Béal Feirste

cathair sa Ríocht Aontaithe, príomhchathair Thuaisceart Éireann

Is é Béal Feirste[1] (Béarla: Belfast) príomhchathair Thuaisceart Éireann, agus í ina príomhchathair thraidisiúnta fosta ar Chúige Uladh agus ar Chontae Aontroma. Tá an chathair féin scoilte idir Contae Aontroma (siar agus ó thuaidh) agus Contae an Dúin (soir agus ó dheas). Is é an dara cathair is mó in Éirinn, agus 277,391 duine ina gcónaí ansin de réir dhaonáireamh na bliana 2001. Is é sin daonra na cathrach féin, ach má chuirtear timpeallacht na cathrach ins an áireamh, is é an daonra a gheofar ná 579,554. Is é is impleacht dó seo ná go bhfuil Béal Feirste ar an chúigiú cathair déag is mó ar fud na Ríochta Aontaithe, agus go bhfuil timpeallacht Bhéal Feirste ar an aonú comhchathair déag is mó.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Feirste
Belfast (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Pro Tanto Quid Retribuamus?» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAbhainn na Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 54°35′47″N 5°55′48″W / 54.5964°N 5.93°W / 54.5964; -5.93
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) Aistrighceantar Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán345,006 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,000.17 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla114.995472 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód28 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie118005
Suíomh gréasáinbelfastcity.gov.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Tá rialtas Thuaisceart Éireann suite i mBéal Feirste. Tá Tionól Thuaisceart Éireann ag obair i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Stormont, agus Rúnaí an Stáit do Thuaisceart Éireann i gCaisleán Chromghlinne, áit a gcónaíonn an Bhanríon na Sasana fosta, agus í ar cuairt ins an stáitín.

Eolas Ginearálta cuir in eagar

Fuair Béal Feirste a ainm as an Fhearsaid, is é sin, as an bhruach gainimhe ag béal na habhann. Tógadh Béal Feirste i mbéal abhainn an Lagáin an chéad uair riamh, ach inniu, tá abhainn na Feirste fágtha ag sní i lintéar faoin tSráid Ard.

Tá Béal Feirste suite ar inbhear chois Mhuir Éireann, in ascaill na gcnoc. Is iad na cnoic is cliúití acu ná an Sliabh Dubh, an Duibhis agus Beann Mhadagáin. Bheirthear Cavehill, nó "Cnoc na hUaimhe", ar Bheann Mhadagáin as Béarla, agus is ar "Ghaosán Napoleon" is fearr a aithnítear an cnoc seo. Lomán basailt é an Gaosán, agus é ag dealú an chathair ó Ghleann Ghormlaí. Creidtear go mb'í Beann Mhadagáin a thug spreagadh do Jonathan Swift Gulliver's Travels a chumadh, nó b'fhacthas dó go raibh an cnoc cosúil le fathach a bheadh ina chodladh. Tá caoi curtha ar bhruacha an Lagáin le déanaí, agus táthar in éis cuid mhór den chathair a ghéilleadh do na coisithe.

Tá cuid mhaith foirgneamh ins an chathair atá maisithe le sáibhirne de dhealbha, go háithrid na foirgnimh ó ré Victeoiria agus ó ré Éadbhaird, cosúil le Halla na Cathrach, a tógadh ins an bhliain 1903, nó Ollscoil na Ríona, a tháinig ar an fhód thiar ins an bhliain 1849. Tá Banc Uladh, a théid siar go dtí an bhliain 1860, agus Banc an Tuaiscirt, a tógadh ins an bhliain 1769, ar na foirgnimh is scéimhiúla ins an chathair.

I mBéal Feirste atá an duga tirim is mó ar domhan, agus crainn mhillteacha longcheárta Harland and Wolff le feiceáil i bhfad i gcéin. B'ansin a tógadh Titanic fosta, agus dá réir sin, ceann de siombailí na cathrach í an long mhífhortúnach udaí. Bhí tábhacht mhór le tionscal an línéadaigh agus le déantús an rópa fadó, agus thig linn a rá go mb'é an línéadach a d'iompaigh an baile beag ina chathair mhór. Mar sin, is féidir Béal Feirste a chur i gcomparáid le Manchain i Sasana agus le Tampere ins an Fhionlainn - dhá áit eile nach mbeadh ina gcathracha móra inniu ach go bé go raibh gnoithe an línéadaigh ann. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nó chan fhuil a dhath fágtha de laetha caithréime an línéadaigh i mBéal Feirste inniu, amach ó Halla an Línéadaigh, áit a bhfuil an leabharlann is sine ins an chathair.

Tá campas ag Ollscoil Uladh ins an chathair fosta. Is í Scoil na nEalaíon agus na Dearthóireachta an chuid den ollscoil atá suite i gcampas Bhéal Feirste.

Is iad na múrphictiúir a thabhaigh a chliú, nó a mhíchlú, d'Iarthar Bhéal Feirste, nó "díogha Bhéal Feirste", mar a deir an t-imeartas focal (is é sin, ghnítear Worst Belfast de West Belfast i mbéal na ngoineadóirí). Ar na múrphictiúir a aithnítear sainchreideamh agus saindearcadh polaitiúil an bhunaidh áitiúil. Na múrphictiúir a tchíthear ins na compail Albanacha, bíonn siad saibhir i móitífeanna a léiríonns urraim an phobail do Choróin na Breataine, d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF) agus do dhronga paraimíleata eile de chuid na nDílseoirí. Is é Bóthar na Seanchille an ceantar is mó Prodasnachais. Ón taoibh eile de, is iad na móitífeanna is ansa le péintéirí múrphictiúir Bhóthar na bhFál na hÓglaigh de chuid na Sealadach a fuair bás i machaire an áir ar son athaontú na hÉireann. Mar sin, is iomaí pioctúir a thaispeánanns duine acu siúd - Roibeard Ó Seachnasaigh mar shampla - nó duine de na laochra is sine, cosúil le Pádraig Mac Piarais nó Séamus Ó Conghaile. Maille leofa siúd, bíonn tagairtí ann don chultúr Ghaelach agus don teangaidh Ghaeilge féin.

Tá dhá aerfort ins an chathair, is é sin, Aerfort Chathair Bhéal Feirste in aice leis an inbhear, agus Aerfort Eadarnáisiunta Bhéal Feirste, agus é suite láimh le Loch nEathach.

Stair cuir in eagar

 
Béal Feirste.

Réamhstair agus Plandáil Uladh cuir in eagar

Tá fianaise an go raibh áitreabh daonna ins an áit a bhfuil Béal Feirste inniu ó laetha na Cré-Umhaoise anuas, agus iarsmaí so-aitheanta fágtha de ráth ón Iarannaois.

I dtús na 17ú haoise, tháinig lucht plandála ó Shasana agus ó Albain, agus sheadaigh cuid mhaith acu i mBéal Feirste. Cuid a bhí ann den phlean a bhí oibrithe amach ag an Ridire Arthur Chichester leis an cheantar a choilíniú le nua-áitritheoirí Prodasnacha. B'é oighear an scéil é go raibh Gaeil ann cheana féin, agus iad araiciseach chun troda in éadan na muintire isteach. Chuaigh siad chun cearmansaíochta ar na Gaill, go háithrid ins an bhliain 1641, nuair a d'éirigh siad amach in éadan na gcoilínithe. Shiúil éag mór ar na plandóirí Prodasnacha le linn na ceannairce seo, agus ghreamaigh cuimhne an ródaigh sin in intinn an phobail Albanaigh go dtí an lá atá inniu ann. I ndiaidh na chéad Phlandóirí, tháinig na hÚgónaigh ón Fhrainc a chur fúthu ins an chathair, agus an-tábhacht leofa i bhforbairt eacnamaíoch na cathrach, ó b'iadsan thar aon dream eile a chuir bun le gnoithe an línéadaigh.

Ré na Tionsclaíochta cuir in eagar

Má tháinig rath agus bláth ar an chathair de réir is mar a bhí tionscal an línéadaigh ag bisiú, d'fhaibhrigh meon áithrid liobrálachais agus caoinfhuilsteana ins an áit dá réir. Mhaolaigh ar an drochamhras a bhí ar na hintleachtóirí Prodasnacha roimh na Caitlicigh, agus tháinig radacachas chun cinn i measc an phobail Phreispitéaraigh, ó bhí siad thíos leis na Dlíthe Peannaideacha chomh maith leis na Caitlicigh féin. Chuir daoiní mar Liam Mac Néill, an ministir Gaelach Prodasnach, suim ins an Ghaeilg. Bhí cuid de na luath-Ghaeilgeoirí Prodasnacha seo inbharúla go mba chóir an teangaidh a shaothrú mar ghléas leis na Caitlicigh a iompó i leith an chreidimh Phrodasnaigh, ach an chuid eile acu, b'ábhar spéise leofa an teangaidh inti féin, chomh maith leis na seanscéalta, na seanmhiotais agus na seandánta a bhí beo i gcónaí i mbéal na ndaoiní. Iontas na n-iontas, thig linn a ráidht go mb'iad Prodasnaigh Bhéal Feirste an dream ba mhó Gaelachais in Éirinn i ndeireadh na hochtú haoise déag agus i dtús na naoú haoise déag. B'i mBéal Feirste a tháinig an chéad eagraíocht ar a dtugtaí Óglaigh na hÉireann ar an fhód ins an bhliain 1778, agus b'ansin, fosta, a bunaíodh na hÉireannaigh Aontaithe. Cha raibh mórán bainte ag Béal Feirste le hÉirí Amach na bliana 1798, "Bliain na bhFrancach", áfach, nó choinnigh na Gaill greim theann ar an chathair, agus eagla orthu roimh an réabhlóideachas ó ilchríoch na hEorpa.

B'ins an naoú haois déag ba mhó a chuaigh an áit chun cinn, áfach, i gcúrsaí geilleagair agus tionsclaíochta. I ndeireadh na haoise sin, fiú, bhí sí ní ba mhó ná Baile Átha Cliath féin ó thaobh an daonra de, ar feadh tamaillín. Bhí an línéadach ann cheana féin i dtús na naoú haoise déag, ach tháinig an longcheártaíocht, gnoithe an tobaca, agus an trominnealtóireacht chun saoil ins na sálaí aige. Nuair a bhí an longcheártaíocht i mbarr a maitheasa, bhí 35,000 duine ag obair do Harland and Wolff amháin. Thigeadh lucht imirce ar lorg oibre ó Albain agus ó Shasain féin, ach b'ó cheantair thuaithe Uladh a tháinig an chuid ba mhó acu, Caitlicigh ach go háithrid. Shocraigh an chuid ba mhó de na Caitlicigh in Iarthar Bhéal Feirste ón bhliain 1840 anuas. Ceantair Chaitliceacha eile iad Ard Eoin i dTuaisceart Bhéal Feirste agus Bóthar Aontroma.

Bhí saol an lucht oibre go dona, agus na galair thromchúiseacha, an calar ach go háithrid, ag deachú bhunadh na bplodcheantar go gránna. Thairis sin, thoisigh an seicteachas a bhorradh i mBéal Feirste, agus bhí brilsce agus bruíon eadar an dá phobal - na Caitlicigh agus na Prodasnaigh - go mion minic. Ins an fhichiú haoise, cuireadh scéim chuimsitheach i bhfeidhm leis na slumanna a réitiú, agus bhisigh na cúrsaí dá réir.

Béal Feirste ina Phríomhchathair ar Thuaisceart Éireann cuir in eagar

Ins an 1920, d'achtaigh Parlaimint Westminster an Dlíodh um Rialtas na hÉireann, agus b'é an reacht seo a phronn stádas na príomhchathrach ar Bhéal Feirste i stáitín úr an Tuaiscirt. Daingníodh an stádas ins an bhliain 1922, ach eadar an dá linn, bhí trioblóidí móra ins an chathair, agus coimhthíos ag teacht ar an dá phobal roimh a chéile. Cha raibh mórán fóid déanta ag an IRA i mBéal Feirste, agus má mhairbh siad duine de na péas, d'agórfadh na Dílseoirí díoltas cruálach ar na sibhialtaigh Chaitliceacha, agus uaireanta, gheibhidís cuidiú ó fhórsaí slándála an stáit. Fuair cúig chéad duine is dhá scór bás ins na trioblóidí seo. Mhaolaigh ar an fhoréigean aríst i Mí Iúil, 1922, ach is iomaí Caitliceach a thréig an áit le teacht slán ón tseicteachas.

Le linn an Darna Cogadh Domhanda, bhuamáil Aerfhórsa na Gearmáine an áit go trom, ós rud é gur targaidí straitéiseacha a bhí ins na longcheártaí agus ins an tionscal aerloingseoireachta. B'í Bliste Bhéal Feirste an t-ionsaí ba mheasa. Ar an 15ú lá de Mhí Aibreáin, 1941, rinne 200 eitleán buamála de chuid an Luftwaffe aer-ruathar ar an chathair, agus bhí ceantair an lucht oibre timpeall na longcheártaí go mór mór thíos leis an bhuamáil sin. Fuair corradh is míle duine bás i rith aon oíche amháin, agus fágadh cuid mhór eile gortaithe. Chaill duine as an cheathrar a theach nó a árasán, fosta. Agus an méid sin ráite, tháinig an-bhorradh eacnamaíoch ar an chathair le linn an chogaidh, ó bhí tábhacht straitéiseach le táirgí na tionsclaíochta áitiúla.

Na Trioblóidí cuir in eagar

Go gairid i ndiaidh an chogaidh, bhí an saol sách suaimhneach i mBéal Feirste, ach má bhí féin, char chneasaigh goimh an tseicteachais riamh i gceart. I Mí Lúnasa 1969, phléasc scliúchais amach ar fud na cathrach. Nuair a loisc gluaisteán armúrtha de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh meaisínghunna le Caitlicigh i gceantar Árasáin Dhuibhise, cailleadh a lán daoiní, beirt pháistí óga ach go háithrid. Chuir na Dílseoirí Sráid Bombay le tine, ó ba cheantar Caitliceach é. Bhain an pobal Caitliceach an tátal as an scéal go raibh na péas ag tacú leis na Dílseoirí, agus mar sin, bunaíodh an tIRA Sealadach le bunadh Caitliceach an stáitín a chosaint.

Chuaigh an foréigean i dtreise i dtús na seachtóidí, agus lucht an dá thaobh ag druileáil saighdiúirí paraimíleata le haghaidh troda. I mblianta na dTrioblóidí, cha raibh éaló ann ó na síorbhuamálacha, ón fheallmharfóireacht ná ón fhoréigean sráide. Ar an 21ú lá de Mhí Iúil, 1972 ("Aoine na Fola"), mhaidhm an tIRA dhá bhuama fichead i limistéar sách teoranta i lár na cathrach, agus fuair naonúr bás de thoradh na pléascarnaí seo. Ní raibh na Dílseoirí paraimíleata i gCumann Cosanta Uladh (UDA) agus in Óglaigh Uladh (UVF) mall ag tabhairt fhreagra.

I lár na seachtóidí, bhí drong as an ghnáth i gceann na hoibre seo - Búistéirí na Seanchille, mar a bheirtí orthu. Bhí siad bunaithe i ngeiteo Prodasnach na Seanchille, agus iad faoi cheannas Lenny Murphy, dearg-Dhílseoir agus ball d'Fhórsa Óglaigh Uladh, ach bhí duine de na "búistéirí" ina bhúistéir phroifisiúnta fosta, fear a mb'ainm dó William Moore. Bhainfeadh Moore úsáid as na sceana móra a bhí aige, mar bhúistéir, leis na híobartaigh a mharbhadh agus a gcorpáin a ghearradh, agus ba mhinic a d'fhág an sceanairt sin as aithne iad ar fad. Creidtear go raibh na "búistéirí" ní ba chosúla le sraithmharfóirí ná le saceimhlitheoirí. Is éadócha go mbeadh ruspa ar bith ag an phobal Phrodasnach leis na fir bhuile seo, ach go bé go raibh an stáitín ina chíor thuathail ag an sceimhlitheoireacht, i gcruth is go raibh d'áiméar acu fáil ar shiúl le hainghníomhartha chomh suaithní sin.

Ó bhí saol an stáitín ag dul ó smacht ar lucht rialtais na Ríochta Aontaithe, chinn siad ar dhíormaí de chuid Arm na Breataine a imlonnú i dTuaisceart Éireann ins an bhliain 1969. Ón am sin i leith, ba chuid dhoscartha de shaol Bhéal Feirste iad na saighdiúirí. Tógadh beairicí móra daingnithe, go háithrid in Iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh na Caitlicigh ina gcónaí. I dtosach báire, d'fháiltigh na Caitlicigh na saighdiúirí isteach faoi chroí mhór mhaith, ó bhí siad barúlach go mbeidíst mar sciath chosanta eadar iad agus na Dílseoirí. Ní mar a shíltear a bítear, áfach. Chuaigh caidreamh na gCaitliceach agus na saighdiúirí ó mhaith go háithrid i ndiaidh imeachtaí cosúil le Cuirfiú Íochtar na bhFál, a d'iompaigh ina chath trí lá eadar na Sealadaigh agus na saighdiúirí, i gcruth is gur marbhadh ceathrar ins an teagmháil. Char mhaolaigh ar an chogadh eadar an dá dhream seo i rith na seachtóidí, ach b'í Oibríocht Motorman barr an donais. Le linn na hoibríochta seo, thonn na céadta saighdiúirí isteach ins na ceantair Chaitliceacha i mBéal Feirste agus i gcathracha eile an stáitín le cumhacht na Breataine Móire a chur ar bun aríst, in áit chumhacht an IRA.

I dtús na seachtóidí, rinneadh athlonnú ar a lán de bhunadh na cathrach, agus mórchuid gach ceantar ag ruaigeadh an mhionlaigh as an chomharsanacht - na Prodasnaigh ag caitheamh na gCaitliceach amach agus a mhalairt. An chuid ba mhó acu siúd a chaithfeadh a seanáit a fhágáilt ina ndiaidh mar sin, ba Chaitlicigh iad. Tháinig meath ar eacnamaíocht na cathrach, nó thoisigh an tionsclaíocht déantúsaíochta a chailleadh a tábhachta ar fud na hEorpa i dtús na n-ochtóidí, agus cha raibh na Trioblóidi ag déanamh maitheasa don gheilleagar ach an oiread.

Bhí an coibhneas eadar an dá phobal eitnireiligiúnda ag athrú chomh maith. Comh deireanach leis an bhliain 1971, b'iad na Prodasnaigh mórchuid bhunadh na cathrach, ach eadar an dá linn, chuaigh an mheá chun cothromaíochta. Chuidigh ráta ard torthúlachta na gCaitliceach leis na cúrsaí a athrú, chomh maith leis an dóigh a mbíonn na Prodasnaigh ag tréigbheáilt na háite, cuid acu ag socrú síos in áiteanna eile i dTuaisceart Éireann cosúil le Tuaisceart Chontae an Dúin, an chuid eile taobh amuigh den stáitín, go háithrid in Albain.

Ins an bhliain 1981, chuaigh scaifte de phríosúnaigh Phoblachtánacha ar stailc ocrais ar lorg stádas an chime pholaitiúil, agus b'e Roibeard Ó Seachnasaigh an duine acu ba thúisce a shíothlaigh. B'as Baile na Mainistreach in aice le Béal Feirste dó. Spreag bás an tSeachnasaigh scliúchais mhóra ar fud Bhéal Feirste. B'ins an bhliain 1988 a chuaigh an chathair fríd na himeachtaí ba mhó a tharraing míchlú anuas uirthi i rith na n-ochtóidí. I dtosach báire, d'ionsaigh Dílseoir paraimíleata a mb'ainm dó Michael Smith lucht an tórraimh a bhí díreach ag adhlacadh an triúr Óglach de chuid na Sealadach, Mairéad Ní Fhearaíl, Seán Sabhaois agus Dónall Mac Cána, a marbhadh i nGiobráltar roimhe sin. Nuair a bhí íobartaigh an ionsaí seo á n-adhlacadh, chuir beirt cheannairí de chuid Arm na Breataine isteach ar lucht na sochraide de thaisme, agus himríodh dlíodh Uí Loingsigh orthu ins an chambús a tharraing siad.

I dtús na nóchaidí, chuaigh ainghníomhartha na bparaimíleatach an dá thaobh i méadaíocht, agus iad ag marbhadh sibhialtaigh ón taobh eile chomh maith le cath a chur ar a chéile. Bhí siad ag tabhairt cor in aghaidh an chaim dá chéile gan stad nó mórchónaí, ach ansin, tháinig an sos cogaidh. I dtosach báire, d'fhógair na Sealadaigh sos cogaidh i Mí Lúnasa, 1994, agus sé seachtaine ina dhiaidh sin, tháinig fógra den tseort chéadna ó Chomhcheannasaíocht Mhíleata na nDílseoirí (Combined Loyalist Military Command). B'é an t-ainghníomh ba mheasa ins an tréimhse seo ná an bhuamáil a rinne na Sealadaigh ar shiopa éisc i mBóthar na Seanchille i Mí Dheireadh Fómhair 1993. B'é ab aidhm leis an bhuamáil seo ná ceannasaithe na nDílseoirí paraimíleata a mharbhadh, ó fuair na Sealadaigh boladh de go raibh a leithéidí le dhul i ndáil chomhairle le chéile thuas an staighre ins an teach ina raibh an siopa éisc ag obair. Le fírinne, cha raibh a leithéid de chruinniú ar cois ins an teach nuair a phléasc an buama. Fuair naonúr Prodasnach bás nach raibh baint dá laghad acu le cruinniú na nDílseoirí móra, chomh maith le fear an bhuama féin.

Gidh gur chuir sos cogaidh na bparaimíleatach deireadh leis an sceimhlitheoireacht, maireann an nimh ins an ghoimh a d'fhág blianta fada na dTrioblóidí ina ndiaidh. Ón bhliain 1969 anuas, fuair míle go leith de dhaoiní bás de thoradh an fhoréigin pholaitiúil. Cha mbíonn ach lucht aon chreidimh amháin ina gcónaí i gcomharsanacht áithrid, agus is minic a tchí siad iad féin faoi léigear ag an phobal eile. Compal imdhruidte den chineál sin í an Tráigh Ghearr in Oirthear Bhéal Feirste, mar shampla. Bíonn an foréigean paraimíleata ag pléascadh amach ó am go ham, ach anois, is é an t-imreas inmheánach is minicí a bíos ann. Mar shampla, bíonn na dronga éagsúla de Dhílseoirí ag ionsaí a chéile uaireanta, agus i Mí na Nollag den bhliain 2004, mhairbh na Sealadaigh fear a mb'ainm dó Robert McCartney. Caitliceach a bhí ann a fuarthas ina ghillire spréite i Sráid Chormaic i ndiaidh gnáthbhrilsce i dteach tábhairne i Sráid na Bealtaine i lár na cathrach. Bhí sé gonta go tubaisteach le sceana, agus shíothlaigh sé ina dhiaidh sin ins an otharlann.

Ins an bhliain 1997, chaill na hAontachtóirí a lámh in uachtar ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste an chéad uair riamh. B'é Páirtí na Comhghuaillíochta a chuaigh mar mheá eadar na Náisiúntóirí agus na hAontachtóirí. Cha dtearn na toghcháin chomhairle ins an bhliain 2001 agus 2005 ach an suíomh seo a dhaingniú in athuair. Ón am sin i leith, bhí beirt Ard-Mhéaraí Caitliceacha i mBéal Feirste, duine acu ón SDLP agus an duine eile ó Shinn Féin.

Iompar cuir in eagar

Tá Béal Feirste suite i ngleann mór cóngarach do Mhuir Éireann. Fásadh an tionscadal sa chathair le cuidiú shuíomh Loch Lao ar chósta oirthear Uladh. Fiú sa lá atá inniu ann, tagann cuid mhór allmhairí Thuaisceart Éireann isteach tríd na duganna atá loinnithe ar bhéal an Lagáin. Bhí seanmhuintir na Feirste in ann taisteal go dtí an Bhreatain Mhór fá chionn lá taistil go héasca.

Tá seirbhísí mhaith traein sa cheantar fosta, ag nascadh na príomhchathrach le Doire, Carraig Fhearghais, Iúr Cinn Trá (agus ó shin ag trasnú na teorann go Baile Átha Cliath sa Phoblacht) agus Beannchar. Péitear líne úr fá thalamh i dtólan idir Tuaisceart Éireann agus Albain le fada, ach chan fhuil spéis don tionscadal léirithe go ginearálta i measc na bpoiliteoirí.

Tá dhá aerfort suite cóngarach don chathair; is iad Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best (in oirthear na cathrach) agus Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste atá mar phríomhaerfort Thuaisceart Éireann (suite idir Croimghlinn agus baile Aontroma i ndeisceart Chontae Aontroma. Téann busanna ar bhun rialta síos go hAerfort Bhaile Cliath, ag imeacht ó lár na cathrach.

Is ar na bóithre a bhíonn an brú is mó ó thaobh chúrsaí iompair de, go háirid ar maidin agus um thráthnóna i rith na seachtaine. Níl Béal Feirste cosúil leis an chuid is mó de chathracha móra Eorpacha sa dóigh is nach bhfuil cuarbhóthar ar ardchaighdeán ann. Tá saghas seachbhóthar ann, an A55, ach amháin ar chaighdeán íseal, go háirithe dtuaisceart agus in iarthar na cathrach, áit a leann sé seanbhóithre a bhí ann cheana féin. Ina áit sin, leanann na piomhbhealaigh uilig chuig lár an bhaile, rud a chuireann strus ar an infastructúr. Cuireadh tús leis na mótarbhealaigh sna 1960aidí. Cuireadh deireadh leo i 1972, nuair a ghlac Rialtas Westminster seilbh ar chúrsaí iompair sa réigiún. I dtosach bhí sé ar intinn ag Rialtas Stormont thart fá 10 gcúrsa a fheabhsú thart fá'n chathair. Char éirigh leo ach 3 chinn a chur i gcríoch.

Imíonn an M2 agus an M3 ó Shráid Eabhrac, chomh maith le Nasc an Iarthair. Tá an ceangal áirithe seo ar cheann de na háiteanna is measa dá bhfuil in Éirinn ann fá choinne tráchta ar maidin. Cluintear gach maidin áfach ar an raidió faoi easpa iompair ó threo Bheannchair (ag Cnoc na gCóiníní mar shampla), ar an Bhóthar Ormeau íoctarach (ón deisceart agus ó Dún Pádraig, Bóthar Aontroma (ón tuaisceart) agus Bóthar Bhaile Nua na hArda (ón oirthear). Bíonn brú ar an M1 i dtolamh, fiú ag an deireadh seachtaine. I láthair na huair táthar ag tógáil carrbhealach dúbailte (an A1) idir Béal Feirste agus Iúr Cinn Trá i dtreo Bhaile Átha Cliath.

Oscaíodh an chéad chuid den fhorbairt úrnua atá ag dhul ar aghaidh idir Sráid Eabhrac agus Lios na gCearrbhach go luath i 2008, agus táthar ag súil go bhfeicfimid laghdú ar fhabhanna tráchta ansin fá chionn tamaill bhig. Táthar ag plé Staidiam Náisiúnta Thuaisceart Éireann a thógáil le roinnt blianta anuas. Tá muintir dheisceart na cathrach ag tabhairt amach le fada fá dtaobh de na fadhbanna a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas i bPáirc Ormeau áfach - i gceantar atá faoi bhrú go fóill.

Polaitíocht Áitiúil cuir in eagar

Ins an bhliain 2005, vótáil bunadh Bhéal Feirste isteach Comhairleoirí Cathrach de réir na scéime seo:

  • agus aon chomhairleoir neamhspleách amháin.

Chan fhuil Comhairle na Cathrach faoi smacht aon dream ar leith. Fríd na coistí sainiúla a ghnítear an chuid is mó de ghnoithe na Comhairle.

Tá ceithre thoghlach i mBéal Feirste ins na holltoghcháin agus i dtoghchán an Tionóil, is é sin, Béal Feirste Thuaidh, Béal Feirste Thiar, Béal Feirste Theas agus Béal Feirste Thoir. Sroicheann achan cheann acu amach thar theorainn na cathrach, agus iad ag cumhdach cuid den Chaisleán Riabhach, cuid de Lios na gCearrbhach, agus cuid de Bhaile Nua na Mainistreach. In ollthoghchán na bliana 2005, vótáladh beirt teachtaí ón Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach, teachta amháin ó Pháirtí Shóisialta agus Dhaonlathach an Lucht Oibre, agus aon duine amháin ó Shinn Féin isteach i bparlaimint na Ríochta Aontaithe. Ins an bhliain 2003, chuaigh seisear ón DUP, cúigear ón UUP, duine amháin ón PUP, duine amháin ón Chomhghuaillíocht, ceathrar ón SDLP agus seachtar ó Shinn Féin isteach ins an Tionól.

An Ghaeilge i mBéal Feirste cuir in eagar

Ins an lá atá inniu ann, tá méadú ag teacht ar an Ghaeilg i mBéal Feirste, agus an teangaidh le cluinsbheáilt go forleathan i gcodanna áithrid den chathair, in Iarthar Bhéal Feirste thar aon áit eile. Thiar ins na seascaidí, chuir dream de Ghaeilgeoirí óga bun le scéim fhorbartha tithíochta as ar fhás Gaeltacht Bhóthar Shaw, arb í an chéad Ghaeltacht úrbhunaithe in oileán na hÉireann ar fad. Is í an phríomhdhifríocht eadar an Ghaeltacht seo agus Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí ná gur díograiseoirí teangtha, seachas cainteoirí dúchais ón tsean-Ghaeltacht, a bhí ins an chéad ghlúin a shocraigh síos i mBóthar Shaw. Inniu, áfach, tá an treas glúin ag fás aníos ins an chompal.

Bunaíodh Bunscoil Phobal Feirste i mBóthar na bhFál ins na seachtóidí, agus í ar an chéad Ghaelscoil ariamh i dTuaisceart Éireann. B'iad na tuistí a chuir tús leis an Ghaelscoil seo, agus iad ag tógáilt a gclainne le Gaeilg.

I dtosach báire, cha raibh ach naonúr ag freastal ar Scoil Phobal Feirste. D'eitigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an scoil fá aitheantas glan amach, agus cha raibh státmhaoiniú ag teacht don scoil ach an oiread, mar gheall ar an bheagán daltaí a bhí ag dul ar an scoil. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tháinig Meánscoil Feirste ar an fhód, agus í ar an chéad mheánscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Gidh go raibh an teangaidh ag dul i dtreise i rith na mblianta, cha raibh na Dílseoirí ná an Rialtas sásta fás na Gaeilge i mBéal Feirste a ghlacadh dáiríribh, a fhad is a bhí na Trioblóidí ar cois. Thug Sammy Wilson, comhairleoir cathrach de chuid an DUP, "teangaidh na lucharachán" ar an Ghaeilg, agus é ag tabhairt le fios gur teangaidh a bhí ann nach mbeadh fóirsteanach do riachtanaisí an duine chomhaimseartha.

Tá infreastruchtúr agus áiseanna na Gaeilge i mBéal Feirste an-láidir inniu. Bhí an nuachtán laethúil udaí á fhoilsiú ansin, arb é an t-aon nuachtán laethúil amháin ins an teangaidh. Thairis sin, tá oifigí a lán eagraíochtaí Gaeilge ins an chathair: Pobal, Iontaobhas ULTACH, Foras na Gaeilge, Forbairt Feirste, agus Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, ina bhfuil Raidió Fáilte agus An Ceathrú Póilí suite.

Bhí 349,618 i gcónaí i mBéal Feirste. Bhí eolas ar an nGaeilge ag 12.05% den daonra (timpeall 42,000 daoine).

Líonra Gaeilge cuir in eagar

Príomhalt: Líonraí Gaeilge

Ainmnaíodh Béal Feirste mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag ndeireadh 2015 go mbeidh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Cluain Dolcáin; Baile Locha Riach; Carn Tóchair agus Inis na líonraí eile timpeall an oileán.

Daoine cuir in eagar

Ceantair cuir in eagar

Comhchathracha cuir in eagar

Béal Feirste nasctha le háiteanna seo a leanas:

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar