An Gúm
An Gúm | |
![]() | |
Saghas comhlachta | Comhlacht reachtúil |
Bunaithe | 1926 |
Suíomh | 27, Sráid Fhreidric Thuaidh, BÁC 1 |
Tír (Tíortha) | {{{tír}}} |
Daoine lárnacha | Barra Mac Aodha Bhuí (ardoifigeach feidhmiúcháin), Seosamh Ó Murchú (eagarthóir sinsearach) |
Méid fostaithe | >10 |
Tionscail | Foilsitheoireacht, foclóireacht[1] |
Láithreán gréasáin | Gaeilge.ie - An Gúm |
Is comhlacht de chuid rialtas na hÉireann é An Gúm, atá ceaptha le leabhair as Gaeilge a fhoilsiú, go háirithe áiseanna oideachais. Is é an foilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír.
An leabhar is cáiliúla a d'fhoilsigh sé ná an Foclóir Póca, ar bhain, nó a mbaineann, beagnach gach dalta scoile in Éirinn úsáid as. Is iomaí foclóir eile a tháinig ón nGúm, áfach, ar nós foclóirí Néill Uí Dhónaill (Foclóir Gaeilge-Béarla) agus Thomáis de Bhaldraithe. Thairis sin, bíonn an Gúm ag foilsiú leaganacha nua de leabhair Ghaeilge na bhfichidí agus na dtríochaidí.
StairCuir in Eagar
Bunaíodh sa bhliain 1926 é mar chuid de Roinn Oideachais na hÉireann. Ach anois is cuid d'Fhoras na Gaeilge é.
Is é is brí leis an bhfocal sin gúm ná "plean", "scéim", "cleas", nó "tionscadal". Focal é nach gcloisfeá i ngach Gaeltacht sa bhunchiall seo, ach nuair a bhí an teanga á labhairt i gContae an Chláir, ba chuid de chanúint an cheantair sin é. Focal nádúrtha é freisin i nGaeilge Bhaile an Chláir taobh thoir de Chathair na Gaillimhe.
Féach FreisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |