Is í an Aoine na seachtaine idir an Déardaoin agus an Satharn.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Aoine
Íomhá
CineálLaethanta na seachtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósFroig (bandia), Véineas, 5, 6 agus Miotal Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deseachtain Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#FridayFeeling agus #FridayMotivation Cuir in eagar ar Wikidata

Reiligiún cuir in eagar

 
Paidreacha, De hAoine, Mosc Badshahi, Lahore

I gCríostaíocht, is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Cháisc.

San Ioslam, is í an Aoine lá adhartha. I dtíortha áirithe Ioslamacha, tosaíonn an seachtain Dé Domhnaigh agus críochnaíonn sé Dé Sathairn, agus i dtíortha Ioslamacha eile, tosaíonn an seachtain Dé Sathairn agus críochnaíonn sé Dé hAoine, mar shampla an Iaráin agus an Afganastáin.

Ritheann an sabóid sa Ghiúdachas ó luí gréine Dé hAoine go dtí luí gréine Dé Sathairn.

Siopadóireacht cuir in eagar

Téann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun siopadóireachta go fonnmhar ar "Aoine Dhubh", tar éis Lá an Altaithe, sa tóir ar shladmhargaí. Ó na 2000idí ar aghaidh, tá "Aoine Dhubh" in Éirinn[1]. Go minic 'séard atá á dhéanamh ag na siopaí ná 40% a bhaint den phraghas a bhí ar an táirge ag tús na bliana, seachas ar an bpraghas a bhí air an tseachtain seo caite. Mar sin, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil lascaine níos fearr ar fáil. Cuireann sé comhairle ar dhaoine comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a ghearanna siopaí éagsúla ar an táirge céanna.

 
Cnoc na hAoine (Knocknaheeny).

Nósanna cuir in eagar

  • I gcultúir áirithe, is mí-adhúil í an Aoine, go háirithe Dé hAoine an 13ú lá agus go mór mór i gciorcail muirí. I scéal oiread (bréagach), tógadh long Cabhlach, an "HMS Friday" Dé hAoine, cuireadh an long chun mhuir Dé hAoine, agus d'imigh sí gan tásc ná tuairisc[2].
 
TGIF, Óstán Taft, Cearnóg Times, Nua-Eabhrac
  • Is í an Aoine an lá deireanach roimh an deireadh seachtaine, agus mar sin, is cúis í a chomóradh. Sin as ar tháinig an nath 'T.G.I.F.' (Béarla ar 'Buíochas le Dia go bhfuil sé Dé hAoine'). Bhíothas ag caint faoi sna scannáin ó na seachtóidí. Is as sin freisin ar tógadh ainm an bialann 'T.G.I. Friday's'.
  • In oifigí áirithe, tá cead ag fostaithe éadaí neamhfhoirmiúil a chaitheamh De hAoine.

Stair cuir in eagar

Tharla cúpla tubaistí stairiúla Dé hAoine. Tugtar "Aoine Dubh" orthu.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar