Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath | |
---|---|
Bunaithe | 1992 |
Stiúrthóir | Brian Norton |
Mic léinn | 22,000 |
Láthair | Baile Átha Cliath, Éire |
Teileafón | +353 1 402 3000 |
Láithreán Gréasáin | http://www.dit.ie/ |
Is ball-choláiste i OT Bhaile Atha Cliath ná Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (nó DIT, .i. Dublin Institute of Technology). Bunaíodh é go hoifigiúil sa bhliain 1992, faoi Acht Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, cé go raibh sé ag feidhmiú cheana féin ar bhonn ad hoc ón mbliain 1978. Síneann stair na hinstitiúide siar chomh fada leis an mbliain 1887, tráth ar bunaíodh scata institiúidí theicniúla i mBaile Átha Cliath. Leanann traidisiún sholáthair an oideachais sa lá atá inniu ann, ó leibhéal teastais go leibhéal dochtúireachta.
Faoi láthair, tá thart ar 20,000 mac léinn tríú leibhéal sa choláiste, mar aon le neart iarchéimithe atá i mbun staidéir nó i mbun taighde.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |