Arthur Chichester

piara Sasanach (1563-1625)

Ba riarthóir agus saighdiúir Sasanach é Arthur Chichester, 1ú Barún Chichester (Bealtaine 1563 - 19 Feabhra 1625), ar a dtugtar idir 1596 agus 1613 Sir Arthur Chichester, ach is fearr aithne air mar Leas-Tiarna na hÉireann ó 1604 go 1616.

Infotaula de personaArthur Chichester

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithBealtaine 1563
Pilton Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Feabhra 1625 (Iúlach)
61 bliana d'aois
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Fear Ionaid na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Exeter Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, saighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineRíocht Shasana
Teaghlach
CéileLettice Perrot (1605–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJohn Chichester  agus Gertrude Courtenay
SiblínEdward Chichester, Céad Bhíocunta Chichester
Gradam a fuarthas

Luathshaol

cuir in eagar

B'iad tuismitheoirí Chichester ná an Ridire John Chichester agus Gertrude Courtenay, iníon le Sir William Courtenay, as Devon. Tar éis dó freastal ar Exeter College, Ollscoil Oxford, bhí Chichester ina cheannasaí ar an long cogaidh, an HMS Larke, in aghaidh Armáide na Spáinne sa bhliain 1588.

Sa bhliain 1595, chuaigh sé in éineacht le Sir Francis Drake ar a shluaíocht dheireanach chuig Críocha Mheiriceá. Níos déanaí, sa Chogadh Angla-Spáinneach bhí sé i gceannas ar chomplacht, i rith an ruathair airm ar Cádiz, sa bhliain 1596. De dheasca ar seo, bhronnadh ridireacht air ina dhiaidh sin.

Thosaigh a ghairm in Éirinn nuair a cheap an tIarla Essex é mar Ghobharnóir ar Charraig Fhearghais sa bhliain 1598, ar bhás a dheartháir Sir John Chichester.

 
Armas

Maraíodh John Chichester ag Cath Charraig Fhearghais, sa bhliain roimhe sin. Deirtear gur dí-cheannaíodh John Chichester, agus go raibh a cheann á n-úsáid mar liathróid pheile ag Clann Dhónaill, tar éis a mbua.

Nimhíodh Séamas Somhairle Mac Dhónaill, (Béarla: James Sorley MacDonnell) a bhí ina cheannaire ar fhórsaí na nGael ag Cath Charraig Fhearghais, i gCaisleán Dhún Libhse, ar orduithe Robert Cecil, chun Chichester a shásamh. Le linn Chogadh na Naoi mBliana bhí Chichester i gceannas ar trúpaí na Corónach, i gCúige Uladh.

 
Armas Chichester ar dheis (1607)

D'úsáid sé oirbheartaíocht mhíleata ina raibh polasaí an rualoiscthe ina measc. Chrioslaigh sé fórsaí Uí Néill le gharastúin, agus de thoradh ar seo bhí trúpaí an Iarla stiúgtha. I litir, sa bhliain 1600, chun Cecil dúirt sé "a million swords will not do them so much harm as one winter's famine". Cé nár cheap Chichester na h-oirbheartaíochtí seo, chuir sé iad i ngníomh, gan trua gan taise. Mar gheall ar a iompair, ghnóthaigh sé fuath agus gráin i measc na nGael.

Tháinig sé i gcomharbacht ar Charles Blount, an Tiarna Mhuinseo, mar Leas-Tiarna na hÉireann, sa bhliain 1604. Bliain níos déanaí ar aghaidh, phós sé Lettice Perrot. Ba iníon John Perrot, iar-Leas Tiarna na hÉireann í. Rugadh duine amháin clainne dí, a fuair bás sa naíonacht.

Tar éis Teitheadh na nIarlaí sa bhliain 1607, ba phríomhcheannaire é Chichester le linn Phlandáil Uladh.

Iompúchán

cuir in eagar

Bhraith an Tiarna Chichester an Caitliceachas Éireannach mar bhagairt in aghaidh na Corónach. Stiúir sé géarleanúint forleathan ar Chaitlicigh, agus d'ordaigh sé bású dhá easpag.

Ar threoir ó Chichester, aistríodh Leabhar na hUrnaí Coitinn go Gaeilge le linn Chogadh na Naoi mBliana.[1]

D'éirigh sé as a phost in Éirinn sa bhliain 1616. Ceapadh é mar ambasadóir chun na hImpireachta Hapsburg níos déanaí. Bhuail pliúraisí é agus d'éag 19 Feabhra 1625.

Féach freisin

cuir in eagar