Matthew Hussey

eolaí Éireannach

Tá aithne ar an Ollamh Matthew Hussey mar Cheann ar roinn na fisice agus mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus mar scríbhneoir leis na blianta, i nGaeilge agus i mBéarla, maidir le cúrsaí teicniúla. Is iomaí alt atá scríofa aige, agus is é atá laistiar den chiclipéid eolaíochta is cuimsithí dá bhfuil ann sa Ghaeilge, Fréamh an Eolais.[1] Ina chuid scríbhinní Gaeilge, is ar an ngnáthléitheoir ar suim leis cúrsaí teicniúla a dhíríonn sé.

Infotaula de personaMatthew Hussey
Beathaisnéis
Breith1942
81/82 bliana d'aois
An Chathair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Saol pearsanta cuir in eagar

Rugadh é i gCathair Dhún Iascaigh, i gcroílár Chontae Thiobraid Árainn,[2] duine as clann dháréag.

Saol acadúil cuir in eagar

Bhain an tOllamh Matthew Hussey céim san innealtóireacht amach i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, sa bhliain 1963 (BE). Thug sé aghaidh ansin ar na Stáit Aontaithe, go hOllscoil Phennsylvania Philadelphia, áit a bhain sé céim mháistreachta (MSc) agus céim dhochtúireachta (PhD) amach faoi seach sna blianta 1967 agus 1970. Agus é ar an ollscoil sna Stáit, bhí sé gafa go dlúth le hobair taighde i réimse na bithinnealtóireachta.

Sa bhliain 1970, d'fhill sé ar an Eoraip, go Glaschú na hAlban, áit ar ghlac sé le post mar fhisiceoir sinsearach leis an Seirbhís Náisiúnta Shláinte agus Scoil na Fiaclóireachta in Ollscoil Ghlaschú. Agus é ansin, rinne sé taighde, forbairt, múineadh, agus léachtóireacht, mar aon le seirbhísí cliniciúla a chur ar fáil maidir le hultrafhuaim, séadairí cairdiacha, tomhais chliniciúla is bith-ábhair fhiaclóireachta.

 

Sa bhliain 1975, d'fhill sé ar Éirinn agus ceapadh é mar léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i Roinn na Fisice, agus mar Cheann na roinne sin sa tréimhse 1983-1995. Díreach ina dhiaidh sin ceapadh é mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2007. Lean sé air i mbun taighde agus léachtóireachta sa choláiste thar an achar seo go léir, mar aon le bheith gafa le gcúrsaí riaracháin, go háirithe le forbairt ar chláir acadúla agus le forbairt straitéiseach i gcúrsaí ard-oideachais. Lean sé air i mbun scríbhneoireachta agus é san institiúid, mar is léir óna tháirgiúlacht thar na blianta.

Saol spóirt cuir in eagar

Agus é óg, agus fós ina chónaí i gCathair Dhún Iascaigh, léirigh sé an-spéis i gcúrsaí spóirt. Bhí sé gafa le liathróid láimhe, iomáint, peil, rith trastíre agus é i mbun staidéir. Bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh craobhacha contae (óigeanta agus mionúr) sa pheil agus craobhacha an chontae theas (óigeanta agus mionúr) san iomáint, ré beag órga sa chlub áitiúil. D'imir sé peil mionúr do Thiobraid Árann ar ócáid amháin.

Tar éis dó bogadh go Baile Átha Cliath, agus é ag freastal ar Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, d'imir sé liathróid láimhe (mionúr) do chontae Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé craobhacha contae sa liathróid láimhe (óigeanta, sóisearach is sinsearach) i mBaile Átha Cliath. Chabhraigh sé le club liathróid láimhe a eagrú san ollscoil agus bhí sé ar fhoireann an choláiste a bhuaigh an chéad chomórtas idir-ollscoileanna uile-Éireann.

Foilseacháin cuir in eagar

Leabhair, caibidlí leabhar, páipéir in irisí údarásacha agus léachtaí do chomhdhálacha léinn cuir in eagar

Tá breis agus 70 caibidlí leabhar agus páipéir in irisí údarásacha chomh maith le timpeall agus 150 léachtaí agus tuarascálacha tugtha ag an Ollamh Hussey do chomhdhálacha léinn san Eoraip, san Áis agus i Meiriceá ar raon leathan ábhar sa bhithinnealtóireacht agus sa bhithfhisic; forbairtí san íomháú le hultrafhuaim, teicníochtaí Doppler ina measc; íomháú ginearálta sa leigheas; airíonna agus forbairtí i mbith-ábhair fhiaclóireachta; fuaimíocht, fuaim agus creathanna; fadhbanna fuinnimh; oideachas san eolaíocht; fealsúnacht, pleanáil straitéiseach san ard-oideachas; cinntiú caighdeán sa mhúineadh agus sa taighde san ard-oideachas.

Tá 28 tráchtas nó leabhar foilsithe aige thar na blianta, óna thréimhse san Stáit Aontaithe go dtí an lá inniu, agus réimse leathan ábhar faoi chaibidil iontu. Tá foilseacháin ann ar chúrsaí leighis, cumhachta, innealtóireachta, réalteolaíochta, mar aon le téacsleabhair meánscoile agus eile. Seo liosta díobh, eagraithe de réir cineáil:

Foilseacháin i nGaeilge cuir in eagar

I measc na bhfoilseachán a chuir an tOllamh Hussey ar fáil áirítear líon nach beag atá i nGaeilge. Dála na bhfoilseachán eile aige, is ar ábhair theicniúla nó oideachasúla iad.

  • Fisic Shinsearach 1: Meicnic agus tonnghluaisne mheicniúil (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1990)
  • Fisic Shinsearach 2: Teas (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1991)
  • Fisic Shinsearach 3: Leictreachas (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1991)
  • Fisic Shinsearach 4: Solas (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1992, ISBN 185791001X)
  • Fisic Shinsearach 5: Leictreonaic agus fisic adamhach (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1992, ISBN 1857910338)
  • Fisic Shinsearach 6: Ceisteanna agus Freagraí (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1993, ISBN 1857910532)
  • Matamaitic Fheidhmeach: Cúrsa na hArdteistiméarachta (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1994, ISBN 1857910974)
  • Neodracht na hÉireann sa ré Núicléach (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 1990)
  • Nod don Eolach, Gasaitéar Eolaíochta (An Gúm, Baile Átha Cliath, 1999, ISBN 1857911032)
  • Go maire tú an céad: Ag coimeád an dochtúra ón doras sa chéad seo romhainn (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2003)
  • An Cosmas, An Chosmeolaíocht agus an duine (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2003)
  • An Forthéamh Domhanda: Bunleabhar (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2009, ISBN 6660012090341)
  • Fréamh an Eolais: Ciclipéid Eolaíochta agus Teicneolaíochta (Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2011, ISBN 6660012110698)
  • An tEolaí: Nuachtlitir 8-leathanach ar fhorbairtí san eolaíocht is san teicneolaíocht do dhaltaí dara leibhéil a eisíodh ceithre uair sa bhliain, 1991-2004, ag An Gúm i mBaile Átha Cliath
  • An Tábla Peiriadach, Aistriúchán ar Il sistema periodico le Primo Levi, Coiscéim, Baile Átha Cliath, 2016, ISBN 6660012160235

Foilseacháin theicniúla eile cuir in eagar

  • A Study in Wide-band Electrocardiagraphy (Tráchtas MSc, Ollscoil Phennsylvania, 1967)
  • Proton Transfer at Side Chains: A Mechanism for the Absorption of Ultrasound in Protein Solutions (Trachas PhD, Ollscoil Phennsylvania, 1970)
  • Diagnostic Ultrasound: An Introduction to the Interactions between Ultrasound and Biological Tissues (Blackie & Son, Glaschú & Londain, 1975, ISBN 0216900298)
  • (le C. Craig) Nuclear Ireland? (Co Op. Books, Baile Átha Cliath, 1978, ISBN 0905441109)
  • Fundamentals of Mechanical Vibrations (Macmillans, Londain, 1983, ISBN 033324366)
  • Basic Physics and Technology of Medical Diagnostic Ultrasound (Macmillans, Londain, 1985, ISBN 0333324366)
  • Fundamentals of Mechanical Vibrations (Aistrithe go Sínis ag Song Qinggua, Beijing, An tSín, 1995)

Foilseacháin eile cuir in eagar

  • (le Thomas Duff & Joseph Hegarty) The Story of the Dublin Institute of Technology (Blackhall Publishing, Baile Átha Cliath, ISBN 1842180134)
  • (le Thomas Duff & Joseph Hegarty) Academic Assurance in Irish Higher Education: Elements of a Handbook (Blackhall Publishing, Baile Átha Cliath, 2000, ISBN 1842180142)
  • (le D Lawless, B Wu, D Carroll, D Gordon, C O’Leary, B O’Shea & X Xu, eag.) An Industry-Oriented Model for Software Education in China: Adapting and Irish Model to Chinese Conditions (Blackhall Publishing, Dublin, 2007, ISBN 978 1 842181232)
  • (le H J Byrne & M McNamara) Origins and Development of a Research Institute: The Focas Institute at DIT (Blackhall Publishing, Dublin, ISBN 978 1 842181508)
  • (le C O’Flaherty) Memories and Achievements: 124 Years of the GAA in Cahir (Cuimhní is Éachtaí: 124 Bliain den ChLG sa Chathair, Lion Print, Caiseal Mumhan, 2009)
  • (le B Wu & X Xu, eag.) Software Industry-Oriented Education Practices and Curriculum Development: Experiences and Lessons (IGI Global, Hershey, Pa, USA, 2011, ISBN 9781609607975)
  • A Legendary Lily White, Jack Higgins of Naas (Lile-bhán Finscéalach, Seán Ó hUiginn an Nás, Original Writing, Baile Átha Cliath, 2011, ISBN 9781908477613)
  • (le Xu X, B Wu, B O’Shea, C Liu, G Weihua) A Vibrant China-Ireland Collaboration in Industry-Oriented Software Education: An Illustrated Story of the Joint Work of Harbin Institute of Technology and Dublin Institute of Technology since 2001 (i gcló, 2013)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Éanna Ó Caollaí. "Aistear na heolaíochta" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-02-05.
  2. Iris Saol (Eanáir 2012). "Agallamh Na Míosa". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-07-18. Dáta rochtana: 2022.