leacht) 0.9956502 g/cm³ (a 30 °C, leacht) 0.99403 g/cm³ (a 35 °C, leacht) 0.99221 g/cm³ (a 40 °C, leacht) 0.99022 g/cm³ (a 45 °C, leacht) 0.98804 g/cm³ (a 50 °C, leacht) 0.9857 g/cm³ (a 55 °C, leacht) 0.98321 g/cm³ (a 60 °C, leacht) 0.98056 g/cm³ (a 65 °C, leacht) 0.97778 g/cm³ (a 70 °C, leacht) 0.97486 g/cm³ (a 75 °C, leacht) 0.9718 g/cm³ (a 80 °C, leacht) 0.96862 g/cm³ (a 85 °C, leacht) 0.96531 g/cm³ (a 90 °C, leacht) 0.96189 g/cm³ (a 95 °C, leacht) 0.95835 g/cm³ (a 100 °C, leacht) ![]() |
Luas forleata fuaime | 1,497 m/s (25 °C, leacht) 473 m/s (100 °C, gás) 3,000 m/s (, solad) ![]() |
Kinematic viscosity (en) ![]() | 0.01012 cm²/s agus 0 m²/s |
Slaodacht dhinimiciúil | 1.7911 mPa s (a 0.01 °C, 1 atm, leacht) 1.0016 mPa s (a 20 °C, 1 atm, leacht) 0.89002 mPa s (a 25 °C, 1 atm, leacht) ![]() |
Comhéifeacht athraonta | 1.3945 (a 0 °C, 226.5 nm) 1.33432 (a 0 °C, 589 nm) 1.32612 (a 0 °C, 1,013.98 nm) 1.39336 (a 20 °C, 226.5 nm) 1.33298 (a 20 °C, 589 nm) 1.32524 (a 20 °C, 1,013.98 nm) ![]() |
Thermal conductivity (en) ![]() | 0.56 W/(m K) |
Pointe leáite | 0.002519 °C (a 101.325 kPa) 0 °C (a 101.325 kPa) ![]() |
Fiuchphointe | 99.9839 °C (a 101.325 kPa) 99.9743 °C (a 101.325 kPa) ![]() |
Pointe dianscaoilte | 2,200 °C 3,000 °C ![]() |
Eantrópach mólarach caighdeánach | 69.9 J/(mol K) agus 188.8 J/(mol K) |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −241,818 J/mol agus −285,830 J/mol |
Eantalpacht mólarach de ghalú | 40.656 kJ/mol agus 9.717 kcal/mol |
Saintoilleadh teasa | 4,184 J/(kg K), 2,110 J/(kg K), 1,640 J/(kg K) agus 4,216 J/(kg K) |
Guais | |
Dáileog mharfach airmheánach | 90 g/kg (francach, riarachán béil) ![]() |
Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 (luach ar iarraidh) NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () ![]() | |
Eile | |
Slaodacht, odorlessness (en) ![]() ![]() |
CeimicCuir in Eagar
Is é atá i móilín uisce ná dhá adamh hidrigin agus aon adamh ocsaigin. H2O is foirmle cheimiceach dó. Is í an chomhdhúil mhóilíneach is coitianta ar Domhan.
Ní aigéad nó alcaileach é, agus tá pH 7 aige. Tá fiuchphointe 100 °C agus reophointe 0 °C aige. Mar sin, is leacht é a reonn ina oighear ag O °C, agus a fhiuchann chuig gás/galuisce ag 100 °C. Má bhruithtear é, déantar gal as, agus má reotar é, déantar oighear as.
Nasctha le chéile le naisc hidrigine mar leacht, agus oibríonn uisce i gcomheagar le hiain thuaslagtha ann. Neamhchoitianta go leor, tá an solad níos éadroime ná an leacht.
Nuair a bhíonn tiúchan ard ian cailciam is maignéisiam ann, deirtear gur uisce crua é. Bogtar é trí na hiain seo a athshuíomh le sóidiam is potaisiam nach ndéanann táirgí dothuaslagtha le gallúnach.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Fréamh an Eolais, Matt Hussey, Coiscéim, p690
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |