Féile Chríostaí is ea an Cháisc (ainm.u. Cáisc, gin.u. Cásca), agus í ar cheann de na féilte móra sa bhféilire Críostaí (féach freisin Cáisc na nGiúdach). De réir scrioptúr Críostaí, d'aiséirigh Íosa Críost tar éis é a bheith adhlactha ar feadh trí lá.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCáisc
Íomhá
Cineálmoveable feast (en) Aistrigh
lá féile Críostaí Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séAiséirí Íosa Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn tSeachtain Mhór Cuir in eagar ar Wikidata
22 Márta (féilire Ghréagóra)
25 Aibreán (féilire Iúil)
date of Easter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Lá den tseachtainAn Domhnach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
virvonta (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Séipéal Naomh Paraskevi in Langadas, 1856

Sanasaíocht cuir in eagar

Tagann an focal ón Laidin Pasqua, mar ní raibh an litir ná an fhuaim p sa sean-Ghaeilge, agus chuirtí c (fuaim q na Laidine agus an Bhéarla) ina áit. Chuir na Gaeil i bhfad ó shin /kw/ ina áit nuair a fuair siad focail a raibh an consan P ann ar iasacht. Mar sin

פסח pesaḥ (Eabhrais) > פסחא (Aramais) > πάσχα (Gréigis) > pascha (Laidin) > Cásc (Sean-Ghaeilge)

Críostaíocht cuir in eagar

Tá Domhnach Cásca (nó Lá an Aiséirí) ar na féilte is mó sna heaglaisí Críostaíochta, agus is é cuspóir na Seachtaine Móire.

De réir staire na Críostaíochta, ba ar Dhomhnach Cásca a d'aiséirigh Íosa Críost. Sa Chríostaíocht, is ionann Aiséirí Íosa agus filleadh Íosa ar an saoil ar an tríú lá tar éis a bháis (Céasadh Íosa, mar a thugtar air). Meastar gur thit na heachtraí i gceist amach áit éigin idir 26 agus 36 AD.

Féilire cuir in eagar

Titeann an Cháisc ar laethantaí éagsúla gach bliain.  Braitheann an dáta ar casadh na gealaí, agus ní ionann an dáta gach bliain. Bíonn difríocht, freisin idir dáta a cheiliúrtha sna heaglaisí san iarthar, agus sna heaglaisí Ceartchreidmheacha, mar nár ghlacadar le féilire Ghréagóra, a chuir eaglais na Róimhe i réim.

Thit Domhnach Cásca ar 22 Márta siar sa bhliain 1818. Is é 19 Aibreán an lá is coitianta[1].

  • Cuireann an Cháisc deireadh le Carghas.
 
Uibheacha, An Úcráin, 1981

Traidisiún bíobalta, nósanna agus seanchas cuir in eagar

Barr cnoic cuir in eagar

In a lán áiteanna ceiliúrtar Aifreann na Cásca ar bharr cnoic go luath ar maidin le breacadh an lae agus deirtear go mbíonn an ghrian ag glioscarnaigh agus ag rince timpeall na spéire.[2]

D’éirítí go luath ar maidin, deir Bailiúchán na Scol[3], chun an ghrian a fheiceáil ag damhsa “le teann áthais maidin Domhnaigh Cásca”. Chreidtí fadó go mbíodh an ghrian ag damhsa sa spéir mar gheall ar aiséirí Íosa Críost, toisc Íosa a bheith aiséirithe ó mhairbh.

Uibheacha cuir in eagar

Thagadh deireadh leis an troscadh ar Dhomhnach Cásca agus d’ití uibheacha ag deireadh an Charghais. Fadó d’ití a lán uibheacha ar Dhomhnach Cásca mar ní bhídís á hithe ó Mháirt na bPancóg roimhe sin. Siombail ab ea an ubh den bheatha nua. Dar leis an scéal seo, ní bhíodh mórán tráchta ar uibheacha seacláide an tráth úd – ach fíoruibheacha cearca a d’ití.

 
an coileach ag fógairt an lae (La Sagrada Família, Barcelona)

Feictear sa scéal seo gur fíoruibheacha amháin a bhíodh á n-ithe ag na páistí. I dtithe áirithe bhíodh sé de nós ag na páistí uibheacha a bhailiú le linn an Charghais agus picnic a bheith acu ar Dhomhnach Cásca.

Chomh maith leis sin, bhíodh sé de nós ag daoine na huibheacha a chur i bhfolach agus rachaidís ag tóraíocht na n-uibheacha ar Dhomhnach Cásca – rud a dhéantar go fóill ach le huibheacha seacláide.

Ar maidin Domhnach Cásca, éiríonn cuid de na daoine go han-luath agus beireann siad lán scála tin [stáin] d’uisce, nó lán báisín go bhfeicfidh siad an ghrian ag damhsa ann. Bíonn an ghrian ag damhsa le lúcháir an mhaidin sin[4]

An coileach cuir in eagar

Deirtear chomh maith go mbíonn an coileach ag fógairt an lae ag glaoch amach go hard agus go soiléir ‘Tá Mac na hÓighe Slán!  Tá Mac na hÓighe Slán!’

Eachtraí ar Dhomhnach Cásca cuir in eagar

  • Saoireː Tugtar an Cháisc ar an gceiliúradh ar fad, agus tugtar saoire do na scoileanna agus ag beagnach gach oibreoir in Éirinn lena cheiliúradh.
 
George Hitchcock, "Domhnach Cásca", 1904[6]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Nósanna Dhomhnach Cásca, ar Raidió RTÉ[nasc briste go buan]. Seán Ó Conghaile ag cur síos ar Dhomhnach Cásca san am a chuaigh thart. 31 Márta 2013.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "SEACHTAIN 13 – SCOTH CHLÁRACHA RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  2. carlow-nationalist.ie / GaelPort (2019-12-10). "Domhnach Cásca ag druidim linn". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  3. gaois.ie. "Sean-nósanna an Charghais". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2021-03-29.
  4. "Ó DHÚCHAS: Ó throscadh go féasta faoi Cháisc…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  5. military.ie (2017-11-26). "Mórshiúl na Cásca 2016 | Óglaigh na hÉireann 2016 | Óglaigh na hÉireann Searmanais | Ionad Eolais | Home". na searmanais stáit chuí a eagrú chun comóradh a dhéanamh ar Chothrom Céad Bliain Éirí Amach na Cásca. ... Is í an pharáid mhíleata trí shráideanna lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar Dhomhnach Cásca an chuid lárnach de pháirt Óglaigh na hÉireann sa cheiliúradh i rith dheireadh seachtaine na Cásca. Sa bhliain 2016, bhí 3,722 duine de phearsanra Óglaigh na hÉireann agus na Seirbhísí Éigeandála páirteach ansin, 78 feithicil, 17 Eitleán chomh maith le bannaí máirseála agus meithleacha bratach in eagar searmanais.. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-26. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  6. George Hitchcock, (1904). ""Domhnach Cásca" In Brabant". the-athenaeum.org. Dáta rochtana: 2021-03-29.