Is é Foras na Gaeilge an eagraíocht a bunaíodh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mí na Nollag, 1999, de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac an eagraíocht seo cúraimí eagraíochtaí stáit i bPoblacht na hÉireann a bhí ann roimhe - Bord na Gaeilge, An Gúm (Foilsitheoirí) agus An Coiste Téarmaíochta (Forbairt Téarmaíochta) agus aistríodh na foirne agus a ngníomhaíochtaí ar fad chuig an gcomhlacht nua.

Bosca Sonraí EagraíochtaForas na Gaeilge
Sonraí
Cineálgníomhaireacht rialtais
rialálaí teanga Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2 Nollaig 1999
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingaeilge.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Youtube: UCbvJrihkIb8OhqImsoFvNbw Cuir in eagar ar Wikidata

De réir an Chomhaontaithe, tá Foras na Gaeilge freagrach as cur chun cinn na teanga i dTuaisceart na hÉireann freisin. Chomh maith leis sin, tá an Foras ann chun comhairle a thabhairt don dá rialtas, do chomhlachtaí agus do ghnáthdhaoine faoi chúrsaí Gaeilge.

Eagraíocht

cuir in eagar

Is iad seo a leanas freagrachtaí an Fhorais:

  • an Ghaeilge a chur chun cinn;
  • úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach sa Phoblacht agus, i gcomhthéacs Chuid III den Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, i dTuaisceart Éireann mar a mbeidh éileamh cuí ann;
  • comhairle a thabhairt don dá lucht riaracháin, do chomhlachtaí poiblí agus do ghrúpaí eile san earnáil phríobháideach agus dheonach;
  • tionscadail tacaíochta a ghabháil de láimh, agus cúnamh deontais a thabhairt do chomhlachtaí agus do ghrúpaí de réir mar a mheasfar is gá;
  • taighde, feachtais tionscnaimh, agus caidreamh poiblí agus caidreamh leis na meáin, a ghabháil de láimh;
  • téarmaíocht agus foclóirí a fhorbairt;
  • tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le múineadh na Gaeilge.

I mí Dheireadh Fómhair 2012, thug an An Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas (CATT) treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun chomhphlé leis an earnáil dheonach sa Phoblacht maidir le  struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe. Le linn an chruinnithe nótáil na hAirí an dul chun cinn a bhí déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairtí ar shamhail nua iomaíoch mhaoinithe.[1] Bhí comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge ag an am maidir leis an "tSamhail Nua Mhaoinithe" a bhí molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann  bunmhaoiniú  ó Fhoras na Gaeilge.[2]

Iarradh ar an bhForas in 2013 cás gnó mionsonraithe a ullmhú  chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí  beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus  plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis. Faoin "tSamhail Nua Mhaoinithe", bhí sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú.[3]

Dhún an rialtas Fine Gael / Páirtí an Lucht Oibre CnG sa bhliain 2014, ag an am céanna ná an seirbhís nuachta Gaelport, srl.[4]

Rolla-Chomhlacht Sheanad Éireann

cuir in eagar

D’éirigh le Foras na Gaeilge clárú ar Rolla-Chomhlachtaí Sheanad Éireann in 2024 faoin bPainéal Saíocht agus Oideachais. Chuir siad tús le próiseas oscailte le hiarrthóir a ainmniú do thoghchán an tSeanaid.

Bhí sé i gceist ag an bhForas duine a roghnú le seasamh sa toghchán le hionadaíocht a dhéanamh ar son phobal na Gaeilge, agus na critéir seo a leanas i gceist:

1. Taithí 5 bliana ar bheith ag plé le gnéithe d’fhorbairt na Gaeilge; 2. Saineolas ar fhorbairt na Gaeilge; 3. Taithí ar ionadaíocht a dhéanamh don Ghaeilge; 4. A bheith toilteanach gan ach Gaeilge a úsáid i Seanad Éireann.

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. "Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras" : d’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ar an gcruinniú.
  2. Is féidir an Communiqué iomlán ó chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas a léamh thíos: Final Joint Communiqué (Irish) - LAN 1 (12) - 14 February 2012. http://www.niassembly.gov.uk/globalassets/documents/raise/deposited-papers/2012/dp962a.pdf
  3. gaelport.com nach maireann (14 Feabhra 2012). "Gaelport - An nuacht is déanai". augusta.rssing.com. Dáta rochtana: 2024-02-29.
  4. "Ní hé Acht na Gaeilge an chloch is mó ar a bpaidrín in aimsir seo na gciorruithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2017-08-29). Dáta rochtana: 2023-10-24.
  5. "Foras na Gaeilge" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2024-02-29.