An Bhealtaine
<< Bealtaine >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | 2 | 3 | 4 | 5 | ||
6 | 7 | 8 | 9 | 10 | 11 | 12 |
13 | 14 | 15 | 16 | 17 | 18 | 19 |
20 | 21 | 22 | 23 | 24 | 25 | 26 |
27 | 28 | 29 | 30 | 31 | ||
2024 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is í Bealtaine nó Mí na Bealtaine an cúigiú mí den bhliain.
Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine’[1]. Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.
Nósanna
cuir in eagarNuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.
Piseoga
cuir in eagarScéal suimiúil é an droch-ádh a ghabhann le pósadh i Mí na Bealtaine. Sa chreideamh réamhChríostaíochta, creideadh gur phós Dia na Gréine ag an tráth seo den bhliain agus, mar sin de, lá mór do na págánaigh é seo dar leis an Eaglais. Is cosúil go ndearnadh iarracht mhór an nós seo a bhrú amach agus, sa deireadh, fágadh é gur chreid daoine go raibh droch-ádh leis an mhí seo mar mhí chun pósadh.[2]
Féach freisin
cuir in eagar- Tá eolas faoin bhféile ar 1 Bealtaine faoin alt Lá Bealtaine.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
- ↑ Dubhán Ó Longáin (2024-09-04). "Iarr ar chara leat ceiliúr pósta a chur ar do chéile" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-09-08.