Is é an Giúdachas nó an tIúdachas reiligiún na nGiúdach. Ceann de na reiligiúin aondiacha is sine ar domhan atá ann, agus ceann de na reiligiúin is sine atá á gcleachtadh fós. Tá airteagail chreidimh agus stair an Ghiúdachais ina gcroílár do bhunús na gcreideamh Ábrahamach eile, an Chríostaíocht agus an tIoslam san áireamh.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Giúdachas
(he) יַהֲדוּת‎ Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósIúdá Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcreideamh
ethnic religion (en) Aistrigh
stíl bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh c. 5 haois "RCh"Giúdachas an Dara TeampallAn Mheaspatáim Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Abrahám Cuir in eagar ar Wikidata

an Torah
Bíobla Eabhraise
An Talmúd Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháindomhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Realta Dháibhí, siombail an Ghiúdachais. Feictear ar bhratach Stát Iosrael í freisin.

Níl aon údarás lárnach nó dogma comhaontach ag an nGiúdachas, ach tá roinnt prionsabal creidimh ag an reiligiún ilghnéitheach seo a choinníonn le chéile é. An ceann is tábhachtaí ná creideamh in aon Dia amháin atá uilefhiosach, uilechumhachtach, uiledhea-mhéiniúil, tarchéimnitheach, a chruthaigh an chruinne agus gach rud atá inti, agus a bhfuil baint aige fós le riaradh na cruinne seo.

De réir mar a chreidtear, b'é an Dia céanna a chruthaigh an chruinne agus a shocraigh cúnant leis na Giúdaigh agus a chuir a chuid dlíthe agus aitheanta in iúl dóibh sa Tórá.

Meanóra, siombail thábhachtach eile de chuid an chreidimh seo. Cuid d'armas Iosrael é fosta.

Caitheann an Giúdach fíréanta cuid mhó ama ag staidéar na ndlíthe agus na n-aitheanta seo le bheith in ann iad a urramú mar is cóir, agus litríocht iomlán - an Talmud - scríofa ag Giúdaigh léannta na n-aoiseanna a chuaigh thart leis na dlíthe seo a mhíniú do na fíréin.

Tagairtí cuir in eagar